← Back to debate record, 2026-07-14

2026-07-14

Shane Moynihan question
5. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén tacaíocht atá á cur ar fáil ag a Roinn maidir leis an gclár Gaeilge365; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.. [53548/26]
Shane Moynihan (recorded as: Deputy Shane Moynihan)
Fiafraím den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta faoin tacaíocht atá á cur ar fáil ag a Roinn maidir leis an gclár Gaeilge365, faoi mar atá leagtha amach sa chlár Rialtais. Is clár é seo atá ar bun sna húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath, agus tá sé i gceist é a leathnú amach ar fud na tíre. An ndéanfaidh an tAire ráiteas ar an ábhar seo?
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Is é Gaeilge365 an chéad aonad nuálaíochta a oibríonn trí mheán na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus é mar aidhm leis deachleachtais a chruthú i dtaobh na modhanna is féidir le húdaráis áitiúla a úsáid le tuilleadh deiseanna labhartha Gaeilge a chruthú don phobal. Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Gaeilge365 mar thionscadal píolótach in 2023 le tacaíocht airgid ó chlár Éire Ildánach, tacaíocht a bhí fíorthábhachtach le tús a chur leis an tionscnamh. Ba é aidhm an tionscadail phíolótaigh sin cur chuige nuálach a chur sa siúl ionas go gcruthófaí breis deiseanna don phobal an Ghaeilge a labhairt trí sheirbhísí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Leis an gcur chuige nuálach a bhí ag Gaeilge365 ón tús, agus baill fhoirne ón gcomhairle cathrach trí chéile rannpháirteach ann, bhíothas in ann cruthaitheacht na Gaeilge a chur i láthair. Tá Gaeilge365 leathnaithe anois go réigiún uile Bhaile Átha Cliath. Tá maoiniú os cionn €4.5 milliún bainteach leis an gclár seo don tréimhse 2025-2028. Tá 50% den mhaoiniú sin ag teacht ó mo Roinn féin, agus tá an 50% eile ag teacht ó na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Tá leathnú ar Gaeilge365 leagtha amach mar ghníomh sonrach sa chlár Rialtais, mar a dúirt an Teachta. Táthar ag súil go mbeidh an deis ann amach anseo eiseamláir Bhaile Átha Cliath a chur i ngníomh sna húdaráis áitiúla ar fud an Stáit. Déanaim comhghairdeas le foireann Gaeilge365, a raibh an t-ádh uirthi duais a bhaint amach ag Gradam na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr cúpla seachtain ó shín. Is project iontach é agus tá mé ag iarraidh é a leathnú amach go gach cuid den tír.
Shane Moynihan (recorded as: Deputy Shane Moynihan)
Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra chuimsithigh sin. Faoi mar a dúirt sé, is é ceann de na rudaí a dhéanann idirdhealú idir Gaeilge365 agus tograí agus tionscadail eile Gaeilge agus Gaeltachta de chuid an Státchórais ná an tomhas atá air maidir le haischur. Cruthaíonn sé deiseanna cainte do dhaoine dul i ngleic leis an Státchóras agus le seirbhísí poiblí. Is cur chuige nuálaíochta é sin. Ba chór dúinn an cur chuige sin a leathnú amach, ní hamháin i measc na n-údarás áitiúla ach i measc na n-áisíneachtaí Stáit agus na gcomhlachtaí pobail araon. Ní mór dúinn impí orthu féachaint ar líon na ndeiseanna cainte Gaeilge a chruthaíonn siad do Ghaeilgeoirí agus daoine atá báúil don Ghaeilge. Ar a bharr sin, nuair a chuireann muid maoiniú ar fáil dá leithéid de chlár, beidh muid in ann féachaint ar líon na ndeiseanna cainte atá cruthaithe de bharr an mhaoinithe sin. Cén sórt scála ama a bhfuil muid ag labhairt faoi chun é seo a leathnú amach go dtí na húdaráis áitiúla eile timpeall na tíre?
