← Back to debate record, 2026-02-05

2026-02-05

John Connolly question
8. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht nuashonrú a thabhairt maidir leis na hiarrachtaí atá Údarás na Gaeltachta ag déanamh chun tacú le forbairt tithíochta cónaithe sna réigiúin Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7697/26]
John Connolly (recorded as: Deputy John Connolly)
Tá a fhios agam gur chuir an tAire freagra chugam maidir leis seo píosa ó shín, ach tá sé an-tábhachtach na hiarrachtaí a chur chun cinn agus labhairt fúthu chomh minic agus is féidir mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta atá sa Ghaeltacht.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Aontaím go mór leis an Teachta agus gabhaim buíochas leis as ucht na ceiste faoin tábhacht a bhaineann le tithíocht sa Ghaeltacht. Níor mhiste a nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. É sin ráite, is é príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta ná a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail i gceantair Ghaeltachta agus go gcaomhnófar í do na glúnta atá le teacht. Chuige sin, cuireann an t-údarás maoiniú ar fáil do raon leathan tionscnamh forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta. Tacaíonn an eagraíocht chomh maith le gníomhaíochtaí straitéiseacha a bhaineann le forbairt teanga, cultúir agus pobail. Is fiú a thabhairt faoi deara, mar sin, gur ról tánaisteach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta ag oibriú leis na geallsealbhóirí cuí maidir le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht. Tá punann suntasach réadmhaoine ar fud na Gaeltachta á bhainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus tá bonneagar fuíolluisce ar láithreacha éagsúla mar chuid de sin. Mar a leagtar amach i bplean tithíochta an Rialtais, tá deiseanna ann don údarás comhoibriú le húdaráis áitiúla ábhartha chun leas a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana féin trí chur chuige straitéiseach plean-bhunaithe ar mhaithe le freastal ar riachtanais tithíochta i bpobail na Gaeltachta. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach an údaráis chun é seo a phlé agus tuigim ón chruinniú sin go bhfuil plé ar bun leis na húdaráis áitiúla agus an deis ann oibriú le hUisce Éireann chun tairbhe a bhaint as an mbonneagar reatha sin. Tá mé ag cur cruinnithe le chéile idir an údarás agus Uisce Éireann chun na deiseanna seo a phlé. Cé go bhfuil ganntanas cóiríochta cónaithe sa Ghaeltacht, tá ceann de na rátaí folúntais is airde sa tír le feiceáil inti freisin. Chun dul i ngleic leis seo, tá comhordaitheoir tiomnaithe tithe folmha Gaeltachta ceaptha le déanaí, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus maoinithe ag an údarás, chun cabhrú le pobail aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna folúntais agus rochtain ar dheontais éagsúla de chuid an Stáit a éascú.
John Connolly (recorded as: Deputy John Connolly)
Glacaim gur ról tánaisteach atá ag an údarás ach mar a dúirt an tAire, tá ról suntasach aige i saol na Gaeltachta. Tá sé ag déanamh oibre maithe le blianta fada. Glacaim leis chomh maith nach bhfuil sé éasca d’eagraíocht nach bhfuil aon chleachtadh ná taithí aici ar chúrsaí tithíochta tús a chur leis an dualgas sin, go háirithe gan an fhoireann. Glacaim leis go bhfuil sé ráite ag an Aire anois go bhfuil duine fostaithe ag an údarás chun oibriú sa réimse seo, agus gabhaim buíochas as sin. Ceapaim go bhfuil an duine sin lonnaithe i gContae Mhaigh Eo. Is tús maith é sin. Chomh maith leis seo, cuirim fáilte go raibh cruinniú ag an Aire leis an bpríomhfheidhmeannach agus go bhfuil an tAire ag eagrú cruinnithe eile idir an t-údarás agus Uisce Éireann. Molaim don Aire gur cheart do dhuine ón Roinn tithíochta, nó duine ó na comhairlí contae áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta acu ina limistéir, a bheith ag an gcruinniú sin chomh maith, cosúil le hoifigeach ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae Chiarraí nó Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, mar shampla. Tá ról acu, mar a dúirt an tAire.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Bhí cruinniú iontach agam le príomhfheidhmeannach an údaráis agus phléigh muid na sites go léir atá aige. B’fhéidir go mbeidh muid in ann iad a réiteach le haghaidh tithíochta agus gach duine a fháil ar na tograí sin sa Ghaeltacht. Pléifidh muid é sin. Is maith an tuairim í go mbeidh duine ó na húdaráis áitiúla i láthair freisin. Tá mé ag obair leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, chun go mbeidh muid in ann an ráiteas tithíochta Gaeltachta a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Tá mé fós ag oibriú air sin. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta acu ina limistéir agus beidh cruinniú eile agam leo. Tá mé ag díriú isteach ar an ndúshlán seo. Tá sé tábhachtach dom. Caithfidh mé oibriú leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, freisin. Ní bhaineann an dúshlán seo le Roinn na Gaeltachta amháin; is dúshlán é do Roinn na tithíochta freisin. Tá muinín agam go bhfuil sí ag leagan amach na ndeiseanna chun an dúshlán mór seo a réiteach.
John Connolly (recorded as: Deputy John Connolly)
Tugann sé muinín do mhuintir na Gaeltachta a chloisteáil go bhfuil an méid sin déanta againn go dtí seo. Glacaim leis gur tús é ach is maith an rud é go bhfuil an tAire ag labhairt leis na daoine tábhachtacha sin, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta, an Roinn tithíochta agus na húdaráis áitiúla, chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Tá mé dóchasach anois, tar éis an mhéid atá ráite ag an Aire, go mbeidh dul chun cinn againn air seo i mbliana, chomh maith le foilsiú na dtreoirlínte, rud atá thar a bheith tábhachtach. Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn ag oibriú ar na treoirlínte tuaithe chomh maith agus, b’fhéidir, ba cheart an dá ceann acu a chur le chéile agus an dá chóip treoirlínte sin a fhoilsiú le chéile, mar téann siad le lámh a chéile. Is fadhb í an tithíocht ar fud na tíre ach is í an Ghaeltacht an t-aon áit sa tír ina bhfuil tionchar díreach aici ar ár dteanga féin, ar thodhchaí na teanga agus ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga pobail. Más rud é nach bhfuil tithe ar fáil sa Ghaeltacht, ní féidir le daoine cur fúthu inti agus bíonn an baol ann go mbogfaidh siad go ceantair ina bhfuil an Béarla mar ghnáththeanga. Is mór an gá agus fainic atá air seo.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá an t-uafás oibre le déanamh air seo. Tá sé in am tógáil, ach tá muid ag déanamh na hoibre. Ba bhreá liom go ndéanfaí athrú níos tapúla, ach tá muid ag déanamh na hoibre agus tá muid ag tabhairt na gcéimeanna go gcaithfidh muid a thabhairt ag an bpointe seo. Tá mé fós ag coinneáil brú agus ag déanamh na hoibre. Beidh mé i gcruinniú le príomhfheidhmeannach an údaráis amárach agus oibreoidh mé leis. Tá muid chun labhairt le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla freisin. Mar a luaigh an Teachta, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann daoine go bhfuil ról le haghaidh na Roinne tithíochta anseo. Tá mé ag oibriú go dlúth leis an Aire tithíochta faoi seo i gcomhthéacs na ndúshlán tithíochta le haghaidh na tíre ar fad ach tá sé thar a bheith tábhachtach an dúshlán atá roimh mhuintir na Gaeltachta agus clann na Gaeltachta maidir le tithíocht a thuiscint chomh maith.