← Back to debate record, 2026-03-03

2026-03-03

Dara Calleary (recorded as: Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht (Deputy Dara Calleary))
Tá athas orm, mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, go bhfuil deis agam labhairt inniu i nDáil Éireann, agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2026. Beidh muid ag ceiliúradh ár dteanga dúchais, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr le linn na féile, agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh, is cuma cén leibhéal líofachta atá acu sa Ghaeilge. Is teanga bheo í an Ghaeilge. Tá sí beo de bharr go bhfuil pobal teanga againn sna ceantair Ghaeltachta a labhraíonn í go laethúil, mar a dhéanann daoine sna líonraí Gaeilge agus bailte seirbhís Gaeltachta agus in áiteanna eile ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is rud iontach é go bhfuilimid tar éis an ardú is mó i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a aimsiú i mbuiséad na bliana 2026. Inniu, tá mé ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga a neadú sna seirbhísí poiblí, go háirithe san aistriú i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Baineadh cloch mhíle shuntasach amach i mí Eanáir na bliana seo nuair a foilsíodh an chéad phlean gníomhaíochta faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Tagann foilsiú agus cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta le gealltanais sa chlár Rialtais maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, in éineacht le gealltanas i straitéis athnuachana na Státseirbhíse 2030 chun an plean náisiúnta a chur i bhfeidhm. Thit freagracht fhoriomlán as ullmhú an phlean náisiúnta agus an phlean gníomhaíochta araon ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht agus ar a bhfuil ionadaíocht ardleibhéil ag réimse leathan eagraíochtaí ó fud fad na seirbhíse poiblí. Tugadh faoi chomhairliúchán agus rannpháirtíocht chuimsitheach ar fud an Rialtais agus lasmuigh de i leith an phlean gníomhaíochta seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe as rannpháirtíocht a n-oifigeach sa phróiseas seo, in éineacht le comhlachtaí poiblí faoina gcoimirce. Leagtar amach na bearta ar leith sa chéad phlean gníomhaíochta nach mór tabhairt fúthu chun cuspóirí straitéise ardleibhéil an phlean náisiúnta a bhaint amach, agus díríonn sé ar fhorbairt na struchtúr tacaíochta a bhfuil gá leo le go mbeidh rath orainn amach anseo, le béim ar bhearta iomadúla nua agus éagsúla a thriail. Tá sé seo tábhachtach, go háirithe i dtaca le príomhchuspóir earcaíochta an Achta go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. I dtaca le ceann de mhórspriocanna eile an Achta, tá ullmhúchán cuimsitheach déanta i leith dréachtchaighdeáin teanga a fhorbairt, agus reáchtálfar próiseas comhairliúcháin maidir leis na dréachtchaighdeáin seo go luath. Beidh tionchar suntasach ag na caighdeáin teanga ar stádas agus úsáid na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus ar na seirbhísí Gaeilge a bheidh ar fáil don phobal. Beidh treoirlínte le foilsiú agam go luath chomh maith chun tacú le comhlachtaí poiblí ó thaobh chur i bhfeidhm gnéithe den Acht a bhaineann le cúrsaí teicneolaíochta agus digitiú na seirbhíse poiblí sna blianta amach romhainn. Chomh maith leis na treoirlínte, bunaíodh grúpa oibre teicniúil faoin bplean náisiúnta anuraidh. Beidh ról lárnach ag an ngrúpa seo i neadú na Gaeilge sa réimse digiteach, lena n-áirítear úsáid na Gaeilge ar fhoirmeacha oifigiúla agus taifead cruinn a dhéanamh ar ainmneacha, sloinnte, teidil agus seoltaí Gaeilge. Tríd an obair seo, tá mé muiníneach go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol, go háirithe ina bplé leis an Stát. Agus muid ag caint ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht, ní bheadh sé cuí gan aitheantas a thabhairt do ról Údarás na Gaeltachta. Níl aon cheist ach go bhfuil obair thábhachtach déanta agus idir lámha ag an údarás le cúnamh mo Roinne ar mhaithe le saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú, ar mhaithe leis an nGaeltacht a chosaint agus a fhorbairt, agus ar mhaithe leis an teanga a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 681 post nua a chruthú i gceantair Ghaeltachta in 2025. Bhí 9,716 duine fostaithe i gcliaintchomhlachtaí an údaráis, agus bhí díolacháin ar luach os cionn €1 billiún sa Ghaeltacht anuraidh don dara bliain as a chéile. Tá roinnt tograí móra caipitil idir lámha ag an údarás i gcomhar le mo Roinn sa réimse oideachais agus turasóireachta agus i dtéarmaí bonneagar a leathnú agus inrochtaineacht a mhéadú i gceantair Ghaeltachta. Luafainn mar shampla forbairt an ionad oideachais agus óige in Indreabhán, agus an líonra Gteiceanna atá ar fáil anois fud fad na Gaeltachta. Tá fáil ar mheascán oiriúnach de thithe cuí ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht phobail Ghaeltachta agus oileánacha rathúla a chinntiú. Tá freagracht ag Údarás na Gaeltachta as forbairt eacnamaíoch, teangeolaíoch, sóisialta agus cultúrtha laistigh den 26 limistéir pleanála teanga. Is é príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail i gceantair Ghaeltachta agus go gcaomhnófar í do na glúnta atá le teacht. Is fiú nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil do phobail na nGaeltachta agus ní bheadh sé cuí béim agus fócas na heagraíochta ar chomhlíonadh an róil sin a laghdú ná a athrú. Dá bhrí sin, beidh ról tánaisteach ag an údarás maidir le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht, i dteannta róil na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na n-údarás áitiúil. Tá punann suntasach réadmhaoine ar fud na Gaeltachta á mbainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus tá bonneagar fuíolluisce ar láithreacha éagsúla mar chuid de sin. De réir phlean tithíochta an Rialtais, Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030: Plean Gníomhaíochta don Soláthar Tithíochta agus chun Dul i nGleic leis Easpa Dídine, tá deis ann go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta comhoibriú le húdaráis ábhartha chun leas a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana féin chun freastal ar riachtanais thithíochta i bpobail Ghaeltachta. Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil plé ar bun leis na húdaráis áitiúla ina bhfuil deis oibriú le hUisce Éireann chun tairbhe a bhaint as an mbonneagar reatha sin. Ar ábhar gaolmhar, tá figiúirí ar fáil go poiblí ó fhoinsí, lena n-airítear an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an Roinn tithíochta, a léiríonn go bhfuil an treocht ó thaobh líon na dtithe sna contaetha Gaeltachta a fhaigheann cead pleanála, idir ráithí 2024 agus 2025, ag dul sa treo ceart in chuile chontae seachas ceann amháin. Tá an-éileamh chomh maith ar an deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh sna contaetha Gaeltachta le blianta beaga anuas. Ceadaíodh 302 iarratas maidir leis an deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh le linn 2024 agus 2025 i gceantair Ghaeltachta. Dáileadh beagnach €13 milliún idir na seacht gcontae Gaeltachta i ráithe 4 de 2025 faoin scéim seo. Ó thús na scéime go deireadh 2025, tá os cionn €73 milliún i ndeontais eisithe faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin sna contaetha Gaeltachta. Tá comhordaitheoir tiomnaithe tithe folmha Gaeltachta ceaptha le déanaí, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus maoinithe ag Údarás na Gaeltachta, chun cabhrú le pobail aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna folúntais agus chun rochtain ar dheontais éagsúla de chuid an Stáit a éascú. Tá mé ag cur an-bhéim ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Beidh mé ag oibriú go dian leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, agus leis an gcoiste Gaeilge chun an fhadhb seo a réiteach. Tá mé ag súil le chomhpháirtíocht ina thaobh sin. Is í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an scéim is sine atá á riaradh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. D'fhreastail níos mó ná 29,000 foghlaimeoir ar chúrsaí a bhí aitheanta faoin scéim anuraidh, an líon is airde ó 2019. As an líon sin, bhain os cionn 900 foghlaimeoir leas as an scéim scoláireachta, DEIS Gaeltachta, atá á mhaoiniú ag mo Roinn ó 2019. Ag aithint ról tábhachtach na dteaghlach aitheanta a chuireann lóistín ar fáil don scéim, mhéadaigh mé an fóirdheontas aon-oíche a chuirtear ar fáil do na teaghlaigh céanna go €14.50 in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche in 2025. Is é seo an méadú aonair is mó ar an deontas le breis is cúig bliana. Seoladh scéim chaipitil ghearrthéarmaigh in 2025 chomh maith chun tacú le teaghlaigh sheanbhunaithe le costais uasghrádaithe leapacha buinc agus tochtanna. Bhí luach suas le €2,000, nó 80% de na costais, ar an deontas seo. Bhain breis is 250 teaghlach leas as. Tá tábhacht nach beag ag baint le hinfheistíocht sa réimse digiteach d’fhorbairt na Gaeilge agus pobal a labhartha. Tá maoiniú suntasach ceadaithe ag mo Roinn do thionscadail éagsúla i réimsí éagsúla den earnáil dhigiteach. Bíonn na hionaid ADAPT agus Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag forbairt áiseanna aistriúcháin agus acmhainní nuálaíochta teanga. Cuireann ABAIR, togra de chuid Choláiste na Tríonóide, córas teicneolaíochta aitheanta cainte ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá an eagraíocht Kinia ag cur oiliúint agus áiseanna ar fáil d’oideachasóirí a bhíonn ag cur cúrsaí teicneolaíochta cruthaithí ar fáil do dhaoine óga. Tá Údarás na Gaeltachta i mbun oibre sa réimse seo freisin, ag breathnú go háirithe ar thionscnamh nuálach chun cumais Ghaeilge a chomhtháthú i dteicneolaíochtaí na hintleachta saorga. Is údar áthais é go bhfuil na 26 limistéar pleanála teanga, LPT, ar fad ceadaithe faoin bpróiseas, chomh maith le trí líonra Gaeilge agus deich mbaile seirbhíse Gaeltachta. Tá oifigeach pleanála teanga fostaithe i nach mór gach LPT agus iad ar fad ag oibriú go díograiseach ag feidhmiú pleananna ar an talamh. Foilsíodh an t-athbhreithniú ar na pleananna teanga le déanaí ina bhfuil roinnt moltaí, cuid acu a bhaineann le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht. Léiríonn sé seo an tábhacht leis an gcéad plean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a luaigh mé níos luaithe. Tar éis dom an t-ardú is mó riamh a fháil d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad 2026, beidh €3 milliún breise á infheistiú sa phróiseas pleanála teanga i mbliana. Idir an infheistíocht seo, tionchar an phlean gníomhaíochta agus tionchar na gcaighdeán teanga, a bheidh le seoladh i mbliana, cuirfear borradh faoin bpróiseas pleanála teanga sa tréimhse amach romhainn. Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do cheithre eagraíocht ar leith a bhíonn ag feidhmiú sa Ghaeltacht: Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas agus Ealaín na Gaeltachta. Tá €5.4 milliún ceadaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta thar trí bliana chun cur ar chumas na heagraíochta breis foirne a earcú chun a cuid seirbhísí a leathnú agus a bhuanú ar fud na Gaeltachta. Tá maoiniú leanúnach ceadaithe ag mo Roinn do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus beidh clár nua trí bliana le haontú leis an eagraíocht seo sna seachtainí amach romhainn chun tacú leis na seirbhísí chúram leanaí agus luathoideachais sna ceantair Ghaeltachta. Tá maoiniú, ar luach €1.24 milliún é, ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta don bhliain reatha chun a chlár oibre a riar ar fud na Gaeltachta chomh maith. Beidh beagnach €500,000 á chur ar fáil ag mo Roinn do Mhuintearas chun cur ar a chumas tús a chur leis an bpróiseas oiliúna agus earcaíochta mar réamhullmhúchán don mhórphlean atá ag an eagraíocht do sholáthar seirbhísí óige. Beidh sé ag gníomhú i ngach LPT de réir mar atá dara timthriall na bpleananna teanga á fhaomhadh. I dteannta an mhaoinithe shuntasaigh atá á chur ar fáil ag mo Roinn don phróiseas pleanála teanga le blianta anuas, bhí ríméad orm a fhógairt ag tionól na n-oifigeach pleanála teanga i gCaisleán an Bharraigh inné go bhfuil ciste caipitil de €235,000 ceadaithe agam thar thréimhse cúig bliana d’earnáil na pleanála teanga go náisiúnta. San áireamh sa phacáiste seo, tá €155,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus €80,000 d’Fhoras na Gaeilge chun trealamh riachtanach oibre a sholáthar do na hoifigigh pleanála teanga a bhíonn ag feidhmiú sna réigiúin éagsúla. Mar a dúirt mé cheana, laistigh den Ghaeltacht bainfidh 26 LPT agus trí bhaile seirbhíse Gaeltachta faoi scáth Údarás na Gaeltachta leas as an gciste seo. Lasmuigh den Ghaeltacht, beidh an maoiniú ar fáil do 13 baile seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge a thagann faoi scáth Fhoras na Gaeilge. Tacaíonn an maoiniú seo le cur i bhfeidhm an mholta a rinneadh san athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas pleanála teanga maidir le hacmhainní leordhóthanacha a bheith ar fáil do gach limistéar chun trealamh riachtanach oibre a cheannach. Aithnítear go mbeidh an ciste seo mar thacaíocht mhór do na hoifigigh pleanála teanga agus iad i mbun a gcuid oibre. Cuireann an Roinn cúnamh ar fáil faoin chlár tacaíochtaí pobal agus teanga do choistí agus eagraíochtaí pobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Déantar tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeltachta, ar nós Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, chun cláir oibre a chur ar bun. Cuireann an clár seo maoiniú ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chomh maith chun tograí straitéiseacha a fhorbairt, cosúil leis an ionad oideachais in Indreabhán. Cuirtear maoiniú caipitil ar fáil freisin do réimse eagraíochtaí pobal le háiseanna pobail a fhorbairt nó a athchóiriú, lena n-áirítear ionaid pobal agus spóirt agus áiseanna luathbhlianta. Tá scéim na gcúntóirí teanga á riar ag Muintearas, Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Glór na nGael thar ceann na Roinne. Tá an scéim ar an bhfód ó 1992 chun cabhrú le leanaí atá ag freastal ar scoileanna i gceantair Ghaeltachta an Ghaeilge a shealbhú, agus ar Ghaelscoileanna i gceantair áirithe lasmuigh den Ghaeltacht. Rinneadh forbairt ar an scéim le blianta beaga anuas mar go bhfacthas go raibh gá ag leanaí a bhí á dtógáil le Gaeilge le tacaíocht bhreise maidir le saibhriú teanga agus tá tacaíocht ar fáil do suas le 160 scoil faoi láthair. Lasmuigh den seomra ranga, tá scéimeanna eile á maoiniú ag an Roinn, ar nós an chlár aclaíochta scoile faoi scáth Mhuintearais, agus clár na gcluichí Gaelacha i gcomhair le Comhairlí Cúige de chuid an CLG. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na cláir seo mar go bhfuil siad ag spreagadh an aosa óig an teanga a labhairt agus iad i mbun spóirt agus spraoi. Tacaíonn scéim na gcampaí samhraidh leis an sprioc seo a bhaint amach freisin. Bíonn os cionn 170 campa éagsúil ar bun ar fud na Gaeltachta ar a bhfreastalaíonn os cionn 6,000 páiste Gaeltachta orthu seo. Is é Gaeilge365 an chéad aonad nuálaíochta a oibríonn trí mheán na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Gaeilge365 mar thionscadal píolótach in 2023 le tacaíocht airgid ó chlár Éire Ildánach, tacaíocht a bhí fíorthábhachtach le tús a chur leis an tionscnamh. Ba é aidhm an tionscadail phíolótaigh sin cur chuige nuálach a chur sa siúl ionas go gcruthófaí breis deiseanna don phobal an Ghaeilge a labhairt trí sheirbhísí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Leis an gcur chuige nuálach a bhí ag Gaeilge365 ón tús, agus baill foirne ón gcomhairle cathrach trí chéile rannpháirteach ann, bhíothas in ann cruthaitheacht na Gaeilge a chur i láthair. As seo go 2028, beidh Gaeilge365 ag obair i dtreo ceithre mhórchuspóir sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath - Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairlí Contae Fhine Gall, Bhaile Átha Cliath Theas agus Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá sé mar aidhm aige os cionn daichead tionscadal nuálach teangabhunaithe a fhorbairt sa bhliain. Cruthófar deiseanna labhartha Gaeilge trí sheirbhísí na gcomhairlí le líonraí láidir de nuálaithe teanga. Déanfar os cionn deich gcinn de na tionscadail nuálacha a fhréamhú sa bhliain i sruthanna oibre na gcomhairlí agus níos mó ná ocht dtionscadal sa bhliain a scálú le go bhfuil siad ag cur le deiseanna labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Déanfar plean teanga uaillmhianach a ullmhú do Bhaile Átha Cliath trí éiceachórais, ábhar foghlama agus sainscileanna a fhorbairt. Forbrófar samhail don tsáréifeacht i leith láidriú na Gaeilge – samhail is féidir le haon údarás áitiúil a leanúint trí thaighde, comhairliúchán agus scaipeadh forleathan an tsárchleachtais. Tá mo Roinn ag cur maoiniú os cionn €2.26 milliún ar fáil do Ghaeilge365 don tréimhse ceithre bliana ó 2025 go 2028. Tá an togra á chómhaoiniú ag údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, rud a chiallaíonn go bhfuil os cionn €4.5 milliún á infheistiú ag an Stát sa tionscnamh seo. Tá obair shuntasach ar bun le tacaíocht an Rialtais, agus réimse leathan daoine, grúpaí agus eagraíochtaí ag obair go tréan chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ina measc siúd tá pobal na pleanála teanga, na Ranna Stáit, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, na ceanneagraíochtaí, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí Stáit trí chéile. Táim féin agus an Rialtas seo tiomanta geallúintí an chlár Rialtais i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge agus pobail na Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin. Gabhaim buíochas le Baill as cluas éisteachta a thabhairt dom inniu. Tá súil agam go mbeidh deis acu go léir taitneamh a bhaint as cuid de chlár Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Tá sé tábhachtach go gcuidíonn na Gaeilgeoirí sa Chamber inniu lenár gcomhghleacaithe nach bhfuil anseo. B’fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh a bheith anseo agus nach bhfuil an mhuinín acu le bheith anseo. Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh gach duine a bhfuil Gaeilge aige an cuidiú agus an mhuinín chun an Ghaeilge a úsáid sa Seomra seo agus Seomra an tSeanaid, ní hamháin le haghaidh Sheachtain na Gaeilge ach gach seachtain. Leis sin, gabhaim buíochas leis an gciorcal comhrá Gaeilge a bhíonn ann sa coffee dock gach mí. Tá sé tábhachtach go dtabharfaimid deiseanna go dtí na comhghleacaithe atá againn an Ghaeilge atá acu a úsáid mar tá Gaeilge ag gach duine. Tá Gaeilge ag an Leas-Cheann Comhairle freisin. Tá sé tábhachtach go mbaineann muid úsáid aisti. Tá an brú sin orthu mar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu chun cuidiú leis na daoine eile. Sin an rud go mbeimid in ann difríocht a dhéanamh leis le haghaidh Sheachtain na Gaeilge. Ba bhreá liom dá mbeadh 20 duine sa Seomra seo ag úsáid Gaeilge an chéad bhliain eile. Bheadh sé sin iontach.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Aontaím leis an méid deireanach a bhí le rá ag an Aire. Tá sé orainn ar fad cuidiú leo siúd nach bhfuil Gaeilge líofa acu an Ghaeilge sin a úsáid agus tacú leo agus iad ag dul ar thuras foghlama na Gaeilge in athuair nó den chéad uair. Tá súil agam go bhfuil an ceart ag an Aire go mbeidh níos mó díobh sin nach bhfuil an mhuinín acu an Ghaeilge a úsáid anseo an bhliain seo chugainn agus muid ag tabhairt faoi na ráitis seo. Bíonn na ráitis seo againn gach uile bhliain. Anuraidh, bhí sé go hiontach an oiread sin Gaeilge a chloisteáil, ní hamháin le linn an lae seo, ach le linn Sheachtain na Gaeilge. Ó shin, tá ardú tar éis teacht ar líon na nGaeilgeoirí agus an méid Gaeilge atá le cloisteáil timpeall Thithe an Oireachtais. Leis sin ráite, táim ag impí ar an gCeann Comhairle más féidir léi díriú isteach ar an gceist. Rinneadh tuairisc anuraidh faoin nGaeilge sa Teach agus bhí grúpa stiúrtha ann faoi bhun an Uachtaráin anois – Catherine Connolly. Phléigh an grúpa le difríochtaí agus athruithe a dhéanamh i dTithe an Oireachtais chun a chinntiú go raibh níos mó deiseanna ann, ní hamháin dóibh siúd a bhí tofa, ach dóibh siúd atá ag obair anseo. Tá 100 bliain caite ó tugadh stádas oifigiúil don Ghaeltacht den chéad uair, agus 100 bliain níos déanaí tá pobal na Gaeltachta amach ar na sráideanna lasmuigh den Dáil fós ag éileamh bunchearta agus meas ón Stát seo. Gach bliain tagann an Dáil le chéile chun ráitis béalghrá a chloisteáil ón Rialtas agus chun deis a thabhairt do dhaoine seasamh leis an nGaeilge agus chun a chinntiú go bhfuil díospóireacht amháin trí Ghaeilge. Anocht, tá rún ag Sinn Féin dírithe ar cheist na tithíochta, rud atá ag déanamh tinneas do a lán dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Sin an fáth go raibh an agóid lasmuigh inniu. Anuraidh, bhí rún dírithe ag Sinn Féin anuraidh ar cheist an chóras oideachais ach chuir an Rialtas ina choinne ag an am. Is mór an trua é, mar b’fhéidir dá mbeadh sé tar éis glacadh leis go mbeimis tar éis bogadh ar aghaidh i saol chúrsaí oideachais as Gaeilge sa tír seo. Is am cinniúnach é an tseachtain seo. B’fhéidir gurb é seo an t-am chun an deis a thapú chun féachaint siar ar thuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta a foilsíodh sa bhliain 1926 – céad bliain ó shin: Ionas go dtuigfí an scéal go hiomlán, níor ghá ach beairic de chuid an Gharda Síochána ina bhfuil Gardaí ar Béarlóirí iad a shamhlú i gceartlár ceantair Ghaeltachta; nó Oifig Poist i mbaile Gaeltachta nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith inti; nó oifigeach nach bhfuil Gaeilge aige de chuid na Roinne Talmhaíochta, nó na Roinne Custam agus Máil, ag feidhmiú as measc phobal na Gaeltachta. Is gníomhairí díreacha iad na hoifigigh seo maidir le bunú agus leathadh an Bhéarla. Fós, níl Gaeilge ach ag beirt as gach triúr garda sa Ghaeltacht. Tá ar 80% de scoileanna na Gaeltachta múinteoirí gan Gaeilge líofa a earcú. Níl dochtúirí ar fáil, agus bíonn brú ar dhaoine sa Ghaeltacht taisteal lasmuigh di chun seirbhís sláinte a fháil i mBéarla. Is mór an trua tar éis 100 bliain go bhfuil neamhaird fós á dhéanamh ag an Státchóras ar na moltaí cuimsitheacha a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta. Níor chloígh an Rialtas leis an dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chun spriocdháta a shonrú faoina mbeidh seirbhísí stáit ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. A mhalairt ar spriocanna na reachtaíochta sin, tá cearta teanga sa Stát seo éirithe níos measa. Áit a raibh cosaint ag daoine trí na dualgais a bhí sonraithe sna scéimeanna teanga do chomhlachtaí poiblí, tá na scéimeanna go léir scriosta anois gan faic ina n-áit. Dúirt breitheamh san Ard-Chúirt go raibh cur chuige an Stáit "áiféiseach". Cúpla bliain ó shin, dúirt breitheamh sinsearach eile go raibh an Stáit páirteach i dteangadhíothú nó linguicide. Mar is gnáth, ní dhéantar díriú isteach ar an gceist sin anseo. Measaim gur gá dúinn díriú isteach ar an gceist a d'ardaigh muid anuraidh faoin nGaeloideachas agus an fáth go bhfuil 11 contae i lár na tíre fágtha amach as. Má fhéachaimid ar an léarscáil, feicfimid nach bhfuil aon spotaí dorcha i lár na léarscáile sin. Is iad sin na háiteanna nach bhfuil Gaelcholáiste ar bith iontu. Caithfimid díriú isteach ar an gceist sin má táimid chun cloí leis an méid atá leagtha síos sa dlí anois. Is é sin an dlí; caithfimid beart a dhéanamh de réir bhriathar an dlí sin.
