Parliamentary questions

Questions

TDs ask ministers questions to get answers on the record, most of them in writing. Here is every one asked in the 34th Dáil, by the department it went to and the subject heading it was filed under. How questions work

Browse the questions

Clear

Showing questions under the heading An Ghaeltacht.

19 questions match, newest first.

Paul Murphy Written 23 Apr 2026 · to Housing
398. Deputy Paul Murphy asked the Minister for Housing, Local Government and Heritage if, pursuant to section 10(2)(m) of the Planning and Development Act (2000), his Department has given consideration to the development of guidelines, in consultation with local authorities, that would provide relevant criteria and guidelines for the development and implementation of provisions in local authority development plans th…
George Lawlor Written 19 Mar 2026 · to Housing
331. Deputy George Lawlor asked the Minister for Housing; Local Government and Heritage the progress made in implementing Programme for Government commitments to introduce special development plans for Gaeltacht areas, including housing targets and planning guidelines applicable to Gaeltacht communities in Galway West; and if he will make a statement on the matter. [21124/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 5 Mar 2026 · to Housing
251. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Housing, Local Government and Heritage cen céimeanna atá glactha aige chun breis tithíocht bheith ar fáil san Ghaeltacht do muintir na Gaeltacht, idir tithe shoisialta, ar chíos nó ar díol agus an féidir leis trácht ar an gceist. [16464/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 4 Feb 2026 · to Housing
656. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén tacaíocht shonrach a cuireadh ar fáil sa Ghaeltacht mar chuid den bheartas Tosaíocht do Lár an Bhaile agus den Scéim Réidh le Tógáil, briste síos de réir gach ceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7835/26]
Aengus Ó Snodaigh Written 22 Jan 2026 · to Housing
151. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Housing, Local Government and Heritage cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn chun déileáil leis na fadhbanna tithíochta ar leith atá i gceantair Ghaeltachta (tobar na teanga náisiúnta): an easpa suíomhanna seirbhísithe, gan an infheistíocht chuí á déanamh sna bonneagair uisce, séarachais agus leictreachais, agus nach bhfuil aon phlean cuimsitheach tithíoch…
Conor D McGuinness Written 22 Jan 2026 · to Housing
202. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Housing, Local Government and Heritage an dtabharfaidh sé sonraí faoi na teagmhálacha is déanaí a bhí aige leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le Treoirlínte Pleanála Gaeltachta; agus an bhfuil amchlár cinnte i gceist maidir lena bhfoilsiú [68473/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 22 Jan 2026 · to Housing
395. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Housing, Local Government and Heritage an bhfuil sé sásta na dréacht-treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht a bhí geallta aige le foilsiú roimh an Nollaig seo a fhoilsiú ionas go mbeidh an pobal in ann comhairle a thabhairt maidir leo sula gcríochnóidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht sa bhl…
Aengus Ó Snodaigh Written 25 Nov 2025 · to Housing
29. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Housing, Local Government and Heritage cad go díreach é an moill ar na Treoirlínte Tithíocht Gaeltachta a bhí aontaithe ag an Roinn Gaeltachta leis a Roinn roimhe seo a bheith foilsithe tar éis é bheith geallta go bhfoilseoidh iad chuile bliain ó 2021 ar aghaidh. [65156/25]
John Connolly Written 25 Nov 2025 · to Housing
50. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Minister for Housing, Local Government and Heritage faoin dul chun cinn atá déanta ina Roinn chun Ráiteas Pleanála Náisiúnta le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht a fhoilsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65847/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 19 Nov 2025 · to Housing
158. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil sé fós i gceist ag an Rialtas treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht a fhoilsiú, agus má tá, cathain. [64122/25]
Catherine Connolly Written 8 Oct 2025 · to Housing
96. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Minister for Housing, Local Government and Heritage cad é stádas na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht; cén uair a fhoilseofar na treoirlínte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53905/25]
Mairéad Farrell Written 29 Jul 2025 · to Housing
1644. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil dualgais ann ar iarratais phleanála taobh istigh den Ghaeltacht fógra a dhéanamh sna meáin Ghaeilge; an bhféadfadh iarratais phleanála taobh istigh den Ghaeltacht a bheith fógraithe sna meáin chlóite Ghaeilge, mar shampla an nuachtán nua “An Páipéar”; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43932/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 1 Jul 2025 · to Housing
112. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cathain a bheidh na treoirlínte títhíochta Gaeltachta, a bhí geallta in 2021, foilsithe; cen fáth go bhfuil moill orthu; agus an nglacann sé go bhfuil gá leo chun cuidiú le maolú a dhéanamh ar an ngéarchéim thithíochta i gceantair Ghaeltachta. [35133/25]
Aengus Ó Snodaigh Written 15 May 2025 · to Housing
38. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cathain a bhfuil sé i gceist aige dréacht treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht a chur faoi scagadh i gcóir measúnú straitéiseach timpeallachta agus measúnacht chuí; cé chomh fada is a leanann na measúnuithe seo de gnáth; agus an dáta faoina bhfuil sé i gceist aige na dréacht treoirlínte a fhoilsiú. [24858/25]
Conor D McGuinness Written 1 May 2025 · to Housing
254. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén uair a fhoilseofar Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, cén fáth a bhfuil moill ar an gcéanna ó 2021 i leith, cé air a bhfuil an locht don mhoill seo, agus cé na céimeanna práinneacha atá á nglacadh aige chun an bac seo a shárú i bhfianaise ghéarchéim na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. [21907/25]
Conor D McGuinness Written 1 May 2025 · to Housing
260. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sonraí a thabhairt maidir le gach teagmháil agus comhoibriú idir a Roinn féin agus Rannóg na Gaeltachta sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta maidir le ceist ríthábhachtach na tithíochta i gceantair Ghaeltachta. [21918/25]
Conor D McGuinness Written 1 May 2025 · to Housing
261. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sonraí a thabhairt ar gach comhoibriú agus idirghníomhaíocht idir a Roinn féin agus Údarás na Gaeltachta maidir leis an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeltachta, agus cén tacaíocht atá curtha ar fáil don Údarás ar an ábhar seo. [21919/25]
Conor D McGuinness Written 1 May 2025 · to Housing
262. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén uair a fhoilseofar Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, cén fáth go bhfuil moill ar an gcéanna ó 2021 i leith, cén fáth go bhfuil an próiseas chomh mall agus cén fhreagracht atá á glacadh chun an mhoill a shárú. [21920/25]
Catherine Connolly Written 20 Mar 2025 · to Housing
66. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cad é stádas na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht; cén uair a fhoilseofar na treoirlínte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12806/25]