← Back to debate record, 2026-07-14

2026-07-14

Aengus Ó Snodaigh question
3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé tar éis labhairt leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an ísliú a thiocfaidh ar chéatadán na dtithe lena mbainfidh coinníollacha teanga i bhforbairtí ilaonad i gceantair Ghaeltachta mar thoradh ar an dréachtráiteas náisiúnta pleanála don tithíocht inbhuanaithe tuaithe agus Gaeltachta a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn; an bhfuil sé sásta labhairt leis an Aire sin faoin ábhar sin, mura bhfuil sé sin déanta aige go fóill; agus an bhfuil sé i gceist aige aon ghníomh a ghlacadh chun tacú le daoine lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu bogadh go dtí an Ghaeltacht [53305/26]
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Déanann an cheist seo déileáil leis na coinníollacha teanga a bheidh ann de réir an dréachtráiteas náisiúnta pleanála agus an dochar a dhéantar do cheantair Ghaeltachta má théitear ar aghaidh leo, go háirithe toisc go bhfuil ísliú i gceist. An bhfuil an tAire tar éis labhairt leis an Aire tithíochta maidir leis seo? An bhfuil aon dea-scéal le teacht maidir leis an gceist seo? An féidir linn a chinntiú nach ísliú a bheidh i gceist ó thaobh an choinníll?
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Déanaim comhghairdeas leis as an mBille um intleacht shaorga. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Déanaim comhghairdeas leis as an obair sin. Mar is eol don Teachta, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as an dréachtráiteas náisiúnta pleanála ach is cinnte go bhfuil plé idir na Ranna éagsúla atá faoi mo chúram maidir leis an dréachtráiteas seo. Faoi láthair, níl aon mhodh comhsheasmhach ann d'údaráis phleanála áitiúla nuair a bhíonn forbróirí ag cur céatadán d'fhorbairt tithíochta atá beartaithe in áirithe do chainteoirí Gaeilge. Beidh an modh seo chun íoslíon aonad a chur in áirithe bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí lasmuigh den chóras oideachais móide 10%, mar atá molta, bunaithe ar chomhdhéanamh teanga reatha an cheantair seachas figiúr aonfhoirmeach náisiúnta a leagan síos i ngach ceantar Gaeltachta. Is éard atá i gceist leis seo ná cinnteacht a thabhairt do phleanálaithe agus do dhaoine ar mian leo fanacht ina gcónaí ina bpobail tuaithe nó filleadh orthu agus, ag an am céanna, tacú le tuath bhríomhar inbhuanaithe in Éirinn. Léiríonn an cur chuige seo an treo ina bhfuil polasaí an Rialtais ag dul i dtaca le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Ar ndóigh, beidh plé le páirtithe leasmhara sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Sa chomhthéacs seo, tá cruinniú faoin dréachtráiteas sceidealta idir m'oifigigh agus Conradh na Gaeilge níos déanaí an mhí seo. I gcás cainteoir Gaeilge nach bhfuil aon cheangal teaghlaigh aige leis an nGaeltacht agus atá ag iarraidh bogadh ann, beidh feidhm fós ag an riail chónaithe cúig-bliana, le hais riail deich mbliana do chainteoirí Béarla. Cé go bhfuil sé inmhianaithe cainteoirí Gaeilge a bheith in ann bogadh go dtí an Ghaeltacht, ní féidir linn cás a bheith againn ina bhfaigheann cainteoirí Gaeilge cead pleanála toisc gur cainteoirí Gaeilge iad amháin. Tá obair le déanamh ar an dréachtráiteas. Tá suim agam obair leis an Teachta chun an obair sin a dhéanamh.