← Back to debate record, 2026-02-05
2026-02-05
Conor D. McGuinness
question
5. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cad iad na tacaíochtaí maoinithe caipitil atá ar fáil óna Roinn do naíonraí chun áitribh oiriúnacha a fhorbairt nó chun leathnú a dhéanamh chun freastal ar éileamh méadaithe. [8768/26]
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Tá sé iontach níos mó daoine a chloisteáil ag caint mar gheall ar ghéarchéim thithíochta na Gaeltachta. Is maith an rud é sin. Baineann an cheist atá agam le naíonraí. Tá an-chuid daoine ag éileamh anois ar shaol trí Ghaeilge, mar shampla ar oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí, laistigh den Ghaeltacht ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. An srian atá i gceist anseo ná srian caipitil chun foirgnimh a thógaint agus spás a chruthú do pháistí atá ag freastal ar naíonraí fud fad na tíre.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceiste tábhachtaí seo. Tá maoiniú ar fáil faoin gclár tacaíochtaí pobail agus teanga agus faoin gclár scéimeanna tacaíochta Gaeilge de chuid na Roinne chun tacú le tograí caipitil laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is é cuspóir an chúnaimh chaipitil a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna seo an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Faoin gclár tacaíochta pobail agus teanga, cuirtear cúnamh caipitil ar fáil do choistí agus eagraíochtaí Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a thógáil nó a uasgrádú. Faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge, cuirtear maoiniú ar fáil do choistí pobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil nó a athchóiriú. Áirítear naíonraí agus seirbhísí luathblianta mar ábhar iarratais inghlactha faoi na scéimeanna seo. Cuirtear tacaíochtaí sa bhreis ar fáil do thograí luathblianta sa mhéid is gur féidir maoiniú suas le 95% de chostais inghlactha a fháil do sheirbhísí luathblianta pobalbhunaithe atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Is féidir costais chaipitil chomh maith le costais ghairmiúla a bhaineann le comhairleoirí a fhostú a áireamh sna deontais seo. Moltar dóibh siúd atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an rannóg cuí i mo Roinn chun maoiniú féideartha a phlé sula gcuirtear aon iarratas foirmiúil isteach. Is féidir teacht ar bhileog eolais don dá scéim agus ar shonraí maidir leis an bpróiseas iarratais ar shuíomh Idirlíne mo Roinne. Má tá an Teachta ag iarraidh an t-eolas sin, seolfaidh mé chuige go díreach é. Maidir leis an Roinn leanaí, tá an clár Building Blocks ann ó thaobh cúrsaí chaipitil freisin.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin. Mar is eol dó, tá tábhacht ar leith ag baint leis an tumoideachas agus an deis do dhaoine óga freastal ar oideachas d'ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ó aois an-óg, ó dhá bhliain agus naoi mí nó trí bliana suas go dtí an coláiste nó ollscoil, más maith leo. Is rud an-tábhachtach é sin agus tosaíonn sé i gcónaí leis an naíonra. Is dócha go bhfuil naíonraí mar bhunchloch an oideachais sin. Nuair a théann páistí isteach sa naíonra, b'fhéidir go gcloiseann siad an Ghaeilge ó pháistí eile don chéad uair agus foghlaimíonn siad scileanna sóisialta agus píosa neamhspleáchais. Tá sé an-tábhachtach go dtarlaíonn sé sin trí mheán na Gaeilge. Mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil naíonraí ar fáil. Táim ag smaoineamh ar dhá bhaile i mo thoghcheantar féin: Trá Mhór in oirthear Phort Láirge agus Dún Garbhán in iarthar Phort Láirge. I dTrá Mhór, tá Naíonra Philib Barún taobh le scoil náisiúnta Gaeilge. Níl spás ceart acu. Tá siad istigh in dhá prefab. Tá suíomh ceannaithe ag an naíonra agus táthar ag iarraidh áit a thógáil. Táim ag smaoineamh ar Naíonra Gharbháin chomh maith, atá sa riocht céanna. Tá an-éileamh ag teacht ar an naíonra áirithe sin.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Aontaím go mór leis an Teachta. Tá sé tábhachtach. Nuair a thosaíonn an turas Gaeilge ag aois óg cosúil leis sin, bíonn turas iontach ag an bpáiste on réamhscoil go dtí an bhunscoil, an mheánscoil agus an coláiste. Is iontach an rud é sin. Mar a dúirt mé, tá an t-airgead agus na scéimeanna ann. B'fhéidir go mbeidh plé againn maidir leis an dá scoil sin. Beimid in ann tacaíocht a thabhairt dóibh, go háirithe agus iad díreach in aice leis an mbunscoil. Is é an rud is fearr do thuismitheoirí go mbeadh an naíonra agus an bunscoil san áit céanna agus an Ghaeilge in úsáid sa dá háit. Táim sásta an dá scoil sin a phlé leis an Teachta agus obair a dhéanamh ionas go mbeimid in ann dul ar aghaidh. B'fhéidir go mbeimid in ann obair a dhéanamh leis an Aire, an Teachta Foley, freisin, faoin scéim Building Blocks. B'fhéidir go mbeidh meascán airgid agus infheistíochta ann. Aontaím go mór leis an Teachta faoin turas Gaeilge. Má thosaíonn sé ag aois óg, mairfidh sé don saol.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Bheadh sé iontach dul chun cinn a dhéanamh maidir le Naíonra Philib Barún agus Naíonra Gharbháin. Ba bhreá liom cruinniú a dhéanamh leo, leis an Aire agus lena oifigigh chun é sin a phlé. Más féidir linn, ba mhaith an rud é obair a dhéanamh leis an Aire, an Teachta Foley, chomh maith chun an maoiniú caipitil sin a chur ar fáil dóibh. Tá na suímh acu, ach is éard atá ag teastáil uathu anois ná píosa airgid chun dul ar aghaidh agus foirgnimh a thógáil ar na suímh sin ionas go mbeidh spás mar ba cheart ag na páistí atá fós ag feitheamh ar spásanna sna naíonraí sin.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Beidh mé lánsásta na tograí tábhachtacha sin sna naíonraí a phlé faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge. Má chuireann an Teachta ríomhphost chugam, beimid in ann é sin a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an infheistíocht seo ag dul go dtí na naíonraí. Tá infheistíocht bhreise le dul isteach i mbliana go dtí na naíonraí agus go dtí an obair atá á dhéanamh ag tuismitheoirí na Gaeilge. Mar gheall go bhfuil an t-airgead is mó sa Roinn againn le blianta, beimid in ann infheistíocht a dhéanamh sna naíonraí, sna scoileanna agus i gcúrsaí óige freisin. Beidh mé ag déanamh togra mór amárach faoi ionad óige mór faoi phlean caipitil na Roinne. Mar a dúirt mé leis an Teachta Hearne, tá an infheistíocht seo thar a bheith tábhachtach chun rud bunúsach a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ionas go bhfuil an deis acu ní hamháin tithe a fháil ach scoileanna, oideachas, cúrsaí cultúir agus ealaíon a fháil sa Ghaeltacht agus ceiliúradh a dhéanamh air sin sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.