134. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cé na céimeanna ar leith atá glactha ag a Roinn le 10 mbliana anuas chun an cruachás tithíochta sa Ghaeltacht a éascú do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag iarraidh tithe a fháil ar cíos, a cheannach nó a thógaint. [47280/26]
Parliamentary questions
Questions
TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work
Browse the questions
Showing questions under the heading Cúrsaí Tithíochta.
5 questions match, newest first.
1795. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an nglacann sé leis an gcáineadh ar chur chuige an Rialtais sa rún a d’aontaigh an Dáil maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ag tús mhí an Mhárta, agus an bhfuil sé i gceist aige gníomhú dá réir. [26354/26]
168. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cathain a bheidh reachtaíocht ann a chuideoidh i gceart le comhairlí áitiúla deileáil lena dtionóntaithe atá ag gabháil d’iompar frithshóisialta agus, más gá, díshealbhú a dhéanamh orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17739/26]
184. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tithíocht cathain a ghlacadh an LDA seilbh ar na tailte faoi stiúir an Mol Digiteach i mBaile Átha Cliath 8 atá aitheanta aca ar mhaithe le títhíocht ach go bhfuil cáin zónáil tithíocht á dhíol ag an Mol ortha de thairbhe moill an LDA seilbh a ghlacadh ortha agus an féidir leis trácht ar an gceist [17795/26]
773. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sonraí a thabhairt maidir leis an teagmháil agus comhoibriú go léir idir a Roinn féin agus Rannóg na Gaeltachta sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta maidir le ceist na tithíochta i limistéir Ghaeltachta. [24412/25]