Parliamentary questions

Questions

TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work

Browse the questions

Clear

Showing questions asked by Conor D. McGuinness under the heading Seirbhísí trí Ghaeilge.

6 questions match, newest first.

Conor D McGuinness Written 24 Sep 2025 · to Transport
8. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Transport maidir le líon na dtiománaithe foghlama i gContae Phort Láirge atá ar liosta chun a dtástálacha a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus é sin a dhéanamh do gach catagóir cheadúnais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50535/25]
Conor D McGuinness Written 24 Sep 2025 · to Transport
9. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Transport maidir leis an meántréimhse feithimh i ngach contae do thiománaithe foghlama atá ar liosta feithimh chun a dtástálacha a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, do gach catagóir cheadúnais; an mheántréimhse sin a chur ar fáil i bhfoirm thábla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50536/25]
Conor D McGuinness Written 24 Sep 2025 · to Transport
10. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Transport maidir le líon na scrúdaitheoirí tiomána atá cáilithe i ngach contae chun scrúdú a dhéanamh ar thiománaithe foghlama trí mheán na Gaeilge; an líon sin a chur ar fáil i bhfoirm thábla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50537/25]
Conor D McGuinness Written 24 Sep 2025 · to Transport
11. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Transport cén gníomh a dhéanfaidh sé chun na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil chun dul i ngleic leis na hamanna feithimh do dhaoine, agus leis na moilleanna a bhíonn ar na daoine sin, ar mian leo a dtástálacha tiomána a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50538/25]
Conor D McGuinness Written 24 Sep 2025 · to Transport
12. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Transport cén gníomh a dhéanfaidh sé chun freastal a dhéanamh ar dhaoine ar mian leo a dtástálacha tiomána a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ag Ionad Tástála Dhún Garbhán, ar daoine iad a bhíonn ag fanacht i bhfad níos faide ná daoine ar mian leo a dtástálacha tiomána a dhéanamh i mBéarla agus é curtha san áireamh gur cathair seirbhíse oifigiúil í Dún Garbhán…
Conor D McGuinness Written 13 May 2025 · to Tourism
629. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé na hacmhainní nua atá curtha ar fáil chun cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a threisiú. [23386/25]