336. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige ós rud é go ndúirt oifigigh sa Roinn Oideachais, le linn an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla a chur le chéile, go gcuirfear beartas amháin le chéile chun an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla agus don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chuimsiú, an …
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions asked by Aengus Ó Snodaigh under the heading Oideachas trí Ghaeilge.
23 questions match, newest first.
337. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an gcreideann sí gur cheart an aird agus an tacaíocht chéanna a thabhairt do leanaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge, go háirithe nuair nach í a bpríomhtheanga í sa bhaile agus nuair a thagann formhór acu ó theaghlaigh nach labhraítear Gaeilge líofa iontu, agus a thugtar do leanaí nach í an Béarla a gcéad teanga faoi chritéir an Bhéarla mar …
338. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an aontaíonn sí gur cheart na cóimheasa céanna idir daltaí agus múinteoirí a chur ar fáil do Ghaelscoileanna is a gcuirtear ar fáil do na scoileanna DEIS mar gheall ar na dúshláin atá le foghlaim an churaclaim trí mheán na Gaeilge, agus cad a dhéanfaidh sí chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo [48972/26]
411. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cén fáth nach bhfuil an méadú ar an gcóimheas idir daltaí agus múinteoirí a cuireadh i bhfeidhm i nGaelscoileanna in 2012 ar chúiseanna déine aisiompaithe ó shin, go háirithe anois agus an liúntas do mhúinteoirí bunscoile i nGaelscoileanna a baineadh ag an am sin curtha ar fáil arís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49718/26]
188. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cén slat tomhais atá nó a bhéas á úsáid chun éileamh do Ghaelcholáistí nua a mheas, an é líon na nGaelscoileanna nó na bpáistí scoile ag teacht astu a bheadh ceangailte leis, nó an leanfar ag tabhairt neamhaird ar chearta daoine óga leanúint lena gcuid oideachais tré Ghaeilge ag leibhéal na meánscolaíochta tar éis dóibh freastail ar Ghaelscoil; …
191. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige ar lorg sí nó na hAirí roimpi comhairle ón Ard-Aighne maidir leis an dlisteanacht a bhaineann le cearta oideachais tré Ghaeilge a shéanadh do pháistí scoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44739/26]
82. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an bhfuil an tOrdú ón Aire a d’eisigh an tAire Joe McHugh fós i bhfeidhm, arbh Ordú é inar treoraíodh gur Gaelscoil a bheidh in aon scoil nua a bhunófar mura raibh Gaelscoil sa Cheantar Pleanála Oideachais cheana, agus sa chomhthéacs sin ar thuig sí agus í ag freagairt cheist 40807/26 ar 28/05/2026 nach bhfuil aon Ghaeloideachas i gCeantar Pleaná…
915. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cé mhéad airgid caipitil a caitheadh ar thionscadail chaipitil i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla in 2025 [43389/26]
916. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cé mhéad airgid caipitil a caitheadh ar thionscadail chaipitil i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge arna miondealú don bhliain 2025 [43390/26]
917. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an bhfuil na sonraí den mhéid airgid caipitil a caitheadh gach uile bhliain ó 2001 go dtí 2024 ar thionscadail chaipitil i scoileanna Béarla a bhíos á lorg i gceisteanna 93 agus 94 ó 9 Aibreán 2026 ar fáil go fóill [43391/26]
98. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Education and Youth cad iad na céimeanna atá glactha aici chun éileamh ar Ghaelscolaíocht ag an mbunléibhéal a shásamh i mBaile Átha Cliath 10 agus 12, agus an bhfuil sé i gceist aici Gaelscoil/eanna a oscailt chun an t-éileamh sin a shásamh i mbliana nó amach anseo. [40807/26]
123. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an méadóidh sí líon na n-áiteanna, nó an gcuirfidh sí maoiniú ar fáil do na coláistí ábhartha chun é sin a dhéanamh, chun a chinntiú gur féidir le haon mhac léinn a chomhlíonann na riachtanais iontrála do chúrsaí an Bhaitsiléara san Oideachas trí mheán na Gaeilge áit a fháil ar na cúrsaí seo; an aontaíonn an tAire go bhfuil ganntanas ollmhór múi…
50. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé fós den tuairim nach dteastaíonn cúrsaí ollscoile breise trí Ghaeilge chun an sprioc 20% earcaíochta a bhaint amach don státseirbhís, i gcomhthéacs an méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga; an bhfuil sé ar an eolas faoi thoil na n-institiúidí tríú leibhéal cúrsaí breise a sholáthar trí Ghaeilge…
193. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Education and Youth na ceantair pleanála scoile sa Stát nach bhfuil bunscoil lánGhaeilge iontu a ainmniú, agus cad iad na bearta i ngach cás acu atá déanta ag a Roinn chun an bearna sin a líonadh [10905/26]
97. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science an nglacann sé go bhfuil ag teip ar na hinstitiúidí tríú leibhéal a ndóthain cúrsaí as Gaeilge sna hábhair éagsúla a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh go leor céimithe ar fáil chun an 20% d’fholúntais sa státchóras a líonadh faoi 2030; cad atá déanta ag a Roinn chun cuidiú leis na h-institiúi…
159. Deputy Aengus Ó Snodaigh asked the Minister for Education and Youth an bhfuil aon phlean aici chun Gaelscoil nó Gaelcholáiste nua a oscailt, nó scoil reatha a iompú ina Gaelscoil nó ina Gaelcholáiste, an bhliain seo chugainn nó sna blianta ina dhiaidh sin, bunaithe ar an éileamh ó thuismitheoirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [70852/25]
68. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Education and Youth conas a chinnteoidh sí nach mbeidh an suirbhé náisiúnta ar thuismitheoirí maidir le soláthar agus rogha scoileanna claonta maidir leis an teanga teagaisc, i gcomhthéacs na buairte atá léirithe ag comhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas in…
83. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Education and Youth cathain a fhoilseofar an polasaí don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an dtabharfaidh sí uasdátú maidir leis an staid ag a bhfuil an polasaí sin. [59712/25]
58. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science cé na bearta atá sé chun a dhéanamh chun tabhairt faoina laghad cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge atá á dtairiscint ag forais tríú leibhéal atá á maoiniú ag an Stát. [54512/25]
125. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige na céimeanna atá glactha aici chun déileáil leis an easpa téascleabhar as Gaeilge atá ar fáil do dhaltaí Ghaelcholáistí an Stáit ionas gur féidir leo, ar comhchéim le daltaí i gcoláistí Béarla, staidéar i nGaeilge a dhéanamh ar na hábhair don Teastas Sóisearach nó don Ardteistiméireacht [38422/25]
61. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cad iad na céimeanna a bhfuil sé chun iad a ghlacadh chun níos mó cursaí trí Ghaeilge, seachas an Ghaeilge féin, a chur ar fáil do mhic léinn in institiúidí breisoideachais agus ardoideachais. [26193/25]
1055. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cathain atá sí chun buaileadh le heagraíocht ainmnithe (sonraí tugtha) mar a bhí geallta aici agus ag an iar-Aire roimpi chun ceisteanna agus comhrá a thosnú maidir le réiteach a fháil ar cheisteanna praicticiúla a bhaineann leis an chinneadh an Gaelcholáiste a thosnú i gceantar eile i Meán Fómhair 2026. [21049/25]
27. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais Chun a fhiafraí den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici a chinntiú go gcloífear leis an ngeallúint do dhaltaí Gaelscoile i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 go mbeidh Gaelcholáiste acu le tosú ann i scoilbhlian 2026-2027 i gcomhthéacs an diúltaithe atá déanta ag scoil ainmnithe (sonraí tugtha) don réiteach a bhí fógartha ag a Roinn; an dta…