137. D'fhiafraigh Deputy Liam Quaide den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas atá sé i gceist aige tacú le gealltanas fostaíochta fiche faoin gcéad laistigh d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16183/25]
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions under the heading Acht na dTeangacha Oifigiúla.
6 questions match, newest first.
20. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh gach foráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 curtha i bhfeidhm iarbhír ag an Rialtas, agus an aithníonn sé go bhfuil an dlí sin á shárú faoi láthair. [10187/25]
416. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil comhlachtaí forordaithe don dualgas chun ainm agus seoladh Gaeilge an duine, síntí fada san áireamh, a úsáid agus a thaifead i gceart, de réir Alt 9A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar a leasaíodh i 2021; má tá, cén comhlachtaí atá an dualgas seo orthu; muna bhfuil, cén dáta faoina mbeidh …
417. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nár roghnaíodh dáta go fóill faoina mbeidh oifigigh státsheirbhíse ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht de réir an amchláir atá leagtha amach in Alt 18E d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021; agus an dtabharfaidh sé an dáta faoina roghnóidh sé dáta. [9236/25]
418. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm a dhéanfaidh seirbhísí a shainaithint agus straitéis a shonrú de réir Alt 18C d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021, agus atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair nach ndéan…
419. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh na Caighdeáin Teanga foilsithe de réir Alt 19A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar a leasaíodh in 2021; an bhfuil na Caighdeáin dréachtaithe go fóill mar a bhí geallta roimh achtú an Achta sin in 2021; agus an mbeidh feidhm fós ag Scéimeanna Teanga na gcomhlachtaí poiblí go dt…