Parliamentary questions

Questions

TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work

Browse the questions

Clear

Showing questions under the heading An Teanga Gaeilge.

22 questions match, newest first.

Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
936. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le seirbhís chomhroinnte aistriúcháin mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh torthaí an staidéir sin ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68456/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
937. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le moil seirbhíse agus clinicí le haghaidh seirbhísí poiblí i nGaeilge, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh torthaí an staidéir sin ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68455/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
938. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil córas curtha i bhfeidhm maidir le cóitseálaithe teanga agus curaidh theanga mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68458/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
939. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an gcóras ilphointe aitheantais do dhaoine le Gaeilge sa státchóras mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus an dáta faoina mbeidh an córas sin i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68457/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
940. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil grúpa oibre earnála don tríú leibhéal ceaptha, nó faoi cén dáta a gceapfar é, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68460/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 29 Sep 2026 · to Rural
941. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha leis an staidéar indéantachta maidir le rogha teanga na saoránach a chlárú in aon áit amháin, agus faoi cén dáta a mbeidh torthaí ar fáil ina leith, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68459/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 14 Jul 2026 · to Rural
27. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas tacú leis an bhfeachtas Athghaelú atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge trí logainmneacha Gaeilge a úsáid gach uair is féidir, fiú i gcumarsáid trí Bhéarla [53303/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 25 Mar 2026 · to Rural
472. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén tacaíocht ón Ciste Oileán Roinnte atá tar éis bheith dáilithe aige ar fiontair Gaeilge aige, de réir méid agus céadatán den iomlán sa bhuiséad sa Choiste chuile bliain ó bhunaigh sé é maidir leis and Ghaeilge. [23930/26]
Shónagh Ní Raghallaigh Written 10 Feb 2026 · to Rural
1275. Deputy Shónagh Ní Raghallaigh asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráitéas maidir le dul chun cinn na n-iarratas ar líonraí Gaeilge atá istigh faoi láthair. [9651/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 5 Feb 2026 · to Rural
15. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an athbhreithniú ar phleananna teanga sa Ghaeltacht go bhfuil staid "éigeandála sa Ghaeltacht" agus géarghá le gníomh "práinneach" le dul i ngleic le meath na teanga sa phobal; an gcuirfidh an Rialtas moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm ina n-iomlán; an féidir leis na botúin a bhí le ceart…
Naoise Ó Cearúil Written 5 Feb 2026 · to Rural
17. D'fhiafraigh Deputy Naoise Ó Cearúil den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht conas a chomhlíonfaidh an Rialtas an riachtanas go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua seirbhíse poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030; céard iad na gníomhartha earcaíochta agus oiliúna atá sa sceideal do 2026; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8689/26]
Louise O'Reilly Written 5 Feb 2026 · to Rural
19. D'fhiafraigh Deputy Louise O'Reilly den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an soiléireoidh sé cén fáth ar leasigh a Roinn a bhfreagra ar an Athbhreithniú Pleanála Teanga a foilsíodh le déanaí, agus an bhfuil sé ar intinn aige an tuarascáil a athbhreithniú i bhfianaise an aiseolais a fuarthas agus na míchruinneas atá tuairiscithe. [8729/26]
Naoise Ó Cearúil Written 5 Feb 2026 · to Rural
45. D'fhiafraigh Deputy Naoise Ó Cearúil den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht conas a chinnteoidh an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, 2026–2028 go mbeidh seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar fáil de réir caighdeán comhsheasmhach cáilíochta ar fud comhlachtaí poiblí in 2026; cén mhéadracht feidhmíochta a úsáidfear chun an caighdeán sin a mheas; agus an ndéanfaidh…
Cathal Crowe Written 5 Feb 2026 · to Rural
50. Deputy Cathal Crowe asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht if he is satisfied that public signage is adequately translated and displayed in the Irish language; and if he will make a statement on the matter. [8199/26]
John Connolly Written 20 Nov 2025 · to Rural
675. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cé mhéad folúntas atá ann faoi láthair i róil oifigeach pleanála teanga ar fud na tíre; cé chomh fada is atá na folúntais ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65001/25]
John Connolly Written 20 Nov 2025 · to Rural
676. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta a chur i láthair i bhfoirm tháblach cé chomh fada agus atá gach oifigeach pleanála teanga reatha ina ról; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65002/25]
John Connolly Written 20 Nov 2025 · to Rural
677. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén stádas reatha atá ag ról an oifigigh pleanála teanga i ngach ceann de na limistéir pleanála teanga sa tír faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65003/25]
John Connolly Written 20 Nov 2025 · to Rural
678. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta a chur in iúl cén uair a thosóidh an chéad chéim eile den phróiseas pleanála teanga i ngach ceann de na limistéir pleanála teanga sa tír; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65004/25]
Aindrias Moynihan Written 16 Oct 2025 · to Rural
137. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil teanga, agus na bailte seirbhíse go háirithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55993/25]
Mairéad Farrell Written 17 Jul 2025 · to Rural
602. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta maidir le ceist 190 den 7 Samhain 2024, an mbeidh na pleananna teanga nua ullmhaithe roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana ionas nach mbeidh briseadh ann idir an dá phlean; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40231/25]
John Connolly Written 16 Jul 2025 · to Rural
320. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta chun an "Plean Digiteach don Ghaeilge", a d'fhoilsigh an Rialtas i mí na Nollag 2022, a chur i bhfeidhm; cé na hacmhainní chuige sin a cuireadh ar fáil gach bliain ó 2022 ar aghaidh; an bhfuil sé i gceist na hacmhainní sin a mhéadú go mór sna blianta beaga amach romhainn, agus an tábhacht a bhai…
Aengus Ó Snodaigh Written 25 Jun 2025 · to Rural
249. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta bhfuil sé mar riachtanas ag naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta go mbeidh tús áite ag páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, ó tharla gurb é sin an dea-chleachtas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34586/25]