← Back to debate record, 2026-03-03

2026-03-03

Aengus Ó Snodaigh question
135. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Culture, Communications and Sport an bhfuil sé i gceist aige ciste caipitil ealaíon a bhunú ar mhúnla an chiste caipitil spóirt chun freastal ar riachtanais spáis d’ealaíontóirí agus taispeántais, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [17092/26]
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Tá an cheist seo dírithe ar an Aire. Táim ag iarraidh a fháil amach cad go díreach atá i gceist aige maidir le ciste caipitil ealaíon a bhunú ar mhúnla an chiste chaipitil spóirt, atá ag oibriú faoi láthair, chun feabhas a chur ar na spásanna atá ar fáil d'ealaíontóirí timpeall na tíre.
Patrick O'Donovan (recorded as: Deputy Patrick O'Donovan)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an seans seo cúpla freagra a thabhairt trí Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge. Mar atá leagtha amach i gclár an Rialtais, creideann an Rialtas go bhfuil an cultúr agus na healaíona riachtanach do leas an phobail. Tá líonra de bhonneagar cultúrtha ar fud na tíre agus an tromlach faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil. Cuireann údaráis áitiúla agus an Chomhairle Ealaíon tacaíocht bhliantúil ar fáil don bhonneagar ealaíon agus cultúir seo, lena n-áirítear tacaíochtaí reatha a chabhraíonn le clár ealaíon a chur ar siúl. Díríonn mo Roinn ar mhaoiniú deontais chaipitil a sholáthar chun cabhrú le forbairt agus chun aire a thabhairt do na háiseanna ealaíon agus cultúir seo. Tá roinnt cláir mhaoinithe á reáchtáil ag an Roinn faoin scéim um chaipiteal cultúrtha le blianta beaga anuas. Is é sruth E an ceann is déanaí, a chuir deontais suas le €50,000 ar fáil le haghaidh oibreacha caipitil agus a leithéid. De réir an ghealltanais i gclár an Rialtais, cuireadh €6 milliún ar fáil do mo Roinn i mbuiséad 2026 le haghaidh clár nua maoinithe caipitil d'eagraíochtaí ealaíon agus cultúir ar fud na tíre. Cuirfidh sé seo tacaíochtaí caipitil a bhfuil géarghá leo ar fáil do na heagraíochtaí seo. Tá mo Roinn i mbun sonraí na scéime a dhearadh, lena n-áirítear critéir chun cur isteach ar an scéim. Is scéim maoinithe caipitil chultúrtha eile atá ar fáil ó mo Roinn an scéim phíolótach €6 milliún do spásanna oibre d'ealaíontóirí, a seoladh i mí an Mheithimh 2024. Faoin scéim seo, tugtar cuireadh d'údaráis áitiúla, lasmuigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tionscadail a mholadh a chuirfidh ar a gcumas spásanna oibre d'ealaíontóirí a sholáthar. Tá maoiniú suas le €300,000 ar fáil do cheantair údarás áitiúil a bhfuil daonra dlúth iontu agus €150,000 d'údaráis áitiúla eile. Críochnóidh mé an freagra go luath.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh, cé go bhfuilim ag iarraidh go mbeidh níos mó ann. Táim ag lorg go mbeidh cur chuige an chiste chaipitil do spóirt á úsáid, go mbeidh an t-aitheantas sin ann amach ansin agus go mbeidh na comhairlí contae nó na heagrais ealaíon in ann dul chuig an Aire nó pé duine a bheidh san oifig chun airgead a lorg chun cuidiú leis an obair. Nílim ag caint faoin airgead iomlán. Bheadh ar na comhairlí agus na heagrais sin a gcuid oibre féin a dhéanamh. B'fhéidir go bhfaca an tAire sna páipéir an tseachtain seo an plean atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i leith Merchants Quay. Tá an chomhairle chun athmhaisiú nó athchóiriú a dhéanamh ar thrí fhoirgneamh. Beidh 20 spás ann d'ealaíontóirí. Ní tharlóidh sé sin ach amháin go bhfuil siad ag fáil €4 mhilliún ó dhuine gan ainm mar bhronntanas. Níl an t-airgead ag an gcomhairle chun é sin a dhéanamh í féin mar sin tá gá le tacaíochtaí ón Rialtas.
