3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé tar éis labhairt leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an ísliú a thiocfaidh ar chéatadán na dtithe lena mbainfidh coinníollacha teanga i bhforbairtí ilaonad i gceantair Ghaeltachta mar thoradh ar an dréachtráiteas náisiúnta pleanála don tithíocht inbhuanaithe tuaithe agus Gae…
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions asked by Aengus Ó Snodaigh under the heading Cúrsaí Tithíochta.
8 questions match, newest first.
134. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cé na céimeanna ar leith atá glactha ag a Roinn le 10 mbliana anuas chun an cruachás tithíochta sa Ghaeltacht a éascú do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag iarraidh tithe a fháil ar cíos, a cheannach nó a thógaint. [47280/26]
1795. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an nglacann sé leis an gcáineadh ar chur chuige an Rialtais sa rún a d’aontaigh an Dáil maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ag tús mhí an Mhárta, agus an bhfuil sé i gceist aige gníomhú dá réir. [26354/26]
1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an gcáineadh ar chur chuige na Roinne sa rún a d’aontaigh an Dáil maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ag tús mhí an Mhárta, agus an bhfuil sé i gceist aige gníomhú dá réir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22301/26]
168. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cathain a bheidh reachtaíocht ann a chuideoidh i gceart le comhairlí áitiúla deileáil lena dtionóntaithe atá ag gabháil d’iompar frithshóisialta agus, más gá, díshealbhú a dhéanamh orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17739/26]
184. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tithíocht cathain a ghlacadh an LDA seilbh ar na tailte faoi stiúir an Mol Digiteach i mBaile Átha Cliath 8 atá aitheanta aca ar mhaithe le títhíocht ach go bhfuil cáin zónáil tithíocht á dhíol ag an Mol ortha de thairbhe moill an LDA seilbh a ghlacadh ortha agus an féidir leis trácht ar an gceist [17795/26]
46. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste and Minister for Finance an bhfuil aon machnamh déanta ag a Roinn ar bhealaí chun faoiseamh cánach a úsáid chun tacú le teaghlaigh le Gaeilge teach a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht chun tacú le hiarrachtaí pleanála teanga agus le hinmharthanacht na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [64629/25]
3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige aon deontais a chur ar fáil arís de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta; agus an bhfuil sé tar éis an chumhacht seo a phlé leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. [68523/25]