Conor D. McGuinness (recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Tá an Ghaelainn fite fuaite lenár n-aitheantas mar náisiún agus mar phobal. Is teanga bhríomhar bheo í le stair ársa agus todhchaí gheal. I mo chlannsa agus i mo phobal, is í an Ghaelainn ár dteanga laethúil, ár dteanga chumarsáide, ár dteanga thuisceana, ár dteanga ghraidhin agus ár dteanga ghrá. Is fíor é seo i ngach cheantar Gaeltachta agus, ar ndóigh, in an-chuid clann ar fud na hÉireann. I mo chlannsa agus i mo phobal, is Seachtain na Gaeilge é gach seachtain. Tá mé mórtasach agus bródúil go bhfuil mo theanga féin á labhairt agam anseo inár bParlaimint náisiúnta. Molaim gach Teachta Dála, Seanadóir, comhairleoir agus ball foirne a dhéanann iarracht an tseachtain seo agus i gcónaí. Labhair le haon Ghaeilgeoir agus déarfaidh sé nó sí an rud céanna faoin mothúchán a mhúsclaíonn sé ionainn agus sinn á labhairt. Is teanga bheo í an Ghaelainn, teanga a mhair tríd na céadta bliain de dheacrachtaí, dúshláin agus ionsaithe; teanga a d'fhan dílis dár n-oidhreacht, dár n-aitheantas agus dár spiorad. Is croílár ár náisiún í agus is í an nasc a mheasclaíonn sinn leis an am atá caite, lenár láthair agus lenár todhchaí. Is é an tsnáithe órga a phósann sinn le glúnta atá imithe romhainn agus a threoraíonn sinn i dtreo todhchaí ina bheidh ár n-oidhreacht bheo bhríomhar arís. Is í an fhuaim a thugann beatha dár stair, dár seanchas agus dár dtraidisiún agus í an teanga a labhair ár laochra, ár bhfilí, ár réabhlóidithe agus ár n-ealaíontóirí. In ainneoin an easa in aghaidh a snámhann sí, tá líon na ndaoine atá ag foghlaim agus ag úsáid na Gaeilge ag méadú de réir a chéile. Tá an Ghaeilge le feiscint níos mó agus níos mó inár saol poiblí, inár meáin chumarsáide agus inár gcóras oideachais, cé go bhfuil neart dul chun cinn le déanamh ag an Rialtas ar an bpointe seo ach go háirithe. Tá sé in ann dúinn an Ghaelainn a labhairt le bród, a fhoghlaim le paisean agus a roinnt le grá. Tá sinne i Sinn Féin dáiríre faoi teanga agus faoi todhchaí na teanga. Tá polasaithe agus pleananna Shinn Féin dáiríre faoi Éire a bheith in áit sábháilte don Ghaeilge in ainneoin an caith san aer, an neamhaird agus an dímheas a thagann ó dreamanna eile i bhfad rómhinic. Tá gá anois le Gaeloideachas a chur ar fáil mar cheart do dhaltaí atá á iarraidh ar gach leibhéal agus i ngach chuid dár dtír. Tá gá ann chomh maith Gaeilgeoirí a choimeád inár gceantair Ghaeltachta trí thithíocht agus fostaíocht a chur ar fáil agus stop a chur le bánú na Gaeltachta. Is é sin an t-éileamh a bhí á dhéanamh taobh amuigh de na Tithe seo ar na sráideanna le linn na hagóide níos luaithe inniu. Is ceist an-dáiríre í sin i mo cheantar féin i nGaeltacht na nDéise in iarthar Phort Láirge, áit ina bhfuil baol ar thodhchaí na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta. Impím ar an Aire Stáit, an Teachta Joch Cummins, agus ar a chuid comhghleacaithe beart de réir briathair a dhéanamh i dtaobh tithíocht a fhorbairt i nGaeltacht na nDéise. Ní féidir leis an Rialtas seo a rá go bhfuil sé ar son na Gaeilge nuair atá líon na bpáistí sa chóras Gaeloideachais ag titim don chéad uair le blianta fada de bharr a pholasaithe, agus laghdú anois chomh maith ar líon na Gaeilgeoirí atá ina gcónaí inár gceantair Ghaeltachta de bharr easpa tithíochta. Tá sé de dhualgas orainn sa Teach seo an Ghaelainn a chosaint, a chur chun cinn agus a neartú. Caithfimid an Ghaelainn a labhairt, a scríobh, a léamh agus a chanadh. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar chuid lárnach dár saol laethúil, gan dímheas, gan náire agus gan lagmhisneach. Caithfidh an Rialtas seo gach rud gur féidir a dhéanamh ar son gach uile dhuine atá ag iarraidh agus atá ag éileamh saol trí Ghaelainn chun tacú leis an éileamh áirithe sin agus é a éascú.
Réada Cronin (recorded as: Deputy Réada Cronin)
Tá áthas orm labhairt sna ráitis maidir le Seachtain na Gaeilge inniu. Tá fáinne airgid agam anois. Gach bhliain, tugann an Rialtas a shuntas don Ghaeilge i rith Seachtain na Gaeilge. Deir sé go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach mar chuid dár bhféiniúlacht, dár stair agus dár gcultúr. Tá níos mó daoine ag cur suime sa Ghaeilge agus ag éisteacht le Gaeilge sa cheol, i scannáin agus ar an raidió, ach níl an Rialtas ag tacú leis an teanga nó lena fás. Déanann an Rialtas damáiste bliain i ndiaidh bliana. Tá sé sin le feiceáil sa Ghaeltacht. Ní féidir le muintir na Gaeltachta tithe a cheannach ina bpobal féin. Mar sin, tá méid na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú. Tá an Ghaeilge ag streachailt sa Ghaeltacht. Caithfear gníomhú anois chun tacú léi. Tá scéalta dearfacha freisin, buíochas le Dia. Tá méid na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge i gCill Dara ag fás le Gaelscoileanna cosúil le Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin agus Scoil Uí Riada i gCill Choca. Tá dhá bhunscoil agus meánscoil amháin i Maigh Nuad: Gaelscoil Uí Fhiaich, Gaelscoil Ruairí agus Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Tá Gaelscoil Nás na Ríogh agus Gaelcholáiste Chill Dara i Nás, agus táimid ag súil le Gaelscoil nua sna Solláin. Mar sin, tá níos mó daoine óga ag labhairt na Gaeilge sa chontae. Tá an grúpa Cill Dara le Gaeilge ann chomh maith agus é ag cur go mór le húsáid na teanga i gCill Dara. Tá sé le moladh ach caithfidh an Rialtas tacú leis anois. Tá daoine ag iarraidh an teanga a labhairt ach níl an Rialtas ag cabhrú leo. Is féidir linn daoine óga a spreagadh chuici mar tá suim acu anois sa teanga. Is teanga bheo í an Ghaeilge. Ná ligimid di bás a fháil. Mar a deir an seanfhocal, mol an óige agus tiocfaidh sí.
Shónagh Ní Raghallaigh (recorded as: Deputy Shónagh Ní Raghallaigh)
Seoladh pobalbhreith nua an tseachtain seo ina léiríodh dearcadh dearfach i leith na Gaeilge, go háirithe i measc an aosa óig. Deir 74% dóibh siúd idir 25 agus 34 gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá dúil ann don Ghaeilge i measc an phobail. Tá gluaiseacht láidir againn ag obair chun ár gcultúr Gaelach a chur chun cinn, a bhfianaise sin i líon na ndaoine a d’fhreastail ar an agóid ar son cearta teanga an samhradh seo caite. Cinnte, níl ach fás tagtha ar an ngluaiseacht sin ó toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na tíre. Tá aitheantas le thabhairt freisin do leithéidí Kneecap agus na cailíní ó An Chéad Ghlúin Eile, agus an tionchar atá acu i dtaobh ár dteanga a chur chun cinn. Is údar dóchais é seo ar fad ach ag deireadh an lae ní féidir linn a bheith ag brath ar chosmhuintir na tíre amháin chun an Ghaeilge a shlánú. Teastaíonn tacaíocht structúrach. Faoi láthair, níl ach spadántacht le brath ón Rialtas seo i leith ár gcéad teanga náisiúnta. Tá an Rialtas ina chodladh fad is atá deis millteanach os ár gcomhair. Ní raibh an leibhéal céanna dea-thola riamh i stair an Stáit i measc an phobail. Caithfidh an Rialtas an deis a thapú. Tá fadhbanna móra ar ghá dul i ngleic leo. Mar shampla, maidin inniu sa choiste Gaeilge chuala muid ó dhaoine óga atá ag iarraidh a gcuid saolta a chaitheamh i nGaeilge ach nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha ón Stáit trí mheán na Gaeilge. Tá géarchéim tithíochta againn sa Ghaeltacht agus gan aon phlean ag an Rialtas chun soláthar tithíochta a chinntiú do Ghaeilgeoirí dúchasacha. Tá na mílte páistí ag fáil díolúintí ón nGaeilge chuile bhliain, agus gan an Rialtas fiú sásta a admháil gur fadhb í sin, gan trácht ar phlean a bheith aige chun déileáil leis seo. Chuile bhliain, tá teaghlaigh gur mhaith leo oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge dá bpáistí nach bhfuil fáil acu air; an cheart oideachas lán-Ghaeilge a fháil á shéanadh ag an Rialtas de bharr ceall infheistíochta. Níl Gaelcholáiste i ngach chontae sa tír seo faoi láthair. Tá iallach á chur ar dhaltaí gur mhaith leo leanúint lena gcuid oideachas i nGaeilge freastal ar mheánscoil Bhéarla de bharr nach bhfuil Gaelcholáiste ina gceantar. Nuair atá an meánscoil críochnaithe acu, níl an dara rogha ag daoine óga ach iompú ar an mBéarla ag an tríú leibhéal toisc nach bhfuil soláthar dóthanach do chúrsaí i nGaeilge ar fáil. Níl comparáid idir an maoiniú a fhaigheann eagrais Ghaeilge agus eagrais cosúla a fheidhmíonn trí Bhéarla. An t-aon áit inar léirigh an Rialtas uaillmhian ná nuair a leag sé síos sprioc go mbeadh 20% den seirbhís phoiblí inniúil le Gaeilge agus tá ag teip air na céimeanna cuí a thógáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an sprioc sin. Mar sin, agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, impím ar an Rialtas grá a thaispeáint don Ghaeilge agus a mheon a athrú chun a thuiscint gur seoid seachas ualach í an teanga bheo seo atá againne.