Patrick O'Donovan (recorded as: Deputy Patrick O'Donovan)
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Bhí cruinniú agam um thráthnóna leis na hoifigigh sa Roinn maidir leis an scéim de €3 mhilliún atá curtha ar fáil do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Space to create an t-ainm atá ar an scéim. Tá sé an-tábhachtach dom go mbeadh an t-airgead seo á chur ar fáil don chomhairle cathrach go luath agus go mbeidh an chomhairle ag teacht go dtí an Roinn le plean chun úsáid a bhaint as an méid airgid sin. Tá súil agam go mbeidh mé in ann teacht ar ais go dtí an Teach go luath chun cuntas a thabhairt ar an €3 mhilliún sin. Maidir leis an €6 mhilliún atá fógartha agam i mbuiséad 2026, tá súil agam go mbeidh mé in ann scéim cosúil leis an sports capital a tharraingt amach. Beidh mé ag caint go soiléir leis na comhairlí cathracha agus comhairlí contae agus freisin leis na húdaráis bheaga atá ag obair i gcúrsaí ealaíona timpeall na tíre.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Ní i mBaile Átha Cliath amháin atá an t-airgead seo ag teastáil. Tá sé go maith go bhfuil an €6 mhilliún sin ann don chuid eile don tír anuas ar an €3 mhilliún a luaigh an tAire ansin do Bhaile Átha Cliath. Mar a luaigh mé, níl ansin ach scéim amháin. Tá a lán scéimeanna eile ag an gcomhairle. San áireamh, tá an scéim le 500 méadar cearnach a tugadh do na healaíon thíos ag Calafort Átha Cliath; an campas ealaíne atá siad ag díriú isteach air ansin. Luaigh an tAire ceann eile an uair dheireanach. Bhí muid ag caint faoin Rupert Guinness Theatre agus an t-airgead a chosnóidh sé sin. Tá sé sin i mBaile Átha Cliath ach má théann tú go dtí Corcaigh tá suíomhanna ansin ar ghá a lán airgid a chaitheamh orthu chun go mbeadh siad i gceart do na healaíontóirí atá á húsáid agus caithfimid cuidiú leo. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag tabhairt tacaíocht iomlán don Aire ó thaobh an chuir chuige. Tá mé ag iarraidh air, más féidir in aon chor, i bhfad Éireann níos mó airgid a chur ar fáil do na healaíon agus na háiteanna seo timpeall na tíre ar fad.
Patrick O'Donovan (recorded as: Deputy Patrick O'Donovan)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an méid tacaíochta a thug sé dom maidir leis an scéim phíolótach basic income for the arts. Tá sé an-tábhachtach dom go bhfuil sé seo críochnaithe go dtí seo agus go mbeidh muid in ann an scéim a chur i bhfeidhm arís i rith an tsamhraidh. Maidir leis an scéim nua eile atá i mbuiséad 2026 a labhair an Teachta faoi, beidh mé in ann, le cúnamh Dé, teacht ar ais go dtí an Teach go luath leis an scéim seo. Má tá deis ag an Teachta cabhair a thabhairt dom chun an scéim seo a bhaint amach leis na heagraíochtaí éagsúla, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach timpeall na tíre freisin, b’fhéidir go bhféadfadh sé ríomhphoist a sheoladh chugam chun a chuid smaointí a phlé. Fáiltím roimhe sin mar cabhróidh sé leis an méid oibre atá le déanamh agam agus atá á déanamh agam faoi láthair.