630. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sé achoimre ar an dul chun cinn atá déanta maidir le líon na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá ag feidhmiú go gníomhach faoi phleanáil teanga. [23387/25]
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions under the heading Pleanáil Teanga.
7 questions match, newest first.
241. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na pleananna atá á réiteach ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta, i bhfianaise mhainneachtain leanúnach an Rialtais dul i ngleic le meath leanúnach úsáid na Gaeilge sna pobail sin. [21900/25]
242. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sé sonraí iomlána ar an maoiniú a cuireadh ar fáil don phleanáil teanga le deich mbliana anuas, briste síos de réir na limistéar pleanála teanga éagsúla, agus a mhíniú cén fáth a bhfuil easpa comhsheasmhachta agus méaduithe inbhuanaithe ar an gcistiú le feiceáil. [21901/25]
243. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta maidir le pleananna teanga atá i bhfeidhm faoi láthair a athbhreithniú, agus an aontaíonn sé nach bhfuil an Rialtas tar éis luas a chur leis an bpróiseas sin ná tiomantas soiléir a thaispeáint i ndáil leis, rud atá ag déanamh dochar d’fheidhmíocht na bpleananna sin. [21902/…
244. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sé a shoiléiriú cén fáth nach bhfuil méadú suntasach déanta ar an gcistiú don phleanáil teanga i bhfianaise na n-éileamh méadaithe agus an lagmhisnigh atá á léiriú ag pobail Ghaeltachta faoin tacaíocht atá ar fáil. [21903/25]
245. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nach raibh ábhar ríthábhachtach cosúil le soláthar tithíochta lárnach i bpleananna teanga go dtí seo, agus an dtabharfaidh sé gealltanas soiléir go gceartófar é sin i ngach plean amach anseo. [21904/25]
784. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeidh maoiniú ar fáil chun Oifigigh Pleanála Teanga a fhostú agus pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus coistí stiúrtha agus Oifigigh Pleanála Teanga fós ag fanacht le cinneadh faoin gcéad timthriall seacht mbliana eile de phleananna teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11232/25]