Conor Sheehan (recorded as: Deputy Conor Sheehan)
Is mór an onóir dom labhairt anseo i rith Sheachtain na Gaeilge ar son Pháirtí an Lucht Oibre. Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Calleary, a bhí ann. Rinne an tAire cur i láthair iontach. I ndáiríre, aontaím leis an méid is mó a bhí le rá aige. Mar a dúirt an Teachta Ní Raghallaigh, a bhí ann cheana, i rith an toghcháin uachtaránachta, thug an tUachtarán atá ann anois, Catherine Connolly, spreagadh do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus a choimeád. Faoi láthair, tá athbheochan nua ar an nGaeilge ar siúl. Ní gá ach féachaint ar Kneecap ná éisteacht ar na céadta podchraoltaí atá ann anois, cosúil le "How to Gael", "An Pod Gaeilge" agus "Gaylinn". Tá a lán podchraoltaí eile ann ach nílim in ann iad go léir a chur faoi bhráid na Dála. Tá gá le níos mó ná podchraoltaí chun an teanga a fhoilsiú. Tá gá le hathrú ó thaobh seirbhísí poiblí agus ó thaobh cúrsaí oideachais. Nuair a bhí an Teachta Ní Raghallaigh anseo, labhair sí faoin bhfadhb atá ann i roinnt contaetha sa tír seo maidir le meánscoileanna lánGhaeilge nó Gaelcholáistí. Is iarscoláire de chuid Ghaelscoil Sáirséal i Luimneach mé. Ní raibh mé ábalta freastal ar mheánscoil lánGhaeilge mar ní raibh meánscoil lánGhaeilge ann nuair a bhí mé óg. Ba é 2005 an bhliain a bhí ann. Tá sé dochreidte go bhfuil scoláirí i roinnt contaetha sa tír fós ag fanacht ar Ghaelcholáiste lánGhaeilge. Bhí ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, an Teachta Ivana Bacik, i dteagmháil le grúpa a bhí ann, Gaelcholáiste Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8, mar bhí easpa Gaelscoile fiú i mBaile Átha Cliath. Nuair a bhí mé óg, bhí Mary Hanafin ina hAire oideachais. Bhíomar taobh amuigh den Dáil in 2004 nó 2005 ag damhsa mar nach raibh foirgneamh buan againn i nGaelscoil Sáirséal. Tá an t-ádh againn go bhfuil foirgneamh buan ag an scoil anois ach bhíothas ag fanacht ar fhoirgneamh buan le 20 bliain. Tá an-bhród agam a bheith in ann mo theanga dhúchais a labhairt sa Dáil seo. Is gá níos mó díospóireachtaí Gaeilge a bheith againn, fiú i rith Sheachtain na Gaeilge. Nuair a bhí an tAire anseo, labhair sé faoi sheirbhísí poiblí Gaeilge agus faoin bplean straitéiseach. Tá sé tábhachtach a rá go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% de na hearcaigh nua sa tseirbhís poiblí faoin mbliain 2030 de réir an phlean sin. Chun an méid sin a bhaint amach, is gá mórathrú a bheith ann. Leis an mórathrú sin, caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil maoiniú ceart curtha ar fáil chun an bplean gníomhaíochta do sheirbhísí poiblí Gaeilge 2026-28 a chur i bhfeidhm go rathúil. Caithfidh an plean sin teacht isteach ina iomláine roimh an bplean um sheirbhísí poiblí. Mar a dúirt mé, tá gá le hathrú iomlán. I ndáiríre, ní bheadh an plean sin ábalta an méid sin a bhaint amach gan na fadhbanna sa chóras oideachais a leigheas. Mar shampla, tá deacrachtaí móra ann maidir le haistriú daltaí ó iarbhunscoileanna lánGhaeilge go dtí an tríú leibhéal. Is gá obair a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Óige agus leis an Roinn breisoideachais chun scrúdú a dhéanamh ar aistriú daltaí. Is fadhb mhór é sin. Dúirt m'aintín an méid sin liom nuair a bhí mé óg. Bhí sí ina scoláire i gcoláiste lánGhaeilge i Luimneach. Ansin, chuaigh sí go dtí an ollscoil i gCorcaigh. Rinne sí céim sna healaíona ansin. Bhí fadhbanna ollmhóra aici ag an am sin, sna hochtóidí, maidir le haistriúchán Béarla mar bhí oideachas lánGhaeilge aici go dtí sin. Tá na fadhbanna sin fós ann. Is gá grúpa oibre earnála a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ina bhféadfadh le hoideachas tríú leibhéal cur le spriocanna teanga na seirbhíse poiblí. Ba mhaith liom a fháil amach inniu an bhfuil an obair sin tar éis tosú. Caithfidh an Rialtas díriú isteach ar úsáid na Gaeilge sa straitéis náisiúnta atá le teacht maidir le hoideachas treasach. Bhí an tAire breisoideachais ag labhairt faoin méid sin cheana. Tá rún ag Páirtí Shinn Féin anocht maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Beidh mé ag labhairt níos mó faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht anocht ach ba mhaith liom a rá nach bhfuil aon chearta teanga ann don Ghaeilge gan cearta tithíochta sa Ghaeltacht. Deirim an méid sin mar níl cainteoirí dúchasacha in ann saol a chruthú sa Ghaeltacht faoi láthair toisc na faidhbe Airbnb agus toisc go bhfuil siad fós ag fanacht ar na treoirlínte pleanála. Dúirt an seanRialtas go raibh na treoirlínte pleanála chun teacht isteach in 2021. Is gá i bhfad níos mó tithe sóisialta a thógáil sa Ghaeltacht mar níl aon tithe sóisialta ann, fiú i nGaeltacht Chonamara. Tá mé an-bhródúil as a bheith ábalta mo theanga náisiúnta a úsáid anseo sa Dáil, cé chomh briste is atá sí. Ba mhaith liom a rá le gach uile Chomhalta anseo agus le gach Ball den Dáil agus den Seanad, fiú amháin i rith Sheachtain na Gaeilge, úsáid a bhaint as an nGaeilge atá acu.
Naoise Ó Cearúil (recorded as: Deputy Naoise Ó Cearúil)
Cheapfá go raibh staid na Gaeilge go hainnis sa tír seo ón méid atá cloiste againn inniu ón bhFreasúra. Ní hé sin an cás. Is dea-scéal í an Ghaeilge sa lá atá inniu ann, agus is scéal dearfach é. Tá an Ghaeilge le feiscint agus le clos i ngach uile pháirt den tsochaí anois - sna scannáin, sa cheol agus fiú sna sráideanna. É sin ráite, tá dúshlán fós ann. Tuigimid uilig é sin. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ó thaobh na Gaeilge de sa tír seo, agus tá an athbheochan fós beo. Tá níos mó daoine anois ag labhairt na Gaeilge ná a raibh riamh i stair na tíre seo. Tá níos mó le déanamh againn ionas go mbeadh níos mó Gaeilgeoirí againn sa tír seo. An tseachtain seo caite, bhíos sa Bhreatain Bheag leis an gcoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le breathnú ar an méid atá á dhéanamh acu sa tír sin chun an Bhreatnais a chur chun cinn. Is léir go bhfuil an t-uafás ar siúl acu agus againn anseo in Éirinn. I gcomparáid, sa Bhreatain Bheag, is léir sa chóras oideachais ansin go bhfuil cúrsaí tumoideachais acu ag dul ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, rud éigin ar cóir dúinn féachaint air anseo in Éirinn. Araon leis sin, táthar ag breathnú go mbeadh 10% den tseachtain sna scoileanna Béarla tríd an mBreatnais. Díreach agus mé ag smaoineamh faoi sin in Éirinn, an rud go bhféadfaimis a dhéanamh anseo ná ar an Aoine, mar shampla, go ndéanfar ealaín, ceol agus corpoideachas go léir trí Ghaeilge. Mar sin, ní díreach ábhar Gaeilge atá ann, ach tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den oideachas agus mar chuid de shaol an scoláire chomh maith. Caithfidh mé a rá go bhfuil an t-uafás déanta cheana féin ag an Rialtas seo. Níl an Rialtas seo ach le chéile le beagnach bliain anuas. I mbuiséad 2026, bhí méadú sa bhuiséad €35 milliún – 29% i mbuiséad 2026 i gcomparáid le buiséad 2025. Caithfidh mé an tAire a mholadh. Tá an t-uafás déanta ag an Aire, an Teachta Calleary, chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn. Fuair sé tuilleadh maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nach raibh feicthe againn riamh. Caithfimid é sin a mholadh. Tá an cleachtas seo ag an bhFreasúra an t-am ar fad chun an Rialtas agus an tAire a cháineadh. Níl sé sin maith go leor. Caithfear daoine a mholadh agus caithfear a admháil go bhfuil an t-uafás déanta go dtí seo. Tá tuilleadh maoinithe ag teastáil. Tuigimid é sin, ach caithfimid seasamh siar uaireanta agus a rá go bhfuil an t-uafás á dhéanamh agus go bhfuil níos mó le déanamh. Araon leis sin, tá dúshláin ann. Is sampla é an tithíocht sa Ghaeltacht. Bhí BÁNÚ agus Tinteán lasmuigh de gheataí Theach Laighean níos luaithe agus táthar sa seomra AV anois. Tá deacrachtaí ann ó thaobh tithíocht sa Ghaeltacht. Tá na treoirlínte le teacht amach ag tús na bliana seo chugainn. Ba bhreá liom iad sin a fheiscint i bhfad níos tapúla mar tá sé ródheacair do dhaoine óga agus do gach duine sa Ghaeltacht cead pleanála a fháil. Tá fadhbanna ar leith ann ó thaobh Airbnb. Ceann de na fadhbanna atá ann ná leis na comhairlí contae. Tá na comhairlí contae ag breathnú ar na réigiún Gaeltachta seo ar nós réigiúin eile sa chontae ina bhfuiltear, seachas breathnú díreach orthu mar áiteanna croílár na teanga sa tír seo. Tá dúshláin eile ar nós na hearcaíochta san earnáil Ghaeilge. Mar Leas-Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge, Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge san Oireachtas, táimid ag déileáil leis an méid sin faoi láthair. Tá dúshláin ann le líon na nGaelcholáistí. I nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, mar shampla, níl foirgneamh buan aige agus tá sé de dhíth. Caithfimid níos mó cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil chun an earcaíocht sin a bhaint amach faoi 2030. Tá níos mó cúrsaí ag teastáil trí mheán na Gaeilge. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn. Tá sé i staid láidir. Tá níos mó oibre le déanamh, ach caithfimid smaoineamh faoin áit a rabhamar deich mbliana ó shin, 20 bliain ó shin agus 30 bliain ó shin agus an áit a bhfuilimid anois. Tá mise ag súil le dul chun cinn na Gaeilge sa todhchaí.
