Parliamentary questions

Questions

TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work

Browse the questions

Clear

Showing questions asked by Aengus Ó Snodaigh under the heading Acht na dTeangacha Oifigiúla.

9 questions match, newest first.

Aengus Ó Snodaigh Written 20 May 2026 · to Rural
339. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cad é an dáta faoina ndéanfar comhlachtaí poiblí a fhorordú de réir Alt 9A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ionas go mbeidh dualgas orthu ainm agus seoladh duine i nGaeilge ina mbeidh síntí fada a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, an bhfuil aon chomhlachtaí poiblí nach bhfuil sé i gceist aige iad a fhorordú faoi al…
Aengus Ó Snodaigh Written 16 Apr 2026 · to Public Expenditure
61. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Public Expenditure, Infrastructure, Public Service Reform and Digitalisation cad iad na céimeanna atá glactha ag a Roinn chun a chinntiú go bhfuil coinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021 á gcomhlíonadh maidir le córais dhigiteacha na seirbhísí poiblí ar líne a bheith á gcur ar fáil go dátheangach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27094/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 26 Mar 2026 · to Rural
26. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an dáta faoina mbeidh comhlachtaí poiblí forordaithe de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ionas go mbeidh dualgais orthu maidir le taifead agus úsáid cheart ainmneacha daoine le síntí fada; an bhfuil dearcadh ag a Roinn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Ú…
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Feb 2026 · to Rural
1228. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil ar údaráis áitiúla ar a laghad duine amháin ar bhonn coibhéis lánaimseartha a bheith fostaithe acu chun obair ar fhorbairt na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8517/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 6 Mar 2025 · to Tourism
20. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh gach foráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 curtha i bhfeidhm iarbhír ag an Rialtas, agus an aithníonn sé go bhfuil an dlí sin á shárú faoi láthair. [10187/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Mar 2025 · to Tourism
416. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil comhlachtaí forordaithe don dualgas chun ainm agus seoladh Gaeilge an duine, síntí fada san áireamh, a úsáid agus a thaifead i gceart, de réir Alt 9A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar a leasaíodh i 2021; má tá, cén comhlachtaí atá an dualgas seo orthu; muna bhfuil, cén dáta faoina mbeidh …
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Mar 2025 · to Tourism
417. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nár roghnaíodh dáta go fóill faoina mbeidh oifigigh státsheirbhíse ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht de réir an amchláir atá leagtha amach in Alt 18E d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021; agus an dtabharfaidh sé an dáta faoina roghnóidh sé dáta. [9236/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Mar 2025 · to Tourism
418. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm a dhéanfaidh seirbhísí a shainaithint agus straitéis a shonrú de réir Alt 18C d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021, agus atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair nach ndéan…
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Mar 2025 · to Tourism
419. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh na Caighdeáin Teanga foilsithe de réir Alt 19A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021; an bhfuil na Caighdeáin dréachtaithe go fóill mar a bhí geallta roimh achtú an Achta sin in 2021; agus an mbeidh feidhm fós ag Scéimeanna Teanga na gcomhlachtaí poiblí go dt…