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair. Mar shampla, i gCois Fharraige, tá coinníoll teanga i gceist le 80% de na tithe le 15 bliana anuas faoi phlean forbartha Chontae na Gaillimhe. Faoin ráiteas náisiúnta, ísleoidh sé sin go dtí 58%. Sna Déise, tá an rud ceannann céanna ann. Ísleoidh an figiúr ón 80% atá ann le 15 bliana anuas go dtí 37% faoin gcóras nua. Déanfaidh sé sin damáiste do cheantair Ghaeltachta atá ag teacht chucu féin. Beidh Béarlóirí á mbrú orthu. I gcás na Déise, beidh 63% de na tithe ar fáil do Bhéarlóirí. Tá damáiste le teacht má dhéantar é seo.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tuigim é sin. Tuigim na buarthaí atá ag grúpaí cosúil leis an gconradh, BÁNÚ agus na Teachtaí féin ach níl aon chaighdeán náisiúnta ann ag an bpointe seo. Athraíonn sé ó údarás áitiúil go húdarás áitiúil. Táimid ag iarraidh caighdeán náisiúnta a chur air. Beimid in ann é sin a phlé tar éis sin. Chomh maith leis sin, cé go bhfuil na coinníollacha ann, an bhfuil na cainteoirí ann? Tá sé tábhachtach é sin a scrúdú freisin. B'fhéidir go bhfuil obair le déanamh againn air sin. Tá na coinníollacha pleanála ann ach an bhfuil daoine ag úsáid na Gaeilge tar éis bogadh isteach? Léiríonn na figiúirí atá againn ón census go bhfuil difríocht idir na figiúirí sin agus an líon daoine atá ag úsáid na Gaeilge gach uile lá. Nuair atá coinníollacha ann, tá sé tábhachtach go bhfuil enforcement ann freisin. Tá brón orm. Níl an focal Gaeilge agam. Ní riail iondúil é. It is not a normal rule mar gheall go mbaineann sé le cúrsaí teanga. I gcomhthéacs an ráitis, tá obair le déanamh againn ar chóras nua i gcomhair enforcement.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann. Má dhéanann tú é seo, bheadh i bhfad Éireann níos mó ceantar ann a bhfuil brú mór orthu, go háirithe na ceantair atá lag. Níor chóir go mbeadh am ann riamh ina bhfuil an Stát ag brú go mbeidh tithíocht shóisialta nó tithíocht d'aon shórt ann a bhfuil níos lú ná 50% di ar fáil do chainteoirí Gaeilge. D'fhiafraigh an tAire an bhfuil na cainteoirí Gaeilge ann. Tá aithne agam ar a lán daoine i gceantair Ghaeltachta nach féidir leo teacht ar thithe. Ní raibh córas acu go dtí seo. Tá a lán Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht toisc go raibh orthu lonnú lasmuigh di toisc nach raibh aon tithíocht ann. Tá siadsan sásta dul ar ais go dtí a mbailte féin. Tá siad ann ach níor tugadh an deis dóibh mar ní raibh aon tithíocht ann.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Aontaím go mór leis sin. Tá na Gaeilgeoirí ann agus tá siad ag iarraidh bogadh abhaile nó go dtí an Ghaeltacht ach tá fadhb agus dúshlán ann le tithe saoire freisin. Tá daoine nach bhfuil suim sa Ghaeilge acu atá ag iarraidh bheith sa cheantar. Dream níos tábhachtaí ná sin is ea iad daoine a rugadh sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu. Tá muid ag iarraidh balance a shroicheadh idir na daoine le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh isteach go dtí an Ghaeltacht chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus na daoine as ceantair Ghaeltachta nach bhfuil Gaeilge acu. Níl mórán suime agam i dtithe saoire. Tá mé ag iarraidh go mbeidh daoine ina gcónaí sna háiteanna Gaeltachta seo, go háirithe daoine le Gaeilge. Tá an dréacht-ráiteas ann. Beidh mé ag obair leis an Aire tithíochta air seo, ach níl monopoly agam ina leith seo ach an oiread. Tá suim mhór agam oibriú leis an Teachta agus a chomhghleacaí, an Teachta McGuinness, air seo.