151. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé ar an eolas faoin bhfeachtas chun an tseanscoil ar an Trá Bháin i gCeantar na nOileán a choimeád mar áis don phobal, an bhfuil a Roinn tar éis dul i mbun teagmhála leis an bhfeachtas sin, agus an bhfuil aon phlean ag a Roinn chun a chinntiú go gcoimeádfar an spás ríthábhachtach sin don phobal Gae…
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions asked by Aengus Ó Snodaigh .
63 questions match, newest first.
337. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le cén ról lárnach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta chun seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil sa Ghaeltacht, i gcomhthéacs an mhéid a dúirt Treoraí an tSeanaid ar an gclár The Week in Politics de chuid RTÉ ar an 10ú Bealtaine. [38275/26]
338. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige na caighdeáin maidir le seirbhísí Gaeilge na ranna rialtais, agus na gcomhlachtaí Stáit, a fhoilsiú mar a bhí le tarla déanamh laistigh de mhíonna gairide ó i ndiaidh dháta achtaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [38276/26]
339. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cad é an dáta faoina ndéanfar comhlachtaí poiblí a fhorordú de réir Alt 9A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ionas go mbeidh dualgas orthu ainm agus seoladh duine i nGaeilge ina mbeidh síntí fada a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, an bhfuil aon chomhlachtaí poiblí nach bhfuil sé i gceist aige iad a fhorordú faoi al…
1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an gcáineadh ar chur chuige na Roinne sa rún a d’aontaigh an Dáil maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ag tús mhí an Mhárta, agus an bhfuil sé i gceist aige gníomhú dá réir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22301/26]
26. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an dáta faoina mbeidh comhlachtaí poiblí forordaithe de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ionas go mbeidh dualgais orthu maidir le taifead agus úsáid cheart ainmneacha daoine le síntí fada; an bhfuil dearcadh ag a Roinn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Ú…
50. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé fós den tuairim nach dteastaíonn cúrsaí ollscoile breise trí Ghaeilge chun an sprioc 20% earcaíochta a bhaint amach don státseirbhís, i gcomhthéacs an méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga; an bhfuil sé ar an eolas faoi thoil na n-institiúidí tríú leibhéal cúrsaí breise a sholáthar trí Ghaeilge…
472. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén tacaíocht ón Ciste Oileán Roinnte atá tar éis bheith dáilithe aige ar fiontair Gaeilge aige, de réir méid agus céadatán den iomlán sa bhuiséad sa Choiste chuile bliain ó bhunaigh sé é maidir leis and Ghaeilge. [23930/26]
394. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta a chur i bhfoirm tábla do gach bliain ó 2008 go dtí anois. [10699/26]
1269. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta sonraí a thabhairt maidir leis an €5.218 milliún a thug Údarás na Gaeltachta ar ais don Státchiste sa bhliain 2023 mar thoradh ar dhíolachán scaireanna; cén chuideachta lenar bhain na scaireanna seo; agus cé chomh fada is a bhí na scaireanna ag an Údarás sular dhíol sé iad. [9201/26]
1270. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta liosta a thabhairt i bhfoirm tábla de na cuideachtaí a bhfuil scaireanna ag an Údarás iontu agus cad é luach na scaireanna sin. [9202/26]
1271. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an ndearna Údarás na Gaeltachta iarratas nó éileamh riamh go gcuirfeadh an Rialtas airgead arna thuilleamh ar dhíolacháin scaireanna a bhí déanta ag an Údarás a chur ar leataobh chun tacú leis an Údarás. [9203/26]
1272. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta ar labhair sé nó a oifigigh le hÚdarás na Gaeltachta riamh chun míniú a lorg maidir leis an rúndacht faoina mbíonn cúrsaí gnó á riaradh acu; an bhfuil sé sásta leis an rúndacht seo, go háirithe i gcás díolachán Arramara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9204/26]
3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé le focail an Bhreithimh Humphreys san Ard-Chúirt sa bhreithiúnas maidir le cás Wild Ireland Defence CLG in aghaidh an Choimisiúin Pleanála, an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Ard-Aighne, agus an Aire turasóireachta, cultúir, ealaíon, Gaeltachta, spóirt agus meán, go bhfuil …
15. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an athbhreithniú ar phleananna teanga sa Ghaeltacht go bhfuil staid "éigeandála sa Ghaeltacht" agus géarghá le gníomh "práinneach" le dul i ngleic le meath na teanga sa phobal; an gcuirfidh an Rialtas moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm ina n-iomlán; an féidir leis na botúin a bhí le ceart…
40. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén freagra atá aige ar an litir curtha isteach chuige ag grúpa agóide thar cheann BÁNÚ ar an Luan 26ú Eanáir 2026 ag oifigí na Roinne sna Forbacha. [8766/26]
1216. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén scrúdú a dhéanfar ar an bhféidearthacht go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla chun tacú le tógáil tithíochta do phobail na Gaeilge, cén amlíne atá leis an scrúdú sin, an bhfuil tús curtha leis an scrúdú agus cathain a bheidh toradh an scrúdaithe ar fáil don phobal. [7833/26]
1228. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil ar údaráis áitiúla ar a laghad duine amháin ar bhonn coibhéis lánaimseartha a bheith fostaithe acu chun obair ar fhorbairt na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8517/26]
1179. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil comhairle dlí iarrtha aige nó ag a Roinn maidir leis an gcumhacht atá ag Údarás na Gaeltachta, faoi Acht na Gaeltachta, 2012, faoina bhféadfaí suíomhanna talún atá i bpunann mhaoine Údarás na Gaeltachta a úsáid ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus, má tá chomhairle …
3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige aon deontais a chur ar fáil arís de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta; agus an bhfuil sé tar éis an chumhacht seo a phlé leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. [68523/25]
60. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 achtaithe in am ionas go mbeidh na toghcháin eagraithe ar an dáta céanna leis an bhfo-thoghchán atá beartaithe do Gaillimh Thiar; agus an bhfuil sé i gceist aige cúramaí maidir le cúrsaí tithíochta a chur isteach sa Bhille ag Céim na …
379. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 a chur ar aghaidh chuig Céim an Choiste; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [64117/25]
2187. Deputy Aengus Ó Snodaigh asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht to provide the Abridged Estimates Volume for Budget 2026 for Vote 42 including the provisional sub head and programme level allocations. [59534/25]
77. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an féidir leis a dheimhniú nach bhfuil sé beartaithe aon airgead breise caipitiúil a dheonú do Rannóg na Gaeltachta anuas ar an airgead a bhí socraithe cheana féin faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.. [56049/25]
2750. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cé mhéad airgid, lena n-áirítear airgead reatha nó eile nach airgead caipitiúil é, de bhuiséad na Roinne Gaeltachta a caitheadh ar Rannóg na nOileán nuair a bhí na hoileáin faoi chúram na Roinne sna blianta seo a leanas 2010, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017, 2018, 2019. [44739/25]