Barry Ward (recorded as: Deputy Barry Ward)
Ba mhaith liom tosú agus leanúint ar aghaidh le rud a dúirt an Teachta Ó Cearúil ansin faoin láidreacht a bhaineann leis an nGaeilge inniu. Is maith an rud é sin, ach bhí mé chun scéal gairid a insint faoi chara liom, Seán Ó Tuathail. Is múinteoir é agus mac leis an iarTheachta Breandán Ó Tuathail, a fuair bás cúpla seachtain ó shin. Ar dheis Dé go raibh a anam. Bhí mé ar an tsráid ar an nguthán le AXA. Bhí mé ag déanamh rud éigin leis an nguthán leis agus ag fanacht ar an bhfear teacht ar ais chugam. Tháinig Seán suas chugam. Labhraímid as Gaeilge de ghnáth. Bhíomar ag labhairt as Gaeilge le chéile nuair a tháinig an fear ó AXA ar ais ar an nguthán. Bhí orm dul ar ais go dtí an glaoch gutháin. Bhí an fear in AXA ag obair i nDoire agus lean sé ar aghaidh leis an gcomhrá liom as Gaeilge. Fiú go raibh sé ag obair ar son comhlachta agus i nDoire, bhí sé in ann leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá as Gaeilge. Sin an láidreacht a bhaineann leis an nGaeilge. Sin an nádúrthacht a bhaineann leis an nGaeilge. Sin an rud ba cheart dúinn a bheith ag féachaint air ionas go mbeidh an teanga sin in ann a bheith nádúrtha do gach aon duine in Éirinn. Sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an méid sin oibre maidir leis an nGaeilge. Cuirim fáilte roimh an méid tacaíochta agus infheistíochta atá déanta ag an Rialtas seo sa Ghaeilge agus seirbhísí Gaeilge. Tá an t-ádh orainn go bhfuil rudaí cosúil le TG4 agus Raidió na Gaeltachta ar fáil againn ionas go mbeidh daoine in ann éisteacht leis an nGaeilge, breathnú ar an nGaeilge agus an Ghaeilge a chloisteáil an t-am ar fad. Rud a bhaineann leis sin ná an fhógraíocht agus go mbeadh 20% den fhógraíocht ó aon chomhlacht Stáit as Gaeilge ar na meáin cosúil le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, ach go háirithe ar RTÉ agus na meáin eile. Sin rud thar a bheith tábhachtach i mo thuairim féin, go gcloiseann gnáthdhaoine - nach labhraíonn Gaeilge gach lá agus nach bhfuil mórán Gaeilge acu - an Ghaeilge gach lá. Cloiseann siad an Ghaeilge ar an raidió, feiceann siad an Ghaeilge ar an teilifís agus san fhógraíocht eile ar bhusanna agus áiteanna eile. Sin rud thar a bheith tábhachtach. Má táimid ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh níos nádúrtha dúinn go léir, caithfimid féachaint ar rudaí cosúil leis sin. Ag an am céanna, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin nGaeloideachas freisin. Tá níos mó ná 20,000 páiste cláraithe i nGaelscoileanna ar fud na tíre. Tá 250 Gaelscoil, ach níl ach 70 Gaelcholáiste. Caithfimid dul go dtí áit a bhfuil seans ag gach aon pháiste in Éirinn a chuid oideachais a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin rud deacair. Is cinnte go bhfeicim an deacracht a bhaineann leis sin ó thaobh mhúinteoirí, scoileanna agus araile. Rud níos tábhachtaí fós ná sin ná, má tá páiste i nGaelscoil, ba cheart go mbeadh an seans ag an bpáiste sin leanúint ar aghaidh leis an nGaeloideachas i nGaelcholáiste. Níl an rogha sin ar fáil ag gach aon pháiste i nGaelscoil in Éirinn faoi láthair. Mar shampla, i mo Dháilcheantar féin i nDún Laoghaire, deir Julian de Spáinn liom cé go bhfuil níos mó daoine i mBaile na Manach, mar shampla, ag labhairt Gaeilge gach lá ná aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht, níl ach dhá Ghaelscoil againn i nDáilcheantar Dhún Laoghaire. Bhí Gaelscoil Laighean i nGráinseach an Déin, ach tá sé imithe go dtí suíomh in Mount Anville. Tá Scoil Lorcáin agus Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac ann. Níl ach dhá Ghaelscoil ann dúinn. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh ar thaobh an Ghaeloideachais ná atá á dhéanamh againn anois. Caithfimid níos mó a dhéanamh ionas go mbeidh rogha ag gach teaghlach agus ag gach páiste a chuid oideachais a dhéanamh trí Ghaeilge. Maidir le nádúrthacht na Gaeilge, tá fadhbanna fós ag daoine a bhfuil a n-ainmneacha trí Ghaeilge déileáil le comhlachtaí príobháideacha – ní leis an Stát. Tá a fhios agam go bhfuil ceart ag gach aon duine maidir leis an Stát agus déileáil leis an Stát a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, agus is maith an rud é sin, ach ní amhlaidh atá sé má tá tú ag déileáil leis na mbanc, mar shampla. Táimse i mo chónaí i nDún Laoghaire agus fiú nach bhfuil m'ainm as Gaeilge, úsáidim "Dún Laoghaire" sa seoladh an t-am ar fad. Tá síneadh fada ar an "u" in nDún Laoghaire. Má dhéanaim iarracht é sin a úsáid leis na bainc, ní oibríonn sé. Fiú go bhfuilimid ag déanamh rudaí ó thaobh fógraíochta agus ó thaobh daoine a bheith in ann gnó a dhéanamh leis an Stát as Gaeilge - is maith iad na rudaí sin - tá fadhbanna fós ag daoine atá ag úsáid focail Ghaeilge ná ainmneacha Gaeilge agus iad ag déanamh a gcuid gnó le comhlachtaí príobháideacha. Caithfimid obair a dhéanamh ar an ábhar sin freisin.
Fionntán Ó Súilleabháin (recorded as: Deputy Fionntán Ó Súilleabháin)
Tír gan teanga, tír gan anam. A country without a language is a county without its soul. Is ráiteas fíorthábhachtach ó Phádraig Mac Piarais, a bhfuil dealbh de thuas sa Ghailearaí anseo, é sin. Tá athbheochan nua ar an nGaeilge ar siúl faoi láthair. Tá borradh mór faoin nGaeilge. Tá dearcthaí agus meonta fhíordhearfacha ann ina leith ach is a mhalairt a fheictear ón Rialtas. Tá sé an-difriúil ar fad. Tá an Rialtas gan meon neamhspleáchais. I go leor bealaí, tá a mheon bunaithe ar an tseoinínteacht agus ar neamhaird ar an nGaeilge, ár dteanga náisiúnta. Déanann an Rialtas neamhaird ar thobar na Gaeilge, the well, spring or fountain of our language, the Gaeltacht, atá i ngéarchéim nó in crisis faoi láthair. I bhfocal Mháirtín Ó Cadhain, tá an Ghaeltacht ar nós chúinne an ghiorria ag fanacht leis an speal. To use the metaphor of an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain, the Gaeltacht has been reduced by neglect and bad Government policy to become a mere hare's corner left precariously in the meadow waiting for the scythe. Caithfimid polasaithe a athrú chun muintir na Gaeltachta a choimeád ina bpobail dhúchasacha féin, chun ligean dóibh cead pleanála a fháil agus chun tithíochta a chur ar fáil do mhuintir áitiúil na Gaeltachta, atá á bánú faoi láthair. Mar sin, tá meas mór ag dul chuig na gníomhaithe ón eagras BÁNÚ a bhí taobh amuigh de na geataí seo inniu. Mholfainn go mór do dhaoine dul amach ar na sráideanna faoi na ceisteanna sin, mar a chonaiceamar i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath maidir leis an Dream Dearg agus a leithéid. Is é an Ghaelscolaíocht nó Irish-medium education mo chúlra. Níl ach 6% ag freastal ar oideachas Gaelscolaíochta faoi láthair. Tá tascfhórsa ag an Rialtas ach cad é an sprioc? An é 7%, 8%, 9% nó 10% an sprioc? An bhfuil 16%, 26% nó 36% i gceist? Níl a fhios ag éinne. Ba mhaith liomsa 100% a fheiscint. What is the Government's target for children to be given the gift of an Irish-medium education? Níl a fhios ag éinne céard é an sprioc sin. Is géarchéim eile í an líon daltaí a bhfuil díolúintí ón nGaeilge acu. In 1999, bhí díolúine ag 2.5% ach, in 2023, bhí sé tar éis léim go 13.5%. A huge number of secondary school children, 55,660, are now receiving exemptions from learning the language. This crisis needs to be addressed. A change of approach is needed. Caithfear an bronntanas seo, an dátheangachas, a thabhairt do gach uile dhalta in Éirinn. Ag an tríú leibhéal, tá gluaiseacht iontach ar siúl. Tá borradh nua faoin nGaeilge agus tá spéis ag na mic léinn í a chur chun cinn. Tá polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ag an tríú leibhéal scannalach. Níl mórán deiseanna ag mic léinn leanúint ar aghaidh le hoideachas trí Ghaeilge. Caithfimid i bhfad níos mó tacaíocht a thabhairt do na cumainn Ghaeilge, na heagrais Ghaeilge agus na daoine atá ag obair ar son ár dteanga náisiúnta. Caithfimid bealaí Thír na mBascach agus na Breataine Bige a leanúint. Tá an Ghaeilge anseo do chách in Éirinn. Caithfimid tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a labhairt. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais, "Ní tír go teanga" agus "Tír gan teanga, tír gan anam". Is í sin an fhírinne lom.
Rory Hearne (recorded as: Deputy Rory Hearne)
Tá ríméad orm an deis seo a fháil chun labhairt ar Sheachtain na Gaeilge. Nílim líofa ach, cosúil lena lán daoine, táim ag déanamh iarracht mhór chun an Ghaeilge a fhoghlaim arís mar tá Gaeilge i mo chroí. Tá ár dteanga dhúchais ag fás arís. Tá sé istigh i gcroíthe a lán daoine ar fud na tíre. Tá a lán daoine ag déanamh iarracht mhór leis an nGaeilge sa tseachtain seo. Tá sé tábhachtach dom dul lasmuigh de mo comfort zone ó am go ham, faoi mar atáim ag déanamh anois. Tá dúthracht ag mo pháirtí, na Daonlathaithe Sóisialta, an teanga náisiúnta a fhorbairt, a chosaint agus a athbheochan. Tugaimid aird ar leith ar réigiúin agus pobail Ghaeltachta. Tacóimid leo go praiticiúil, go háirithe de bharr go bhfuil go leor acu faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta riamh anall. I gceann cúpla mí, beidh Míde Nic Fhionnlaoich ina hionadaí orainn i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar. Is as Gaeltacht Chonamara ó dhúchas í. Beidh sí ina guth láidir dá pobal agus tá a fhios ag Dia go bhfuil ceann de dhíth orthu. Tá faillí eacnamaíochta á déanamh ar na ceantair Ghaeltacht den chuid is mó. Is existential threat don teanga iad na fadhbanna atá roimh na ceantair seo. Aithnímid go bhfuil cónaí ar chainteoirí Gaeilge i gcathracha agus fud fad na tíre ach ní mór aird ar leith a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta. Gan ceantair Ghaeltachta agus gan áiteanna ina n-úsáidtear an Ghaeilge mar chuid den saol laethúil, níl aon todhchaí ag an teanga. Ní hé ganntanas post an t-aon fhadhb. Fiú dá mbeadh poist ann do chainteoirí dúchais Gaeilge, an mbeadh siad in ann tithe a fháil? Tá géarchéim tithíochta na gceantar Gaeltachta ag cur todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo i mbaol. Nuair a d'fhéach mé an mhí seo caite, bhí deich dteach le fáil ar cíos i gConamara ar Daft.ie agus bhí 573 ar fáil ar Airbnb. Tá iallach á chur ar dhaoine óga imeacht. De réir the 1 million homes project, tá gá le 12,000 teach i gceantair Ghaeltachta. Sa chlár Rialtais, tá gealltanas go n-oibreofar le hÚdarás na Gaeltachta "chun a chinntiú go bhfuil dóthain seirbhísí tithíochta agus seirbhísí pobail ar fáil i bpobail Ghaeltachta." Faoi na dlíthe reatha, is féidir le hÚdarás na Gaeltachta infreastruchtúr a fhorbairt, dul i mbun forbairt eacnamaíochta agus seirbhísí a sholáthar thar ceann comhlachtaí Stáit eile sa Ghaeltacht. Roimh olltoghchán 2024, gheall na Daonlathaithe Sóisialta go gcruthófaí beartas náisiúnta do phleanáil tithíochta agus forbairt i gceantair Ghaeltachta agus cumhachtaí soiléire a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht. Tá aitheantas ón Roinn tithíochta ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis iarratas a dhéanamh ar airgead faoin scéim ready to build. Ansin, is féidir leis na seirbhísí riachtanacha a sholáthar ar thalamh atá ina sheilbh aige nó a cheannaíonn sé. Ansin, is féidir leis an údarás suímh a dhíol faoi théarmaí na scéime ready to build le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge ar mhian leo maireachtáil i gceantair Ghaeltachta. Tá na freagraí ar na fadhbanna ar eolas cheana féin. Ní cóir dúinn a thuilleadh ama a chur amú.