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Ar dtús, ba é an aidhm a bhí agam le haghaidh Gaeilge365 ná airgead a chur ar fáil dó le go mbeadh sé in ann dul ar aghaidh leis an obair thábhachtach i mBaile Átha Cliath. Tá sé tar éis 150,000 deis chainte Gaeilge a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag úsáid seirbhísí sna ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath. Leis an airgead atá ag teacht ó mo Roinn, agus leis an obair atá idir lámha agam agus ag an Aire Stáit, an Teachta Buttimer, beidh an t-airgead sin ann agus beidh sé in ann leanúint leis sin. Gabhaim buíochas leis na húdaráis áitiúla atá rannpháirteach, go háirithe leis na comhairleoirí ar na húdaráis áitiúla a sheas i bhfabhar an airgid seo, atá ag teacht ó na húdaráis áitiúla féin sna ceithre áit sin. Tar éis sin, tá muid ag scrúdú Gaeilge365 chun na cleachtaí a fhoghlaim le go mbeidh muid in ann dul ar aghaidh leo i ngach cuid den Státseirbhís. Mar is eol don Teachta, tá sprioc le haghaidh deireadh 2030 go mbeidh 20% den Státseirbhís in ann Gaeilge a úsáid. Is sprioc mhór agus dúshlánach í sin dúinn, ach beidh muid ag úsáid na gcleachtaí ó Ghaeilge365 chun é a oibriú amach.
Verona Murphy (recorded as: An Ceann Comhairle)
Bogfaidh muid ar aghaidh go Ceist Uimh. 7 in ainm an Teachta O’Rourke.
Shane Moynihan (recorded as: Deputy Shane Moynihan)
Nach bhfuil deis agam teacht isteach arís?
Verona Murphy (recorded as: An Ceann Comhairle)
Excuse me. The Deputy is correct.
Shane Moynihan (recorded as: Deputy Shane Moynihan)
Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra sin. Ag eascairt as an méid atá ráite aige, tá mé an-sásta cloisteáil go mbeidh deachleachtais á bhfoghlaim maidir lena bhfuil bainte amach ag Gaeilge365. Cuirim fáilte roimh an tomhas atá á dhéanamh ar dheiseanna cainte chomh maith. An bhfuil sé de thuairim ag an Aire go leathnófar é seo amach go dtí na húdaráis áitiúla ar bhonn moillithe, is é sin, go dtosófar le cúpla údarás i gCúige Laighean, cúpla ceann eile i gCúige Mumhan agus, de réir a chéile, cúpla ceann eile i gCúige Connachta? Cén sórt cur chuige a bheidh an tAire ag cur chun cinn leis an gclár Gaeilge365 a leathnú amach chuig na húdaráis áitiúla eile sa tír? Is é an rud is sonraí faoi Ghaeilge365 ná go mbogann sé amach an cur chuige a bhíonn ag go leor áisíneachtaí Stáit agus comhlachtaí poiblí go dtiteann sé faoin oifigeach Gaeilge polasaí na Gaeilge agus deiseanna cainte Gaeilge a chruthú. Ina áit sin, cuirtear rudaí mar chleachtaí snámha agus ióga trí mheán na Gaeilge ar fáil le go mbíonn daoine in ann plé le seirbhísí an údaráis áitiúil trí mheán na Gaeilge. Is é sin an rud a sheasann amach.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá deiseanna iontacha ag teacht as Gaeilge365 maidir le húsáid na seirbhísí. Léiríonn sé seo go bhfuil suim againn sa Roinn oibriú le daoine a bhfuil ideas nua acu. Níl gach rud ar eolas againn sa Roinn, agus níl gach rud ar eolas againn sa Teach seo ach an oiread. Déanaim comhghairdeas le Daithí de Buitléir agus an fhoireann i nGaeilge365. Mar a dúirt sé, bíonn a lán rudaí ar siúl, cosúil le binse comhrá ina mbíonn binsí sa chomharsanacht áitiúil agus ar an trá. Tá an togra, snámh le spraoi, ann freisin. Baintear leas as spórt le go mbíonn na daoine a imríonn spórt ag úsáid na Gaeilge. Tá cleachtaí ó Ghaeilge365 a mbeidh aon údarás áitiúil in ann úsáid a bhaint astu ina gcathair nó ceantar féin. Tá mé ag cur brú ar gach comhairle áitiúil Gaeilge365 a scrúdú agus é a úsáid mar shampla agus teimpléad ina gcuid ceantar dúchais féin. Bíonn a lán cruinnithe agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil maidir le tithíocht. Tá mé chun Gaeilge365 a chur ar an agenda chomh maith.