← Back to debate record, 2026-02-05
2026-02-05
Aengus Ó Snodaigh
question
3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé le focail an Bhreithimh Humphreys san Ard-Chúirt sa bhreithiúnas maidir le cás Wild Ireland Defence CLG in aghaidh an Choimisiúin Pleanála, an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Ard-Aighne, agus an Aire turasóireachta, cultúir, ealaíon, Gaeltachta, spóirt agus meán, go bhfuil sé “seafóideach” agus “áiféiseach” a rá go bhfuil feidhm dhlíthiúil fós ag na scéimeanna teanga; an aithníonn sé nach bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm a thuilleadh; agus cathain a fhoilseofar na caighdeáin teanga atá le teacht i gcomharbas orthu. [8767/26]
Aengus Ó Snodaigh
(recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Tá an cheist seo dírithe ar an Aire toisc an breithiúnas a rinne an Bhreithimh Humphreys san Ard-Chúirt maidir leis na scéimeanna teanga. Dúirt sé go bhfuil sé "seafóideach" agus "áiféiseach" le rá go bhfuil feidhm dhlíthiúil fós acu. Cathain a bhfoilseofar na caighdeáin teanga atá le teacht i gcomharbas orthu siúd?
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Tá an Roinn ar an eolas faoi chás cúirte a tógadh i rith na bliana anuraidh, inar tarraingíodh ar ghnéithe bainteach le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla mar chuid de. Mar a luadh roimhe seo, bhí mo Roinn ag feidhmiú i gcónaí de réir comhairle dlí a bhí faighte ar an ábhar roimhe seo, ach mar bheart taca sa bhreis agus chun aon amhras a sheachaint sa tréimhse idir aisghairm na scéimeanna teanga agus teacht i bhfeidhm na gcaighdeán teanga, tá leasú molta ábhartha ar an Acht sin áirithe sa Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024. Ó tharla nach bhfuil an Bille sin achtaithe go fóill, scríobh an Roinn chuig gach comhlacht poiblí i mí na Nollag 2024 le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí Gaeilge atá á soláthar acu le linn na hidirthréimhse seo. Leagann an tAcht leasaithe amach nach féidir le caighdeáin teanga leibhéal níos lú seirbhíse trí Ghaeilge a fhorordú ná mar a bhí geallta roimhe seo faoi scéim teanga nó eile. Chuige sin, tá athbhreithniú cuimsitheach déanta ar na scéimeanna teanga reatha go léir mar chuid den obair dhréachtaithe ar na caighdeáin teanga, atá ag teacht chun críche anois. Áirítear roinnt gníomhartha bainteach le nithe a fhorordú trí na caighdeáin teanga sa phlean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a sheol mé le déanaí, chomh maith leis na bearta atá le tacú le comhlachtaí poiblí agus iad á gcur i bhfeidhm. Agus an plean sin foilsithe anois, tá sé i gceist tús a chur leis an gcomhairliúchán ar na dréacht-chaighdeáin go luath trí na meicníochtaí aitheanta faoin Acht.
