← Back to debate record, 2026-05-21
2026-05-21
Conor D. McGuinness
question
98. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfeiceann sé acmhainn i bhforbairt líonraí nua pobail Ghaeilge agus i dtabhairt aitheantais fhoirmiúil do phobail taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an bhfuil scrúdú déanta ag a Roinn ar thacaíochtaí nó ar bhearta beartais do cheantair ina bhfuil pobail láidre Ghaeilge agus Ghaelscolaíochta. [38387/26]
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
If invitations to the Minister and the Minister of State are what gets things done and gets investment happening, they are both very much invited to Dungarvan, hopefully with-----
Jerry Buttimer
(recorded as: Deputy Jerry Buttimer)
I was there last week.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
-----a load of funding to build a community centre. If it is big enough, we might even name it after the pair of them. An cheist ba mhaith liom a chur ar an Aire ná mar gheall ar phobal láidir Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá pobail nua ag fás ar fud na tíre, mar is eol dó, go minic bunaithe ar Ghaelscoileanna agus ar eagraíochtaí pobail. An bhfeiceann an tAire acmhainn i scéimeanna nua tacaíochta agus in aitheantas foirmiúil do phobail den chineál sin, áit a bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga phobail agus oideachais?
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an invitation go dtí Port Láirge. Beimid ann i gceann cúpla seachtain. Táim ag súil leis an gcuairt sin. Mar a dúirt mé, tá scéim le haghaidh árais phobail. Tá sé ag oscailt. Tá scéim le haghaidh árais phobail nua ag oscailt an bhliain seo chugainn. Beimid in ann é sin a reáchtáil. Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, tugtar aitheantas do líonra Gaeilge nuair a bhíonn pleananna teanga aontaithe acu lena bpobal. Ní mór do na pleananna sin na critéir pleanála teanga a chomhlíonadh le go dtabharfar an t-aitheantas cuí dóibh. Tá Foras na Gaeilge freagrach as tacú le heagraíochtaí maidir le hullmhúchán agus feidhmiú pleananna teanga sna líonraí Gaeilge. In 2015, fuair cúig cheantar aitheantas mar líonraí Gaeilge, is é sin go n-aithnítear iad mar cheantar taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge agus tacaíocht Stáit agus seirbhísí ar fáil don phobal sa teanga. Is iad na líonraí a fuair aitheantas ná Cluain Dolcáin, Baile Locha Riach agus Inis faoi Acht na Gaeltachta agus iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair faoin scéim neamhreachtúil atá á riar ag Foras na Gaeilge sa Tuaisceart. Feidhmíonn pobail na Gaeilge sna líonraí seo trí ghréasáin shóisialta agus bíonn ceanneagraíocht áitiúil i mbun forbartha ar na pobail ghréasáin sin. Is é an aidhm atá leis an scéim forbartha líonraí Gaeilge - scéim eile de chuid Fhoras na Gaeilge - ná an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn ceantair le béim faoi leith ar fhorbairt agus ar fheidhmiú pleananna teanga cuimsitheacha do na ceantair sin rannpháirteach sa scéim. Tá an bhéim sa scéim seo ar phleanáil níos fadtéarmaí agus níos straitéisí, de réir phrionsabail na pleanála teanga. Bítear ag súil go mbeadh sé mar chuspóir ag an iarratasóir aitheantas mar líonra Gaeilge a ghnóthú amach anseo don cheantar atá rannpháirteach sa scéim. Cur chuige céimnitheach atá beartaithe sa scéim seo; dá réir sin, aithnítear trí chéim forbartha - ardchéim, meánchéim agus bunchéim.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Aontaím leis an Aire go bhfuil an Ghaeltacht lárnach agus go bhfuil pobail Ghaeilge breá bríomhar fud fad na tíre seo ó Thuaidh agus ó Dheas. Caithfimid an Ghaeltacht a chosaint, a chothú agus a neartú. Níor cheart go mbeadh cosaint agus fás curtha i gcoinne a chéile. Tá gá le seasamh cosanta cinnte mar gheall ar an 100 bliain d’fhaillí an Stáit seo i dtaobh na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta. Tá gá freisin le fís fháis - fís atá uaillmhianach. Ní leor a rá go gcaithfimid an méid atá fágtha a shábháil. Caithfimid oibriú i dtreo pobal nua, líonraí nua, spásanna nua agus todhchaí níos leithne don Ghaeilge. Nílim ag déanamh glaoch inniu mar gheall ar theorainneacha na Gaeltachta a athrú nó a leathnú láithreach, ach táim ag iarraidh go mbeidh an tAire ag glacadh leis an bprionsabal go bhfuil pobail láidre Ghaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht ar fiú iad a aithint agus tacú leo. Baineann sé sin le stádas chomh maith, b’fhéidir stádas Gaeltachta nó stádas ar leith taobh leis an nGaeltacht. Táim ag smaoineamh ar na bailte seirbhíse Gaeltachta atá taobh leis an nGaeltacht, agus, i gceantair áirithe, laistigh den Ghaeltacht, agus na líonraí ó Thuaidh agus ó Dheas.