21. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta le pleanáil teanga agus, go háirithe, leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53306/26]
Topics / Pleanáil Teanga
A subject heading for parliamentary questionsPleanáil Teanga
13 questions from 4 TDs, between 19 March 2025 and 14 July 2026.
13
questions
11 written, 2 oral
4
TDs have asked
2
parties and groups
Independents counted together
3
departments asked
Questions per month
The record holds no questions for August, when the Dáil does not sit.
Jan 2025Oct 2026
Show as a table
| Month | Questions |
|---|---|
| January 2025 | 0 |
| February 2025 | 0 |
| March 2025 | 1 |
| April 2025 | 0 |
| May 2025 | 6 |
| June 2025 | 0 |
| July 2025 | 0 |
| August 2025 | 0 |
| September 2025 | 0 |
| October 2025 | 0 |
| November 2025 | 0 |
| December 2025 | 1 |
| January 2026 | 0 |
| February 2026 | 0 |
| March 2026 | 2 |
| April 2026 | 1 |
| May 2026 | 1 |
| June 2026 | 0 |
| July 2026 | 1 |
| August 2026 | 0 |
| September 2026 | 0 |
| October 2026 | 0 |
Who asks, by party
The party each TD belonged to on the day, in alphabetical order. Parties differ a lot in size, and members of the Government answer questions rather than ask them, so this shows who raised it, not how much a party cares about it.
The TDs who asked most
Members of the Government answer questions rather than ask them. Each question counts once.
-
9
-
2
-
1
-
1
Asked of
Debated under the same heading
Debates whose official heading is exactly these words.
The questions
98. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfeiceann sé acmhainn i bhforbairt líonraí nua pobail Ghaeilge agus i dtabhairt aitheantais fhoirmiúil do phobail taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an bhfuil scrúdú déanta ag a Roinn ar thacaíochtaí nó ar bhearta beartais do cheantair ina bhfuil pobail láidre Ghaeilge agus Ghaelscolaíochta. [38387/26]
3499. D'fhiafraigh Deputy Shónagh Ní Raghallaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta céard iad na pleananna atá aige chun coinníollacha oibre na n-oifigeach pleanála teanga a fheabhsú. [25272/26]
25. D'fhiafraigh Deputy Naoise Ó Cearúil den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén creat monatóireachta a úsáidfear chun tionchar an chiste chaipitil cúig bliana a fógraíodh le déanaí ar éifeacht oifigigh phleanála teanga a mheas; an bhfoilseoidh a Roinn táscairí feidhmíochta bliantúla chun dul chun cinn tomhaiste i dtorthaí pleanála teanga ar fud na gceantar ainmnithe go léir a léiriú; a…
1580. D'fhiafraigh Deputy Shónagh Ní Raghallaigh den Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais an mbaileoidh sí sonraí maidir leis an teanga trína bhfeidhmíonn seirbhísí luathoideachais sa Stát chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht. [19800/26]
1. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén stádas atá ag na pleananna teanga i ngach Limistéar Pleanála Gaeltachta agus Baile Seirbhíse Gaeltachta; agus cén obair atá ar siúl chun an chéad ghlúin eile pleananna a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68522/25]
630. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sé achoimre ar an dul chun cinn atá déanta maidir le líon na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá ag feidhmiú go gníomhach faoi phleanáil teanga. [23387/25]
241. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na pleananna atá á réiteach ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta, i bhfianaise mhainneachtain leanúnach an Rialtais dul i ngleic le meath leanúnach úsáid na Gaeilge sna pobail sin. [21900/25]
242. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sé sonraí iomlána ar an maoiniú a cuireadh ar fáil don phleanáil teanga le deich mbliana anuas, briste síos de réir na limistéar pleanála teanga éagsúla, agus a mhíniú cén fáth a bhfuil easpa comhsheasmhachta agus méaduithe inbhuanaithe ar an gcistiú le feiceáil. [21901/25]
243. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta maidir le pleananna teanga atá i bhfeidhm faoi láthair a athbhreithniú, agus an aontaíonn sé nach bhfuil an Rialtas tar éis luas a chur leis an bpróiseas sin ná tiomantas soiléir a thaispeáint i ndáil leis, rud atá ag déanamh dochar d’fheidhmíocht na bpleananna sin. [21902/…
244. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sé a shoiléiriú cén fáth nach bhfuil méadú suntasach déanta ar an gcistiú don phleanáil teanga i bhfianaise na n-éileamh méadaithe agus an lagmhisnigh atá á léiriú ag pobail Ghaeltachta faoin tacaíocht atá ar fáil. [21903/25]
245. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nach raibh ábhar ríthábhachtach cosúil le soláthar tithíochta lárnach i bpleananna teanga go dtí seo, agus an dtabharfaidh sé gealltanas soiléir go gceartófar é sin i ngach plean amach anseo. [21904/25]
784. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeidh maoiniú ar fáil chun Oifigigh Pleanála Teanga a fhostú agus pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus coistí stiúrtha agus Oifigigh Pleanála Teanga fós ag fanacht le cinneadh faoin gcéad timthriall seacht mbliana eile de phleananna teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11232/25]