Debates / 15 October 2026 / Priority Questions

Thursday 15 October 2026

Soláthar Tithíochta

7 contributions, as the Official Report records them.

Aengus Ó Snodaigh

Sinn Féin Question Link to this
1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht ar phléigh a Roinn an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch agus an córas pleanála leis an Roinn Tithíochta agus iad ag ullmhú an Ráiteas Náisiúnta Pleanála do Cheantair Tuaithe agus Gaeltachta, go háirithe an tábhacht a bhaineann le 67% a bheith ag úsáid na Gaeilge, nó an bhfuil siad ar an eolas faoi, nó ar iarr siad ón Roinn Tithíochta aon chomhairle ó theangeolaithe a thug bunús don chéatadán molta sa Ráiteas do LPT go mbeadh coinníollacha tithíochta bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa daonáireamh móide 10%. [73302/26]
Baineann an cheist seo leis an gcaint atá ann faoin ráiteas pleanála náisiúnta. Cé nach mbaineann sé seo go díreach le Roinn an Aire, tá baint aici leis toisc go bhfuil cosaint na Gaeltachta i gceist. Ar phléigh an Roinn tithíochta an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch agus na himpleachtaí a bheadh ag aon ráiteas pleanála muna dtógfaí an coinníoll 67% san áireamh maidir leo siúd a bheadh ag úsáid Gaeilge in aon phlean amach anseo?

Dara Calleary

Fianna Fáil recorded as Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht (Deputy Dara Calleary) As a minister Link to this
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as an gceist seo a ardú agus as a chuid oibre ar an ábhar seo. Is fiú nótáil gurb í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, faoin Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, atá freagrach go príomha as pleanáil agus tithíocht i gceantair Ghaeltachta. Mar sin féin, is cinnte go raibh plé leanúnach agus comhoibriú idir mo Roinn féin agus an Roinn sin agus an dréachtráiteas náisiúnta pleanála á chur i dtoll a chéile. Is as an bplé agus as an gcomhoibriú sin a d'eascair na moltaí atá sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála. Baineadh úsáid as an taithí agus as an saineolas cuimsitheach atá ag oifigigh sa dá Roinn agus an obair seo ar bun. Pléadh agus cíoradh an méid atá sa ráiteas i ngrúpa oibre a bhí ag feidhmiú ar feadh roinnt blianta chun na moltaí a fhorbairt. Bhí teagmháil rialta ag mo Roinn le páirtithe leasmhara agus iad i mbun oibre ar an togra seo freisin, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha ina measc. Mar a bhaineann sé leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a foilsíodh in 2007, ní dhearna na Ranna tagairt sonrach dó mar go bhfuil athraithe déimeagrafacha tarlaithe sa tír ar fad ó shin. Glacadh an cinneadh dul le figiúirí ón daonáireamh móide 10% chun a chinntiú go bhfuil cur chuige comhsheasmhach i bhfeidhm a dhéanann freastal ar staid na Gaeilge agus na Gaeltachta mar atá anois agus a shoiléiríonn an próiseas do na húdaráis áitiúla agus na forbróirí tithíochta araon. Is é an aidhm atá leis na moltaí atá sa dréachtráiteas ná cinnteacht a thabhairt do phleanálaithe agus do dhaoine ar mhian leo fanacht ina gcónaí ina bpobail tuaithe nó filleadh orthu. Chuige sin, beidh gach údarás áitiúil ag baint úsáid as na critéir céanna agus iarratais phleanála á meas acu, rud a chiallóidh go mbeidh an córas pleanála i bhfad níos soiléire dóibh siúd atá i mbun tithíocht a thógáil. Dar ndóigh, is fiú a nótáil gur dréachtráiteas atá ann go fóill agus go mbeidh deis ann leasaithe oiriúnacha a dhéanamh ar an méid atá ann. Tuigim go bhfuil report le teacht ón chomhchoiste Oireachtais, agus tá mé sásta oibriú leis an Teachta ar aon mholtaí atá aige.
Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid atá ráite aige maidir le bheith oscailte do thuairimí. Déanfaidh muid iarracht iallach a chur ar an Aire tithíochta, an Teachta Browne, éisteacht a thabhairt dúinn ina leith seo, go háirithe maidir leis an méid atá sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge. Sa staidéar sin, deir sé: Is gá leibhéal úsáide na Gaeilge a choinneáil ard os cionn 67% de chainteoirí laethúla má tá sí le bheith ina teanga pobail i gceantar ... éiríonn brú an aistrithe teanga róthréan do phobal nuair a shleamhnaíonn leibhéal úsáide na teanga faoi bhun 67% den phobal. Tá sé seo dainséarach. Muna ndéanann muid cúram de seo, beidh muid ag ligint ceantar Gaeltachta ar leith chun báis. Caithfidh muid déanamh cinnte de nach é sin an toradh a thiocfaidh amach as an gcaint seo. Is é sin an fáth a bhfuil sé go maith go bhfuil dréacht ann agus go bhfuil daoine ag cur moltaí chun cinn. Is í an cheist dhíreach atá agam ná seo: céard é an bunús teangeolaíochta leis an moladh atá ann faoi láthair? An bhfuil aon tuairim ag an Aire ina leith sin?

