238. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeidh seilbh ag an Aire ar an uirlis nua intleachta saorga atá á maoiniú ag a Roinn, trí Údarás na Gaeltachta, nuair a bheidh an uirlis críochnaithe; an mbeidh seilbh ag an Aire ar chearta na sonraí a chuirfear isteach agus a eascróidh ón uirlis nuair a bheidh sí críochnaithe; an bhfuil aon chinnteac…
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions under the heading Údarás na Gaeltachta.
14 questions match, newest first.
239. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar an eolas faoi líomhaintí, pléite ar Tuairisc.ie, gur bhain Údarás na Gaeltachta úsáid as intleacht shaorga chun íomhánna a fhorbairt d’fheachtais fógraíochta; an aontaíonn sé mar Aire atá freagrach as Ealaíona na hÉireann gur chóir d’eagrais stáit faoi chúram a Roinne saothar grianghrafad…
246. D'fhiafraigh Deputy Naoise Ó Cearúil den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán plé a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá déanta aige maidir le comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus le páirtithe leasmhara eile chun feabhas a chur ar sheirbhísí tithíochta agus pobail i bpobail Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26191/25]
110. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Uimhir 45 an 6 Márta 2025 agus Ceist Uimhir 9 an 19 Meán Fómhair 2024, an dtabharfaidh sé soiléiriú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le tionscnaimh thithíochta atá faoi chaibidil ag Údarás na Gaeltachta i gcúig shuíomh i Rinn Ó gCuanach, Contae Phort Láirge, ar an gCeathrún Rua, Con…
130. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhféadfaidh sé soiléiriú a thabhairt maidir leis an moill atá curtha ag a Roinn ar fhoilsiú na tuairisce is déanaí maidir le ról Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta sa Ghaeltacht agus maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann leis sin. [17877/25]
131. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na céimeanna atá glactha ag an Roinn le dhá bhliain anuas chun cumhachtaí breise a bhronnadh ar Údarás na Gaeltachta chun roinnt freagrachtaí maidir le soláthar suíomhanna do thithíocht shóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil le linn na géarchéime tithíochta atá sa tír. [17878/25]
132. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na comhráite a bhí ann idir é féin agus an tAire Tithíochta maidir le ceist an tsoláthair tithíochta sa Ghaeltacht agus leis an ról a bheidh ag an Údarás sa cheist seo amach anseo. [17879/25]
133. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na comhráite a bhí ann idir é féin agus Údarás na Gaeltachta maidir le ceist an tsoláthair tithíochta sa Ghaeltacht agus leis an ról a bheidh ag an Údarás sa cheist seo amach anseo. [17880/25]
786. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta a fhoilseoidh Údarás na Gaeltachta na pleananna atá ullmhaithe aige chun tithíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11234/25]
45. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Uimhir 9 den 19 Meán Fómhair, an ndéanfaidh sé soiléiriú a thabhairt ar an tionscnaimh títhíochta atá faoi chaibidil ag Údarás na Gaeltachta i gcúig shuíomh i Rinn Ó gCuanach, Contae Phort Láirge, ar an gCeathrú Rua, Contae na Gaillimhe agus i gCarraig an tSeascainn, Gaoth Dobhair, Contae…
482. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le ceann de na príomhspriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030, is é sin an líon cainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú, an dtabharfaidh sé soiléiriú ar an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn chun a chinntiú go bhfuil na gníomhaíochtaí atá luaite sa…
483. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhthéacs an Ráitis Deireadh Bliana, 2024 ó Údarás na Gaeltachta, an dtabharfaidh sé soiléiriú ar an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á nascadh le forbairt na Gaeltachta; go bhfuil caiteachas an Údaráis sa Ghaeltacht ag réiteach leis an tionch…
327. Deputy Tom Brabazon asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if there are any plans for Údarás na Gaeltachta to be given statutory powers and resources for it to establish a housing section, to enable it to purchase land, obtain planning permission and provide necessary services in order to develop housing for Irish speakers. [4549/25]
329. Deputy Tom Brabazon asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if there are plans to develop a Gaeltacht population and housing strategy for each Gaeltacht language planning area with clear, measurable targets to ensure the sustainable growth of the Gaeltacht communities and to ensure an appropriate supply of housing to support that growth. [4552/25]