← Back to debate record, 2026-07-14

2026-07-14

Aengus Ó Snodaigh question
24. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén dáta faoina bhfuil sé i gceist aige toghcháin a eagrú do bhord Údarás na Gaeltachta [53302/26]
Conor D. McGuinness (recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Beidh an Aire agus an Aire Stáit bréan dom ag an tráth seo. Baineann an cheist seo le toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Aire, bhí an-chuid plé againn sa Seomra Dála seo mar gheall ar Bhille Údarás na Gaeltachta agus na toghcháin. Cé nach rabhamar ag aontú lena chéile ró-mhinic, glacaim anois go bhfuil an Bille rite agus go mbeidh toghcháin ag Údarás na Gaeltachta. Cad é an plean? Cathain a mbeidh siad? An féidir aon léargas a thabhairt ar cén cur chuige a bheadh i gceist?
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Shínigh an tUachtarán Connolly an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2026, ina dhlí ar an 1 Iúil 2026. Is é príomhchuspóir an Achta an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha a rialaíonn ceapachán bhord Údarás na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, 2012 a athrú agus próiseas toghcháin agus roghnúcháin nua a chur ina áit. Leis an leasú seo, comhlíonadh gealltanas a tugadh i gclár an Rialtais toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta a athbhunú. Nuair a chuirtear na hailt ábhartha den reachtaíocht leasaithe i bhfeidhm, beidh deichniúr comhalta tofa agus seisear comhalta arna n-ainmniú ag an Aire ar bhord an údaráis. Beidh ionadaíocht ag gach ceantar Gaeltachta ar an mbord, agus ní bheidh uainíocht comhaltaí do cheantair bheaga Ghaeltachta i bhfeidhm a thuilleadh. Chun nasc níos láidre a chinntiú idir an pobal agus obair an bhoird, foráiltear leis an Acht freisin go mbunóidh an t-údarás trí choiste réigiúnacha reachtúla atá cosúil leo siúd a bhí i bhfeidhm roimh 2012, ach a mbeidh sainchúram beagán difriúil orthu. Beidh comhaltaí ainmnithe ag údaráis áitiúla ar na coistí réigiúnacha seo agus ní mór do gach ball den údarás agus dá choistí réigiúnacha a bheith in ann leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a léiriú atá riachtanach chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Chun críche na dtoghchán do bhord Údarás na Gaeltachta, bhí gá roinnt leasuithe teicniúla a dhéanamh ar Acht Toghcháin, 1992; an Acht Toghcháin, 1997; an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997; agus an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Foráiltear leis na leasuithe seo go gcuirfí tagairtí do thoghcháin Údarás na Gaeltachta san áireamh sna hachtanna seo. Coimeádfar ceist na dtoghchán faoi bhreith leanúnach agus déanfar cinneadh maidir leis an bhfráma ama dóibh in am trátha.
Conor D. McGuinness (recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Gabhaim buíochas leis an Aire. Tuigim go bhfuil leasuithe le déanamh ar na hAchtanna sin a luaigh sé, is iad sin an Acht Toghcháin, 1992; an Acht Toghcháin, 1997; agus na hAchtanna eile maidir le bruscair, truailliú agus cosaint sonraí. An bhfuil amlíne i gceist i gcomhair na leasuithe nó an bhfuil sé sin le baint amach i mbliana? An bhfuil buile faoi thuairim ann i dtaobh amlíne do na toghcháin? An bhfuil muid ag caint ar iad a bheith ar siúl roimh dheireadh na bliana seo nó i samhradh na bliana seo chugainn? An mbeidh sé faoin Roinn tithíochta na toghcháin sin a rith nó an mbeidh siad á rith i Roinn an Aire féin?
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Níl mórán ama tugtha do na céad céimeanna eile. Bhí muid dírithe ar an mBille a chur tríd an Oireachtas. Táimid chun é sin a scrúdú anois. Le haghaidh gach toghchán, tá cúram na dtoghchán faoi chúraim na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh na leasuithe le plé le hoifigigh na Roine sin leis na rudaí eile agus beidh na sonraí eile le haghaidh na dtoghchán á bplé ag leibhéal an Rialtais. Beidh mé ag cur an próiseas do na coistí réigiúnacha ar siúl chomh luath agus is féidir mar tá siad tábhachtach le haghaidh an údaráis taobh amuigh de na toghcháin. Tá sé tábhachtach go mbeidh siad ag obair agus go mbeidh na daoine bunaithe ar na coistí sin. Beidh mé sásta teacht ar ais chuig an Teachta tar éis bhriseadh an tsamhraidh chun sonraí eile a phlé faoin gcéad próiseas eile agus na céimeanna eile sa Bhille seo. Gabhaim buíochas leis an Uachtarán as an reachtaíocht a shíniú agus gabhaim buíochas léi freisin as an obair a chur sí isteach sa Bhille nuair a bhí sí sa Teach seo.
Conor D. McGuinness (recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Nach suimiúil é sin mar fhíric go raibh baint ag an Uachtarán sa Bhille seo. Níor glacadh leis na leasuithe faraor ach chuir sí leasuithe isteach ar thaobh amháin agus shínigh sí an Bille ag an deireadh. Impím ar an Aire gan tuilleadh moille a chur leis an bpróiseas seo, agus pé rud gur féidir a dhéanamh chun tacú leis na toghcháin seo a dhéanamh. Tá muintir na Gaeltachta agus na pobail Ghaeltachta ag fanacht le fada an lá i gcomhair na toghcháin seo teacht thar n-ais. Mar a dúramar ar an dtaobh seo den Teach le linn na ndíospóireachtaí ar Bhille Údarás na Gaeltachta, tá géarghá le tuilleadh daonlathais istigh san údarás. Cé nach bhfuil an Bille, inár dtuairim, foirfe i dtaobh an méid daonlathais - bhíomar ag súil le níos mó - táimid ag iarraidh an Acht mar atá sé a bhaint amach chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir leis na pobail seilbh a ghlacadh arís ar threoir Údarás na Gaeltachta.