Jen Cummins (recorded as: Deputy Jen Cummins)
Tá áthas orm labhairt maidir le Seachtain na Gaeilge. Mar a dúirt mé anuraidh, táim fós gnóthach ag foghlaim agus ag súil le feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge féin. Ó ráitis na bliana seo caite, tá go leor plé déanta faoin nGaeilge, go háirithe le feachtas uachtaránachta Catherine Connolly. Léirigh an tUachtarán Connolly go bhfuil grá ag a lán daoine sa tír seo don teanga. Cosúil le go leor daoine eile, d'fhoghlaim an tUachtarán an teanga mar dhuine fásta. Spreag a feachtas go leor daoine chun an teanga a fhoghlaim arís. I am delighted to speak on Seachtain na Gaeilge. As I said last year, I am still busy learning and hoping to improve. Since last year's statements, there has been a lot of discussion about Irish, particularly since Catherine Connolly's presidential election campaign. President Connolly herself demonstrated the love of Irish that people have. She learned it as an adult, as so many people do now. Her campaign has really encouraged many people to learn Irish. Tá áthas orm plé a fheiceáil faoi na seancheisteanna atá roimh an nGaeltacht le blianta anuas. Tá níos mó daoine ag foghlaim na teanga. Feicimid níos mó éilimh ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí. Tá cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta ar an leibhéal is airde riamh. Mar sin féin, ní mór an soláthar oideachais reatha ag an tríú leibhéal. Níl ach líon an-bheag, 0.68%, de chúrsaí tríú leibhéal ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sprioc de 5% ag teastáil ó Chonradh na Gaeilge. Is líon an-bheag cúrsaí é sin. Go hidéalach, ba chóir go mbeadh múinteoirí i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí in ann céimeanna múinteoireachta a chríochnú i nGaeilge. Ar ndóigh, ba chóir go mbeadh go leor cúrsaí eile ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá spriocanna ann go mbeidh 20% de dhaoine a bheidh ag dul isteach sa Státseirbhís inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Ní cosúil go mbainfear é sin amach faoi láthair i bhfianaise an luais mhall atá ann faoi láthair. I am delighted to see discussions about issues facing the Irish language over the last year. More and more people are learning it. We see more demand for Gaelscoileanna and Gaelcholáistí. Irish-language courses are at an all-time high. However, we need to address the gap in educational provision. There is a small amount of provision at third level, with only 0.68% of courses currently available through the medium of Irish. Conradh na Gaeilge wants that target to be 5%, which is still a small amount, anyway. Ideally, teachers in our Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí should be able to do their teaching courses and training through the medium of Irish. One of the targets that has been set in the Civil Service is that 20% of new civil servants will be proficient in Irish by 2030. I am not sure that is achievable at this stage, given we are nowhere near that. Is mian liom gach rath a ghuí ar ár n-iarrthóir i bhfothoghchán na Gaillimhe Thiar ina feachtas. Rugadh Míde Nic Fhionnlaoich i gConamara agus is í an Ghaeilge a céad teanga. Tá sí eolach ar na saincheisteanna a bhíonn roimh dhuine i gceantar Gaeltachta agus, ar ndóigh, ar fud na Gaillimhe Thiar. I wish our candidate in the upcoming by-election in Galway West all the best. Míde grew up in the Gaeltacht. She knows all the issues facing the Gaeltacht areas as well as other issues in the area.
Albert Dolan (recorded as: Deputy Albert Dolan)
Is mór an onóir dom seasamh anseo sa Dáil inniu chun labhairt faoi ábhar atá an-ghar do mo chroí agus do chroí an náisiúin, is é sin, ár dteanga náisiúnta, an Ghaeilge. Agus muid i lár Sheachtain na Gaeilge, cuirfidh mé tús le mo chuid cainte trí comhghairdeas a dhéanamh le Conradh na Gaeilge agus le gach duine atá bainteach le heagrú na féile iontaí seo. Bliain i ndiaidh bliana, tugann sí spreagadh ollmhór dúinn ar fad. Ní sraith imeachtaí atá i Seachtain na Gaeilge amháin, áfach; is meabhrúchán í ar cé muid mar phobal agus ar ár stair, ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht. Deirtear, “Tír gan teanga, tír gan anam”. Tá an fhírinne sin le brath inár dtimpeallacht gach lá. Nuair a labhraíonn muid Gaeilge, tá muid ag coinneáil naisc beo lenár sinsear. Ag an am céanna, tá muid ag cruthú todhchaí nua do na glúnta atá le teacht. Is teanga bheo bhríomhar nua-aimseartha í an Ghaeilge. Caithfidh muid a bheith ionraic sa Seomra seo. Ní leor ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge ar feadh coicíse gach Mí an Mhárta agus dearmad a dhéanamh uirthi den chuid eile den bhliain. Mar reachtóirí agus mar Theachtaí Dála, tá dualgas ríthábhachtach orainn an teanga a chosaint, a chaomhnú agus a chothú i ngach gné den saol poiblí. Ní mór dúinn ceannaireacht a ghlacadh. Má theastaíonn uainn go mbeidh an pobal ag labhairt na Gaeilge, caithfidh muid í a labhairt agus a chur chun cinn anseo ar dtús. Ina theannta sin, caithfidh muid aird ar leith a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta. Tá na pobail sin faoi bhrú ollmhór. Tá géarghá tithíochta iontu a chuireann isteach go mór ar theaghlaigh óga atá ag iarraidh fanacht ina gceantair dhúchais agus a gcuid paistí a thógáil le Gaeilge. Muna gcosnaíonn muid na pobail seo, agus má ligeann muid do na Ghaeltachtaí titim as a gcéile, beidh buille marfach tugtha don teanga. Teastaíonn tacaíochtaí praiticiúla uathu, ní briathra beaga. Teastaíonn infheistíocht dháiríre i gcúrsaí oideachais agus fostaíochta ach, thar aon rud eile, i dtaobh na tithíochta. Ar ndóigh, tá ról lárnach ag an gcóras oideachais d’fhorbairt na teanga amach anseo. Feiceann muid an t-éileamh ollmhór atá ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na tíre. Teastaíonn ó thuismitheoirí go mbeidh Gaeilge ag a gcuid páistí. Caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil do scoileanna seo agus a dhóthain múinteoirí cáilithe chun freastal ar an éileamh seo. Caithfidh muid an grá don teanga a chothú sna daoine óga ionas nach ábhar scoile amháin a bheidh inti ach cuid lárnach dá ngnáthshaol sóisialta. Dá bhrí sin, agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, is mian liom teachtaireacht a chur amach chuig muintir na hÉireann ar fad. Ná bítear eaglach an teanga a úsáid. Mar a dúirt an seanfhocal, “Is fearr Gaeilge bhriste na Béarla cliste”. Más cúpla focal atá ag daoine, molaim dóibh iad a úsáid gan náire. Abairtear “Go raibh maith agat”, “Slán”, nó “Maidin mhaith” sa siopa, san ionad oibre nó ar an tsráid. Tosaíonn athrú mór náisiúnta le céimeanna beaga pearsanta. Déanaimis rún daingean inniu nach mbeidh an Ghaeilge ina maisiúchán do laethanta saoire náisiúnta ach ina teanga bheo inár dtithe, pobail agus i nDáil Éireann go háirithe. Bainimis sult as Seachtain na Gaeilge agus leanaimis ar aghaidh leis an obair thábhachtach seo don bhliain ar fad.
John Connolly (recorded as: Deputy John Connolly)
Cuirim fáilte roimh an díospóireacht agus deis seo chun ábhar na Gaeilge a phlé sa Seomra inniu. Tá téama sa díospóireacht go dtí seo – luaigh mo chomhghleacaí, an Teachta Dolan, é, arb as Gaillimh dó chomh maith – go bhfuil muid ag iarraidh daoine a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid. Is rud thar a bheith tábhachtach é sin. Mar a dúirt an tAire níos luaithe, tá Gaeilge ag chuile dhuine. Tá Gaeilge mhaith ag formhór an daonra. Léigh mé an nuacht a bhí in An Scéal inniu. Tagann eagrán amach chuile Mháirt. Rinneadh suirbhé ó Ghaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta agus fuarthas amach go bhfuil leibhéal éigin líofachta sa Ghaeilge ag 49% de dhaoine fásta sa Stát, idir labhairt, léamh agus tuiscint. Is í mo thuairim féin go bhfuil, ar a laghad, Gaeilge ag an méid sin daoine sa Stát, go háirithe ó thaobh na tuisceana de. Tuigeann an chuid is mó de dhaoine sa Stát Gaeilge nuair a chloiseann siad í. B’fhéidir nach bhfuil siad in ann í a labhairt, ach tá a fhios acu céard atá daoine á rá nuair a chloiseann siad Gaeilge. Is bac é ar gá dúinn dul i ngleic leis. Tá orainn troid in aghaidh an bhaic seo atá ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Mar atá molta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Dolan, molaim do dhaoine leas a bhaint as an gcoicís seo chun a gcuid Gaeilge a úsáid. Is maith an rud é go bhfuil muid á dhéanamh seo sa Seomra seo inniu. Chomh maith leis an staitistic sin, tháinig mé ar cheann eile sa daonáireamh reatha atá thar a bheith tábhachtach, is é sin go bhfuil meon dearfach ar leith ag daoine óga ar an nGaeilge. Is iontach an rud í an tóir atá ar an nGaeilge na laethanta seo. Ní raibh sé mar sin nuair a bhí mé níos óige. Dar leis an daonáireamh reatha, tá 67% de dhaoine óga, idir 16 agus 19, in ann Gaeilge a labhairt. Mar sin, tá an Ghaeilge ann. Is é an dúshlán atá romhainn ná daoine a spreagadh chun í a labhairt. Is mór an tionchar a bhí ag an ardú mór ar líon na nGaelscoileanna le blianta anuas ar an staitistic sin. Ní raibh sé mar sin nuair a bhí an cuid is mó dínn sa Dáil níos óige. Ní raibh an deis céanna againn freastal ar Ghaelscoil is atá ag daoine óga anois. Ní féidir agus ní ceart linn stopadh leis sin. Ba cheart dúinn líon na nGaelscoileanna sa tír a ardú. Ba cheart don Roinn oideachais struchtúr a leagan amach do scoileanna a bhíonn ag múineadh faoi láthair trí mheán an Bhéarla faoin chaoi ar féidir leo athrú go múineadh na Gaeilge. Chonaic muid i mBaile Átha Cliath anuraidh go raibh conspóid ann nuair a shocraigh meánscoil aistriú ó mhúineadh trí Bhéarla go múineadh trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an Roinn oideachais in ann cabhrú leo struchtúr a leagan amach cén chaoi gur féidir modh múinteoireachta a athrú ón mBéarla go dtí an Ghaeilge. Tá neart infheistíochta déanta ag an Stát i gcúrsaí pleanála teanga. Is ról tábhachtach é an t-oifigeach pleanála teanga don phobal ach is ról deacair é chomh maith. Feicim i mo cheantar féin go mbíonn athrú go rialta ar an duine atá sa ról. Ní raibh ach dhá oifigeach pleanála teanga sa ról ó thosaigh sé thart ar cúig nó sé bliana ó shin. Ba bhreá liom go mbeadh na hoifigigh sin fostaithe go lánaimseartha ag Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge nó b’fhéidir na húdaráis áitiúla. Ceann de na fadhbanna atá ann ná nach bhfuil na coinníollacha oibre chomh maith ag na hoifigigh pleanála teanga seo is atá ag duine éigin atá ag obair sa Státseirbhís. Ba cheart dúinn breathnú air sin. Ní fheicim cén fáth, agus muid ag tabhairt airgid do na coistí deonacha chun na hoifigigh pleanála teanga a íoc, nach féidir le heagraíochtaí Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge iad a fhostú go buan. Tá orm a bheith go hiomlán ionraic faoi rud amháin. Tá sách imní orm do thodhchaí na Gaeltachta. Tá sé feicthe againn go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine le Gaeilge - an chéad ghlúin i stair an Stáit - atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus is ábhar imní é sin. Níor mhaith liom smaoineamh go dtiocfadh an lá go mbeadh muid ag caint ar cheantair Ghaeltachta nach Gaeltacht iad. Tá an imní sin orm agus ba cheart dom é a chur os comhair an Aire.