Dara Calleary

Fianna Fáil As a minister Link to this
Tá muid ag iarraidh go mbeidh cinneadh anseo in gach cuid den Ghaeltacht faoi chúrsaí pleanála agus tógáil tithe. Níl an cinneadh sin réidh againn ag an bpointe seo. Tá rialacha difriúla ag na húdaráis difriúla sa réimse seo. Níl mé ag iarraidh aon rud a dhéanamh leis na treoirlínte a dhéanfaidh rudaí níos measa sa Ghaeltacht, go háirithe sna Gaeltachtaí ina bhfuil figiúirí móra. Tá muid ag oibriú air seo. Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Browne, agus le hoifigigh a Roinne. Tá suim acu oibriú linn ar na treoirlínte seo agus tá muid ag iarraidh é sin a dhéanamh. Bhí sé suimiúil go raibh tuairimí difriúla ag finnéithe na n-údarás áitiúla a bhí os comhair an choiste an tseachtain seo chaite, go háirithe maidir le daoine a bheith in ann teacht go dtí an Ghaeltacht chun tithe a thógáil, brú an airgeadais agus rudaí mar sin. Tá mé dáiríre nach bhfuil mé ag iarraidh go mbeidh rudaí níos measa. Tá mé ag iarraidh an consistency sin. Maidir leis na húdaráis áitiúla ina bhfuil Gaeltachtaí láidre, níl mé ag iarraidh go mbeidh rudaí níos measa ná mar atá siad ag an bpointe seo.
Fáiltím roimh an ráiteas lom sin nach bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh rudaí níos measa. Níl aon duine á iarraidh sin, agus caithfidh muid déanamh cinnte de nach dtarlaíonn sé sin in aon reachtaíocht nó ráiteas a chuirtear i bhfeidhm. Má éiríonn cúrsaí níos measa, éiríonn an cheist i bhfad Éireann níos casta. Tá sé go maith go bhfuil soiléiriú ann mar is é sin an rud a bhí á lorg an na comhairlí contae an tseachtain seo chaite, nó fiú cúpla bliain ó shín. Tá sé an-dainséarach má théann muid ó choinníoll 80%, mar atá i gCois Fharraige, síos go dtí coinníoll 58%, mar atá sna figiúirí sa ráiteas faoi láthair. I mBaile Ghib, titfidh an coinníoll sin go 20%. Tá an dainséar sin ann. Tá impleachtaí i gceist leis seo. Tuigim go bhfuil an spás againn anois aighneachtaí a chur isteach. Déanfaidh mé agus an choiste é sin, agus tá súil agam go mbeidh an Roinn ag tabhairt tacaíocht don staidéar cuimsitheach teangeolaíochta sin. Leagann sé amach, bunaithe ar thaighde timpeall an domhain, an leibhéal ar a bhfuil dainséar don teanga áitiúil.

Dara Calleary

Fianna Fáil As a minister Link to this
Bhí mé ag caint le Cathaoirleach an choiste, an Teachta Shane Moynihan, agus bhí sé ag rá go mbeidh tuarascáil ann. Tá suim agam í a fheiceáil chomh maith leis na figiúirí a bheidh istigh inti a phlé. Tá an tsuim céanna againn faoi na cúrsaí seo. Tá muid ag iarraidh cuidiú leis an Ghaeltacht agus leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Is mian linn beirt an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht agus bealach éasca a chruthú do dhaoine le Gaeilge bogadh ar ais go dtí an Ghaeltacht chun tithe a thógáil. Tá na suimeanna céanna againn ina leith sin. Tá súil agam go mbeidh muid in ann oibriú le chéile air seo go tapa sna seachtainí atá romhainn. Níl mé ag caint faoi mhí ag an bpointe seo; tá mé ag caint faoi sheachtainí. Mar a dúirt mé, tá mé ag súil le bheith ag obair air seo le chéile.

← Back to the rest of Thursday 15 October

Debate record: official record, fetched 15 Oct 2026 SHA-256 8d9d8639a13b… Provenance View raw