Parliamentary questions

Questions

TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work

Browse the questions

Clear

Showing questions asked by Aengus Ó Snodaigh under the heading An Teanga Gaeilge.

24 questions match, newest first.

Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
936. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le seirbhís chomhroinnte aistriúcháin mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh torthaí an staidéir sin ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68456/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
937. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le moil seirbhíse agus clinicí le haghaidh seirbhísí poiblí i nGaeilge, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh torthaí an staidéir sin ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68455/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
938. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil córas curtha i bhfeidhm maidir le cóitseálaithe teanga agus curaidh theanga mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68458/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
939. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an gcóras ilphointe aitheantais do dhaoine le Gaeilge sa státchóras mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh an córas sin i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68457/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
940. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil grúpa oibre earnála don tríú leibhéal ceaptha, nó faoi cén dáta a gceapfar é, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68460/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
941. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le rogha teanga na saoránach a chlárú in aon áit amháin, agus faoi cén dáta a mbeidh torthaí ar fáil ina leith, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68459/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 14 Jul 2026 · to Rural
27. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tacú leis an bhfeachtas Athghaelú atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge trí logainmneacha Gaeilge a úsáid gach uair is féidir, fiú i gcumarsáid trí Bhéarla [53303/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 25 Mar 2026 · to Rural
472. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén tacaíocht ón Ciste Oileán Roinnte atá tar éis bheith dáilithe aige ar fiontair Gaeilge aige, de réir méid agus céadatán den iomlán sa bhuiséad sa Choiste chuile bliain ó bhunaigh sé é maidir leis and Ghaeilge. [23930/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 5 Feb 2026 · to Rural
15. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an athbhreithniú ar phleananna teanga sa Ghaeltacht go bhfuil staid "éigeandála sa Ghaeltacht" agus géarghá le gníomh "práinneach" le dul i ngleic le meath na teanga sa phobal; an gcuirfidh an Rialtas moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm ina n-iomlán; an féidir leis na botúin a bhí le ceart…
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Feb 2026 · to Housing
688. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta céard é líon na n-oifigeach forbartha Gaeilge (coibhéis lánaimseartha), i bhfoirm tábla, atá fostaithe ag gach údarás áitiúil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8516/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 16 Oct 2025 · to Further and Higher Education
60. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science cén plean atá aige chun a chinntiú go mbeidh dóthain céimithe inniúlacha a bhfuil Gaeilge acu ann chun gur féidir leis an Státchóras cloí le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeadh 20 faoin gcéad de phoist folmha líonta ó 2030 ar aghaidh ag Gaeilgeoirí líofa.; agus an ndéanf…
Aengus Ó Snodaigh Written 17 Jul 2025 · to Education
135. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an aontaíonn sí go bhfuil líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na meánscolaíochta as alt go hiomlán agus ag déanamh scigmhagadh den riachtanas gur gá do chuile dhalta an Ghaeilge a bheith mar ábhar acu mar chuid dá meánscolaíocht, agus cén céimeanna atá glactha aici chun an líon sin a ísliú. [384…
Aengus Ó Snodaigh Written 25 Jun 2025 · to Children
166. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais an bhfuil sé mar riachtanas ag naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta go mbeidh tús áite ag páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, ó tharla gurb é sin an dea-chleachtas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34587/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 25 Jun 2025 · to Rural
249. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta bhfuil sé mar riachtanas ag naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta go mbeidh tús áite ag páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, ó tharla gurb é sin an dea-chleachtas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34586/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 22 May 2025 · to Public Expenditure
185. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe an bhfuil leagan Gaeilge de na “Guidelines for the Responsible Use of Artificial Intelligence in the Public Service” a foilsíodh an 12 Bealtaine 2025 i mBéarla amháin; ar baineadh aon leas as an intleacht shaorga agus na treoirlínte sin á scríobh; an taighde a fhoilsiú a bhí mar bhunú…
Aengus Ó Snodaigh Written 22 May 2025 · to Health
366. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte an bhfuil sé i gceist aici aird a dhíriú ar stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil, de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, agus í ag déanamh uasdátú ar rialacháin a bhaineann le faisnéis bia a thabhairt do thomhaltóirí, de réir rialacháin an Aontais Eorpaigh; an bhfuil sí chun glacadh le lipéid aonteangacha Bhéarla gan Ghaeilge, mar atá fógar…
Aengus Ó Snodaigh Written 8 Apr 2025 · to Education
123. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an dtabharfaidh sí na spriocdhátaí measta agus amchlár maidir le foilsiú nó cur i bhfeidhm gach ceann de na 13 bheartas mholta mar éileamh a bhrúigh sí féin trí rún Dála ar an 5ú Márta 2025. [17117/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 8 Apr 2025 · to Education
124. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil sí buartha go bhfuil an laghdú leanúnach atá déanta ar líon na n-uaireanta teagaisc sa Ghaeilge i scoileanna lánBhéarla tar éis a chinntiú nach bhfaighidh daltaí sna scoileanna seo líon leordhóthanach uaireanta chun bunchumas sa teanga a bhaint amach; an ndearna a Roinn anailís eolaíoch maidir leis an líon uaireanta teagaisc atá ag teastáil ó dh…
Aengus Ó Snodaigh Written 3 Apr 2025 · to Public Expenditure
119. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe cad atá beartaithe aige chun an státsheirbhís a ullmhú leis an dualgas reachtúil maidir le sprioc earcaíochta go mbeidh Gaeilge ag 20% de státseirbhísigh faoi 2030 a chur i ngníomh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16049/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 1 Apr 2025 · to Taoiseach
111. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach cad é líon foirne a Roinne agus cé mhéad díobh sin atá inniúlach sa Ghaeilge; agus cad iad na bearta atá á ndéanamh aige agus ag a Roinn chun an céatadán Gaeilgeoirí sin a ardú. [9982/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 19 Mar 2025 · to Foreign
122. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha aon bhuntáistí, idir chinn dhíreacha (poist arna gcruthú sna Forais Eorpacha, srl) agus chinn indíreacha a bhaineann le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil iomlán de chuid an Aontas Eorpaigh a chur in iúl, agus ar féidir leis trácht ar an gceist. [11776/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 19 Mar 2025 · to Tourism
791. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon fhigiúirí ag Rialtas na hÉireann a léiríonn na buntáistí eacnamaíocha éagsúla a bhaineann le stádas oibre oifigiúil iomlán san Aontas Eorpach don Ghaeilge, anuas ar an 220 aistritheoir, dlítheangeolaí agus ateangaire Gaeilge atá fostaithe. [11774/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 19 Mar 2025 · to Tourism
792. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na buntáistí indíreacha ar thionscal na Gaeilge i gcoitinne (teicneolaíocht teanga san áireamh) a bhaineann le stádas oibre oifigiúil iomlán san Aontas Eorpach don Ghaeilge. [11775/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 19 Mar 2025 · to Tourism
793. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon taighde a léiríonn conas a d’fheidhmigh stádas iomlán oibre AE chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú, agus chun muinín cainteoirí Gaeilge chun í a úsáid a mhéadú, agus an féidir leis trácht ar an gceist. [11777/25]