Aengus Ó Snodaigh
(recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Gabhaim buíochas leis an Aire. Is léir ón bhfreagra go raibh comhairle dlí i gceist agus gur aithin an Roinn go raibh fadhb bhunúsach ann. Gealladh dúinn nuair a bhí muid ag déanamh plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na caighdeáin ann sar i bhfad. Ó thaobh an dlí de, ba chóir go mbeadh siad ann roimh dheireadh 2024. Tá na scéimeanna teanga as ord. Ní ann dóibh. Tá sé seafóideach agus áiféiseach a bheith ag brath orthu. Táthar ag brath ar dhea-thoil nó treoir ón Aire do na comhlachtaí poiblí gur chóir dóibh rud éigin a dhéanamh nach bhfuil go hiomlán dleathach má théitear de réir an méid atá ráite ag breitheamh na hArd-Chúirte. An príomhcheist ná cén uair a mbeidh feidhm dhlíthiúil ag na caighdeáin. Tá an tAire díreach tar éis a rá go dtosóidh comhairliúchán. Ní hamháin nach bhfuil siad foilsithe, in ainneoin gur gealladh dúinn go mbeadh siad foilsithe laistigh de thrí mhí, ach tá an tAire anois ag caint faoi chomhairliúchán. Mar sin, ní bheidh siad i bhfeidhm, de réir cosúlachtaí, roimh dheireadh na bliana seo.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá an-obair idir lámha ag mo Roinn ó achtaíodh an tAcht ar dhréachtú na gcaighdeáin teanga. Sa mhéid seo, táimid ag tabhairt aird ar chúrsaí níos luaithe go sonrach san Acht atá le háireamh, nithe atá le foghlaim ó thaithí na Breataine Bige, áit ina bhfuil córas ag feidhmiú go héifeachtach anois agus ar thóg sé roinnt ama an chéad dréacht a aontú. Tá an plean gníomhaíochta foilsithe anois. Tá sé i gceist tús a chur leis an gcomhairliúchán ar an dréacht ach tá an t-uafás oibre tar éis dul isteach sa dréacht sin agus beidh a lán sonraí ann. Bhí cruinniú leis na hoifigigh sa Roinn atá ag déileáil leis na dréachtaí an tseachtain seo caite. Tá muinín agam go bhfuilimid réidh le dul ar aghaidh go dtí an comhairliúchán sin chomh luath agus is féidir. Beidh mé ag cur brú go mbeidh sé déanta go tapa. Cé go bhfuil an dréacht agus na caighdeáin chomh tábhachtach, tá sé tábhachtach freisin go mbeidh am ag daoine iad a phlé. Tuigim an gá atá ann dóibh. Is rud an-tábhachtach dom é go mbeidh siad foilsithe. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh muid in ann caint le daoine fúthu agus aon bhuairt a bhíonn ar dhaoine faoin ndréacht a thuiscint.
Aengus Ó Snodaigh
(recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
San idirlinn, an bhfuil sé i gceist leanúint leis an leasú a bhí an tAire ag cur chun cinn maidir leis an mBille a bhaineann le toghcháin Údarás na Gaeltachta? Is féidir é sin a chur chun cinn mar Bhille ann féin agus an reachtaíocht maidir leis na toghcháin a chur ar athló, mar atá déanta ar aon chaoi, mar tá éigeandáil ann anois nach bhfuil aon fheidhm dhlíthiúil ag na scéimeanna. D'fhéadfaí rún nó Bille éigeandála a thógáil os comhair na Dála. Is é sin an rud a tharlaíonn de ghnáth nuair a deir an Ard-Chúirt nó aon áit eile nach bhfuil feidhm dhlíthiúil le reachtaíocht. Is é sin atá an breitheamh tar éis a rá. Mar a dúirt sé: Go deimhin féin, seafóid agus rud nach bhféadfaí a rá is ea an argóint ar fad go bhfuil an scéim fós ag faoileáil os cionn talún agus ag feidhmiú cé gur baineadh uaithi na cosa taca dlí a bhí mar bhonn léi. [...] Chomh seafóideach céanna atá an tuairim seo gur féidir leis an scéim feidhm dlí a thabhairt di féin trí leas a bhaint as a foclaíocht féin d’ainneoin cinneadh an Oireachtais an reachtaíocht údaraithe a aisghairm. An fhadhb bhunúsach, mar sin, ná nach bhfuil aon stádas ag na scéimeanna a thuilleadh gan reachtaíocht éigeandála.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Táimid beagnach réidh lena lán leasaithe a thabhairt chun tosaigh le haghaidh Bhille an údaráis. Tá leasú air seo mar cheann de na leasaithe sin. Tá mé ag plé an Bhille leis an bPríomh-Aoire chun é a thabhairt chun deiridh agus os comhair na Dála chomh luath agus is féidir. Beidh leasú ann faoin ndúshlán seo. Tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid ar aghaidh leis an obair ar na caighdeáin agus go bhfuil muid in ann na dréacht-chaighdeáin a phlé. Táimid dírithe ar an obair sin - ní hamháin na leasaithe - freisin. Beidh na leasaithe ag teacht os comhair na Dála agus an tSeanaid chomh luath agus is féidir nuair atá deis agam iad a phlé leis an bPríomh-Aoire.