Shane Moynihan (recorded as: Deputy Shane Moynihan)
Cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt i dtaobh na ráitis seo ar Sheachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire as ucht na hinfheistíochta agus na ceannródaíochta atá léirithe aige ó tháinig sé i mbun oifige mar Aire sinsearach Gaeltachta, rud a léiríonn domsa agus do mo chomhghleacaithe eile ar an taobh seo den Teach go bhfuil sé tábhachtach amach anseo go mbíonn an Ghaeltacht ina Aireacht shinsearach ag bord an Rialtais agus go ndéantar é sin a dhaingniú agus a dheimhniú as seo amach. Bhí mé ar cuairt ar an mBreatain Bheag le mo chomhghleacaithe ar an gcomhchoiste Gaeltachta agus Gaeilge cúpla seachtain ó shin agus muid ag féachaint ar an gcur chuige atá aici siúd i leith múineadh agus labhairt na Breatnaise agus an meon atá cruthaithe acu i measc an aosa óig agus sa náisiún ina iomláine i leith labhairt na Breatnaise. Ceann de na cuspóirí atá ag Rialtas na Breataine Bige ná 1 milliún cainteoirí Breatnaise a bheith ann faoin bhliain 2050. Tá sprioc den chineál céanna againn sa tír seo, is é sin go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag 20% den lucht oibre san earnáil phoiblí, agus tá dúshlán os ár gcomhair amach len é sin a bhaint amach. Ceapaim go léiríonn sé an t-athrú meoin atá anois ann i leith rialtais atá ag déanamh caomhnú ar theangacha dúchasacha go bhfuil siad ag cur na cuspóirí seo amach agus go bhfuil siad ag cur brú ar na háisíneachtaí agus ar na ranna rialtais freagra a thabhairt ar na cuspóirí sin agus iad a chur i gcrích. Rud amháin a sheas amach dom le linn dom a bheith sa Bhreatain Bheag, agus rud a gcaithimid smaoineamh air sa tír seo, ná an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas a cheiliúradh sa tír seo. Bímid ag labhairt go minic ar an maitheas a bhaineann le Gaeilge mar is teanga álainn agus ársa í, agus aontaím leis sin ar fad. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach dúinn ar fad go léirímid sa chóras oideachais, ag leibhéal an Rialtais, mar thuismitheoirí agus mar phobal go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an dátheangachas - a bheith in ann Gaeilge agus Béarla a labhairt agus go mbeadh an dá theanga sin ar ár dtoil againn. Roimh dom dul isteach sa pholaitíocht, d’oibrigh mé i gcomhlacht idirnáisiúnta, áit a raibh daoine ón tSualainn nó an Ísiltír agus bhí Béarla ar a dtoil acu. Ach nuair a chuaigh siad abhaile nó nuair a bhí siad ag meascadh lena gcairde, labhair siad Ollainnis, i gcás na n-Ísiltíreach; nó Sualainnis, i gcás na Sualannach. Léirigh sé sin dom nach bhfuil muid ag déanamh faillí ar theanga amháin ar mhaithe le teanga eile ach gur féidir ceiliúradh a dhéanamh ar an dá cheann, agus gur chóir é sin a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh sé sin mar bunchloch ag aon chur chuige atá againn mar Rialtas agus mar thír i dtaobh na Gaeilge. Tá sé tábhachtach freisin moladh a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta as ucht an ról eacnamaíochta atá á imirt aige. Is féidir linn breathnú ar na tionscnaimh ar fad atá meallta ag Údarás na Gaeltachta chuig na ceantair Ghaeltachta ar mhaithe le fostaíocht le hardscileanna a bhunú sna háiteanna sin agus an bunús sin a chur sna ceantair Ghaeltachta. Feictear dom go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna le caomhnú a dhéanamh ar an dteanga go bhfuil todhchaí eacnamaíoch ann do dhaoine atá ag iarraidh poist a bhaint amach anseo. Níl mé ag déanamh faillí nó neamhaird ar an mbrú atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta. Tá cúrsaí tithíochta agus an tábhacht a bhaineann leis na treoirlínte sin a chur amach pléite agam leis an Aire cheana féin. Is ábhar é a bhfuil eolas agam air mé féin. Ach caithfear moladh a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta as ucht na ceannródaíochta atá léirithe aige i leith an ról eacnamaíochta atá aige. Maidir le cúrsaí oideachais, tá dul chun cinn déanta agus obair le déanamh fós ó thaobh an oideachais trí Ghaeilge ag an dara leibhéal. Tá contaetha sa tír seo fós nach bhfuil Gaelcholáistí ar fáil iontu cé go bhfuil Gaelscoileanna sna contaetha sin. Ceapaim anois go bhfuil freagracht ar an Roinn oideachais tabhairt faoin ndúshlán sin agus freagra a thabhairt ar cén chaoi gur féidir linn níos mó Gaelcholáistí a chur ar fáil. Agus muid ag labhairt ar chúrsaí oideachais, caithfimid deireadh a chur leis an mbréag atá ag dul timpeall nach féidir oideachas speisialta a thabhairt do pháistí trí mheán na Gaeilge. Tá an taighde acadúil ar fad ag rá go bhfuil sé seo indéanta agus go bhfuil muid in ann déileáil agus freagra a thabhairt ar pháistí agus ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu trí mheán na Gaeilge. Tá sé léirithe ag Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí timpeall na tíre conas gur féidir é sin a dhéanamh. Tá go leor rudaí maithe á dhéanamh i leith na Gaeilge agus ba mhaith liom ag an bpointe seo tréaslú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus leis na húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath atá ag leanúint an clár Gaeilge365 a léiríonn cur chuige nuálaíoch faoi stiúir Daithí de Buitléir. Is é sin an bealach a dhéanfaimid normalú ar an dátheangachas agus ar labhairt na Gaeilge; is é sin go bhfuil daoine in ann saol a chaitheamh ach go dtarlaíonn sé gur trí mheán na Gaeilge atá sé.
Mairéad Farrell (recorded as: Deputy Mairéad Farrell)
Tá sé tábhachtach a rá gur mhaith an rud é go bhfuil daoine óga chomh tógtha leis an nGaeilge is atá faoi láthair. Feicimid go bhfuil gluaiseacht láidir ann le daoine óga a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. I ndáiríre, is na daoine óga atá ag cur brú orainn chun a chinntiú go bhfuil na seirbhísí agus chuile shórt ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, tá go leor rudaí cultúrtha ann atá ag brú an ghluaiseacht sin ar aghaidh cosúil le Kneecap agus a leithéidí ach tá sé sin ar fad ag teacht ó dhaoine óga iad féin. Mar is eol don Aire, is Teachta Dála mé do Ghaeltacht ollmhór agus láidir, Gaeltacht Chonamara, agus tá mé fíorbhródúil as sin. Ach feicim freisin na deacrachtaí atá ann do dhaoine atá ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht nó fanacht sa Ghaeltacht, agus iad siúd atá ag iarraidh a dteaghlaigh a thógáil sa Ghaeltacht. Chonaic muid é sin inniu agus agóid láidir de chuid BÁNÚ taobh amuigh den Teach seo. Is daoine iad atá ag lorg cearta dóibh féin agus dá mhuintir ionas go mbeadh deis acu fanacht sa Ghaeltacht agus go mbeadh an tithíocht ar fáil dóibh chun é sin a dhéanamh. Ní hamháin an tithíocht atá ag teastáil, áfach; tá an buninfreastruchtúr ina iomláine ag teastáil. Tá na seirbhísí ar fad ag teastáil sa Ghaeltacht ionas gur féidir le daoine fanacht sa Ghaeltacht. Muna bhfuilimid ag cur fócas ar an nGaeltacht agus má dhírímid ar an nGaeilge ina iomláine, tá baoil ann go dtréigfear an Ghaeltacht dá bharr. Sin an faitíos atá orm. Caithfear an dá rud a dhéanamh ag an am céanna. Má bhreathnaímid ar na deacrachtaí atá ann leis an mbuninfreastruchtúr, tá a fhios againn, mar shampla, go bhfuil fadhbanna againn le cúrsaí séarachais sa Ghaeltacht. Ní hamháin i nGaeltacht Chonamara atá sé seo fíor; tá an rud céanna i nGaeltacht Ghaoth Dobhair freisin. Is féidir linn breathnú ar na bóithre agus ar na céanna. Níl an infheistíocht sna bóithre. Is minic a thagann daoine chugam maidir le bóithre sa Ghaeltacht ag rá go bhfuil deacrachtaí le bóithre faoi leith. Nuair a théim chuig an gcomhairle contae, deirtear liom nach bhfuil an t-airgead ann. Teastaíonn an infheistíocht sin. Má bhreathnaímid ar sheirbhísí éagsúla cosúil le hionad sláinte cúraim phríomhúil, tá An Cheathrú Rua fós ag fanacht ar an gceann sin. Má bhreathnaímid ar Áras Mhic Dara, tá siad chun na poist a líonadh ach bhí moill fada air sin sa teach altranais ansin. Luaim teiripe urlabhra i Leitir Móir freisin. Caithfimid breathnú air sin agus ar na seirbhísí sin ar fad ina iomláine má táimid ag iarraidh déileáil leis an nGaeltacht.
Joe Neville (recorded as: Deputy Joe Neville)
Chuala mé an focal “faitíos” ón Teachta Farrell. D’úsáid sí an focal sin. Sin an focal a bhfuilim ag smaoineamh faoi anois agus mé ag caint as Gaeilge. My Irish would not be as good as many people’s Irish. I did not get the opportunity to go to the Gaelscoil in Leixlip growing up, but I did go to the Gaeltacht. I actually got to learn quite a bit of Irish afterwards. I try to use it when I can. I am going to speak about access to Irish-speaking schools in our area. Ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach. Mar a dúirt mé, ní raibh an seans agam dul go dtí Gaelscoil, agus fós is fadhb mhór í sin. Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht agus ansin bhí mé ag caint is ag caint, agus fós ceapaim go bhfuil sé tábhachtach a bheith ag caint as Gaeilge nuair atá an seans ann. Nuair atá mé ag éisteacht le daoine cosúil leis an Teachta Shane Moynihan, táim in ann Gaeilge iontach a chloisteáil. Ceapaim gur cóir go mbeadh an seans céanna ag gach duine agus gach páiste in Éirinn agus a fhaigheann go leor daoine i rith na tíre anois. Ceapaim go bhfuil Seachtain na Gaeilge an-tábhachtach ar fad. Is deis í le haghaidh daoine nach mbíonn ag úsáid Gaeilge. Le haghaidh cúpla seachtain, tá an seans acu an Ghaeilge a úsáid. Ceapaim go mbeidh an seans againn Seachtain na Gaeilge a athrú go dtí mí na Gaeilge. Ceapaim go mbeidh sé sin ag tarlú i gceann cúpla bliain. Molaim an obair atá déanta ag daoine sna Gaelscoileanna agus sna Gaelcholáistí inár bpobal. Tá siad ag tabhairt deis do na daoine óga atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht – cosúil liom nuair a bhí mé óg, cé nach raibh seans agam – an teanga a labhairt gach lá. Díreoidh mé ar cheist a bhaineann le hoideachas trí Ghaeilge. Más mian le tuismitheoirí nó páistí rochtain a fháil ar a gcuid oideachais trí Ghaeilge, ba chóir an deis sin a thabhairt dóibh. I mo Dháilcheantar, Cill Dara Thuaidh, tá fás daonra tagtha le blianta anuas. Mar thoradh air sin, tá éileamh níos airde ar áiteanna scoile feicthe againn. Tá tuismitheoirí ar mian leo a bpáistí a chur go Gaelscoil nó Gaelcholáiste, agus tá sé i bhfad níos deacra dul go Gaelcholáiste nó Gaelscoil, ach tá fós fadhb againn leis na Gaelscoileanna. Tá cúig Ghaelscoil agus dhá Ghaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh. Dúirt tuismitheoirí liom an tseachtain seo caite go bhfuil a páiste Uimh. 29 ar liosta amháin, agus Uimh. 15 ar liosta eile chun áit a fháil i nGaelscoil i Léim an Bhradáin agus Maigh Nuad. Níl sé sin ceart. Caithfimid níos mó ranganna Gaelscoile agus Gaelcholáiste a fháil. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an deis ag aon pháiste ar mian leis nó léi foghlaim trí Ghaeilge é sin a dhéanamh. Beidh a lán daoine ag rá an rud céanna, “Tír gan teanga, tír gan anam”. Tá seans againn é sin a athrú. Tá Wales agus áiteanna eile in ann an teanga a thabhairt ar ais, agus beimid in ann an rud céanna a dhéanamh, ach caithfidh sé tosú ar dtús sa chóras oideachais. Caithfimid seans ceart a thabhairt do gach duine atá ag iarraidh teacht go dtí Gaelscoileanna. Tá mé ag rá anois go gcaithfimid é sin a dhéanamh. An rud is tábhachtaí ná go mbeidh seans ag gach éinne an Ghaeilge a labhairt. Má tá an seans againn, caithfimid í a úsáid. Gabhaim buíochas le gach duine a d’éist liom. Níl mo Ghaeilge chomh maith le gach duine eile, ach fós tá mé ag cleachtadh. Sin cad atá mé ag rá. Caithfimid seans a thabhairt do gach duine atá ag iarraidh é sin a dhéanamh.