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Aontaím go mór leis an Teachta. Beidh sé suimiúil é sin a phlé lá eile. Faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge i mo Roinn, cuirtear maoiniú suntasach ar fáil do thionscnaimh éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Déantar sin trí eagraíochtaí, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gaeloideachas, Gael Linn agus Oireachtas na Gaeilge. Faigheann na heagraíochtaí sin a mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tugann mo Roinn maoiniú breise dóibh le haghaidh tionscnaimh straitéiseacha chun úsáid na teanga a chur chun cinn. I nGael Linn tá an scéim Gaelbhratach do scoileanna. I nGlór na nGael, tá scéim teanga tí ag cur úsáid na Gaeilge sa bhaile chun cinn. Úsáideann Conradh na Gaeilge an ciste spreagtha a chothaíonn úsáid na teanga ag imeachtaí pobail thart ar sheachtain na Gaeilge. Tá maoiniú ag Gaeloideachas chun earnáil na luathblianta Gaeilge a fhorbairt. Tá maoiniú suntasach ag Oireachtas na Gaeilge chun na healaíona teangabhunaithe agus líonra Gaeilge sna seirbhísí poiblí a fhorbairt. Tá a lán slite ina bhfuilimid ag cuidiú leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Aontaím leis an Teachta go bhfuil deiseanna agus fuinneamh ag cúrsaí Gaeilge ag an bpointe seo. Caithfimid cuidiú leis sin agus é a spreagadh. Tá sé i ngach cuid den tír. Is é sin an rud is tábhachtaí dom.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Cé go bhfuil an dualgas orainn an Ghaeltacht a chosaint agus tá an Ghaeilge rófhada faoi chosaint ar pháipéar agus faoi bhrú sa saol fíor amach ansin, tá gá anois an chéim uaillmhianach chun tosaigh a ghlacadh. Tá an-taithí agam ar na scéimeanna, na tionscadail agus na heagrais ar leith atá ag obair ar an talamh agus atá ag fás an phobail sin agus ag tacú leis an bpobal leis an nGaeilge a bheith mar theanga chumarsáide inár dteaghlaigh i mbailte, i sráidbhailte, i scoileanna agus sa phobal i gcoitinne. Caithfimid an stádas agus an t-infreastruchtúr a chur timpeall air sin ionas gur féidir linn a rá go bhfuilimid ag cosaint ár gceantair Ghaeltachta agus an fás nua seo chomh maith don todhchaí ionas gur féidir linn an Ghaeltacht - pobal mór lucht labhartha teanga na tíre seo - ní hamháin a chosaint ach a mhéadú amach anseo agus an fhís uaillmhianach sin a bheith ann. Is cinnte go mbaineann sé sin le hacmhainní, agus acmhainní sa bhreis ar an méid atá dáilte amach ag an Rialtas go dtí seo. Tá sé bainteach le cúrsaí stádais agus aitheantais chomh maith.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tuigim an dualgas an Ghaeilge nó an Ghaeltacht a chosaint. Tá sé sin lárnach i mo chuid oibre. B’fhéidir go mbeidh seans againn an tsuirbhé shuimiúil ó Fhoras na Gaeilge, a foilsíodh an tseachtain seo, a phlé sa Teach. Leagann sé amach figiúirí an-úsáideacha don chomhrá seo. Leagann sé dúshlán amach agus cuireann sé na figiúirí ar fáil. Is é seo an chéad uair go bhfuil an t-eolas againn ar na dearcthaí sin agus beimid in ann cuidiú leis seo. Mar a dúirt mé, tá na scéimeanna ann. Táimid ag cuidiú le daoine Gaeilge a úsáid taobh amuigh den Ghaeltacht. Labhair mé faoi na scéimeanna sin freisin. Tá gradaim ghnó Ghlór na nGael ann do dhaoine atá in ann Gaeilge a úsáid gach lá agus iad i mbun gnó – i ngnóthaí beaga agus iad ag siopadóireacht. Tá sé sin tábhachtach freisin. Beidh mé i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn le haghaidh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, scéim iontach a thugann aitheantas agus cuidiú do chomhlachtaí atá i nGaillimh ach taobh amuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a úsáid i príomhchathair na Gaeilge. Tá an scéim sin tábhachtach. Beimid in ann an Ghaeilge a cheiliúradh taobh amuigh den Ghaeltacht anseo.