Dessie Ellis (recorded as: Deputy Dessie Ellis)
Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil Gaeilge ag fás agus ag scaipeadh i mo cheantar. Tá níos mó suime i bhfoghlaim na Gaeilge agus í a úsáid i rith an lae. Tá an-éileamh ann le haghaidh naíscoileanna agus bunscoileanna, agus liosta feithimh le haghaidh áiteanna sna scoileanna. Níl go leor meánscoileanna timpeall na háite. Níl ach scoil amháin dara leibhéal, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon. Is mór an trua é go bhfuil scoláirí ag fágáil bunscoileanna agus ag dul go dtí scoil Bhéarla toisc nach bhfuil meánscoil ar fáil chun leanúint leis an oideachas ina gceantar féin. San am a chuaigh thart, is mór an trua é go raibh an dearcadh ann go raibh an Ghaeilge ina bac ar dul chun cinn agus ar rathúnas. D’éirigh an dearcadh seo fite fuaite le a lán glúin de mhuintir na hÉireann, agus d’fhág sé gur diúltaíodh don teanga agus gur beag an toil a bhí uirthi. Tá athrú mór ann anois, agus aithníonn daoine go bhfuil saibhreas agus áilleacht inár dteanga. Caithfimid níos mó béime a chur ar labhairt na teanga. Muna bhfuil muid ábalta timpeallacht a chruthú chun Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh, tá sé simplí go leor dearmad a dhéanamh ar fiú an tuiscint is bunúsaí ar an teanga. Mar shampla, tá cloistear Gaeilge go minic i gCumann Báire Setanta i mBaile Munna. Freisin, tá an-bhéim ar rudaí Gaelacha - damhsa, ceol, amhráin agus araile, chomh maith le spórt - iománaíocht agus peil. Tá ceardlanna deisiúcháin acu le haghaidh earraí ar nós an chruit, an fheadóg, an maindilín agus araile. De ghnáth, bíonn an cumann seo plódaithe le daoine, óg agus aosta, agus atmaisféar den scoth ann. Tá dhá bhunscoil i mBaile Munna, Scoil an tSeachtar Laoch agus Gaelscoil Bhaile Munna. Tá seanscoil ann in aice le Scoil an tSeachtar Laoch, agus an scoil seo leathfholamh agus an CDETB á húsáid. Bheadh sé feiliúnach an scoil dara leibhéal a chur ann agus tá spás ann. Ba mhaith liom aonad Gaeltachta a chur ann idir Scoil an tSeachtar Laoch agus Cumann Báire Setanta. Tá Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas ag feitheamh ar scoil nua a thógáil in aice na scoile. Tá an scoil as dáta agus tá an iomarca le déanamh chun í a thabhairt suas go dtí caighdeán ceart. Tá sé thar am infheistíocht a chur sa scéim seo.
Paul Nicholas Gogarty (recorded as: Deputy Paul Nicholas Gogarty)
Ar dtús, tá sé soiléir go raibh imní mhór ag go leor daoine an bhliain seo caite nuair a chonaiceamar ciorruithe ar chiste teanga na Gaeilge. Go mórmhór, chuala mé Conradh na Gaeilge ag labhairt faoi seo. Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte bheag roimh an infheistíocht bhreise atá fógartha i mbuiséad 2026 do TG4, d'Údarás na Gaeltachta agus don phleanáil teanga ar fud na tíre. Is céim dhearfach í seo, ach caithfimid a bheith macánta freisin - níl an obair ach tosaithe. Tá géarchéim fós ann, go háirithe do phobail lasmuigh den Ghaeltacht. Tá na mílte cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann, lena n-áirítear Cluain Dolcáin, líonra Gaeilge i mo Dháilcheantar féin ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt in áit éigin gach lá. Is sampla eile é Leamhcán, áit ina bhfuil líon na gcainteoirí ag dul i méid. Fuair mé ríomhphost ó dhalta a théann go stí Coláiste Cois Life ag lorg freagra ar cad é an ardpholasaí atá againn faoin nGaeilge. Tá mé ag labhairt faoin ábhar sin anocht agus beidh mé ag teacht ar ais chuige freisin. Go minic, mothaíonn daoine sna háiteanna seo go ndéantar dearmad orthu. Is gá le hinfheistíocht spriocdhírithe i gcroí na bpobal seo chun spásanna sóisialta agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do dhaoine ar mian leo an teanga a úsáid gach lá; saghas campas Gaeilge i mo Dháilcheantar, mar shampla. Ní teanga i leabhar amháin í an Ghaeilge; is teanga bheo í. Is é sin an fáth nach mór dúinn díriú i bhfad níos mó ar an nGaeilge labhartha. Maidir leis an ardteistiméireacht, tá sé in am athrú bunúsach a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh an scrúdú béil i gcroílár an mheasúnaithe nó go mbeadh an Ghaeilge labhartha ar fáil mar ábhar ann féin. Má mhúinimid dár ndaoine óga conas an teanga a labhairt le muinín, mairfidh sí. Bheadh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge gach lá dá mbeadh an Ghaeilge labhartha mar ábhar sna scoileanna. Má fhanann sí mar ábhar acadúil ar pháipéar amháin, meathfaidh sí. Mar sin, cé go dtacaím leis an maoiniú nua, tá tuilleadh de dhíth. Teastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil tar éis seo i ngach sráid, i ngach club spóirt agus i ngach teach, is cuma más laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht iad. Beimid ag labhairt faoi thithe sa Ghaeltacht níos déanaí. Is ábhar eile é sin. Tá an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre. Níl sé just tábhachtach sa Ghaeltacht. Is féidir le daoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu, mar shampla, mé féin, í a labhairt.
Peadar Tóibín (recorded as: Deputy Peadar Tóibín)
I ndáiríre, níl scéal iontach ag titim amach sa tír seo mar gheall ar an nGaeilge. Tá sé ag éirí níos measa bliain i ndiaidh bliana mar gheall ar na príomhrudaí atá i gceist. Táim ag caint faoin líon daoine atá ag caint na Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht. I mo thuairim, is é sin an príomhchuspóir gur cheart a bheith ag aon rialtas. Tá líon na ndaoine atá ag caint na Gaeilge go laethúil ag titim bliain i ndiaidh bliana. Is í an Ghaeltacht an tobar atá ann. Nuair a bhíonn pobal Gaeltachta ann, bíonn an Ghaeilge níos doimhne agus níos saibhre. Ní hionann Gaeltacht agus líonra Gaeilge. Caithfimid díriú ar conas gur féidir linn cur leis an líon daoine atá ag caint Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht ar an gcéad dul síos. Mar gheall ar thithíocht, is ceann de na príomhfhadhbanna atá ann ná nach bhfuil go leor tithe sa Ghaeltacht le haghaidh daoine óga atá ag iarraidh clann a thógáil ann. Dúirt mé é seo leis an Aire cúpla bliain ó shin. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag tógáil eastáit tithíochta sa Ghaeltacht. Tá go leor de na Gaeltachtaí - labhair mé faoi Ráth Chairn, An Spidéal, An Rinn agus Baile Bhuirne - in aice le bailte móra nó cathracha. Tá go leor daoine sna bailte móra agus cathracha sin ag iarraidh a gclanna a thógáil le Gaeilge. Ba mhaith leo dul amach go dtí an Ghaeltacht agus é sin a dhéanamh ach níl tithe le fáil dóibh. Tá seans ag an Aire eastáit tithíochta a thógáil iontu chun go mbeadh na tithe sin ar fáil. Chonaiceamar protests taobh amuigh de gheataí Theach Laighean inniu. Bhí daoine óga ón nGaeltacht agus ón bhfeachtas BÁNÚ ag iarraidh cur in iúl don Rialtas nach bhfuil sé féaráilte dóibh nach bhfuil siad in ann teach a fháil ina gceantair féin. Ní fheicim aon réiteach ar an scéal seo ag teacht ón Rialtas. Is é an dara rud chun cur leis an nGaeilge na Gaelscoileanna. Nuair a tháinig an tAire isteach sa Teach seo, bhí níos mó páistí ag freastal ar Ghaelscoileanna ná mar atá inniu. Tá an tAire 20 bliain anseo, an bhfuil? Tá sé beagnach 20 bliain anseo. Bhí níos mó páistí ag freastal ar Ghaelscoileanna 20 bliain ó shin ná mar atá inniu. Nach bhfuil sé seo dochreidte? Is é sin an tslí is éasca chun an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar ní bhíonn siad ag foghlaim na Gaeilge. Bíonn siad cosúil le sponge. Bíonn an teanga ag dul iontu gan aon strus ná aon fhadhb ar chor ar bith. Cén fáth go bhfuil cúlú ann mar gheall ar réiteach atá chomh héasca sin? Is é sin an dara rud. Muna bhfuil an Rialtas sásta cur leis an méid Gaelscoileanna atá ann, ní bheadh muid ag cur leis an líon daoine le Gaeilge líofa sa tír seo. Is é an chéad rud eile ná stádas. Muna bhfuil stádas cuí ag an nGaeilge sa tír seo, ní bheidh daoine ag tabhairt aird uirthi. Is é an t-aon dea-scéal atá ann mar gheall ar an nGaeilge anois ná na meáin shóisialta. Nuair a bhreathnaíonn tú ar Twitter, TikTok ná na meáin shóisialta eile, feiceann tú domhan saibhir nua láidir ann mar gheall ar an nGaeilge. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag cur leis an stádas. Chun é sin a dhéanamh, caithfear seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Má chuireann daoine glaoch ar sheirbhísí Stáit, de ghnáth ní bhíonn duine le Gaeilge ar an taobh eile den líne chun aon rud a fhreagairt. Caithfidh an Rialtas cur leis an stádas. Chun é sin a dhéanamh, caithfear infheistíocht a bheith ann. Mar gheall ar na pleananna, tá plean nua ann agus cuirim fáilte roimhe sin ach, i ndáiríre, theip ar an bplean deireanach. Níor chuir an Rialtas an plean deireanach i bhfeidhm ar chor ar bith. Ní fiú plean nua a bheith ann muna bhfuil an Rialtas chun é a chur i bhfeidhm i gceart. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an toil agus an t-airgead a bheith ann. Ní fheicim é sin. Más maith leis an Aire legacy ceart a fhágáil ina dhiaidh, ba chóir go ndéanfadh sé rud éigin mar gheall ar thithíocht sa Ghaeltacht agus rud mar gheall ar scoileanna lán Ghaeilge agus go gcuirfeadh sé leis an stádas.
Aindrias Moynihan (recorded as: Deputy Aindrias Moynihan)
Ar an gcéad dul síos, fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sa díospóireacht inniu. Ar ndóigh, tá riachtanais ag pobal na Gaelainne ar fud na bliana, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge. Táim chun é sin a bhrú chun cinn i gcónaí. Is maith an rud é go bhfuil deis againn labhairt inniu ach beimid ag brú chun cinn riachtanais phobal na Gaelainne ar fud na bliana chomh maith. Cloisimid i gcónaí go bhfuil dúshláin ann ó thaobh an líon daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil, agus is cinnte go bhfuil. Is maith an rud é go bhfuil an tAcht nua tógtha chun cinn ag an Rialtas deireanach chun a léiriú go mbeadh deiseanna fostaíochta sa Státchóras amach anseo. Tá brú ar chúrsaí Gaelainne. Tá rudaí dearfacha ar siúl chomh maith. Is minic nach gcloistear mar gheall ar na rudaí dearfacha. Tá fás ar chúrsaí teanga, go háirithe laistigh de na cathracha agus na bruachbhailte. Tá gá le hinfreastruchtúr chun tacú leis sin agus chun é a neartú. Táim ag caint faoi infreastruchtúr bunúsach cosúil le naíonraí agus scoileanna. I mo dhúthaigh féin, tá gá le scoil nua i gcomhair phobal Gaelainne Bhaile an Chollaigh, áit a bhfuil Gaelscoil an Chaisleáin, scoil nuabhunaithe, i bhfoirgneamh sealadach le roinnt blianta anuas. Tá suíomh ceannaithe chuige sin agus tá foireann dearaidh tosaithe ar an obair don Ghaelscoil agus don scoil dara leibhéal, Le Chéile Secondary School. Faraor, níl an togra ar liosta práinneach an Aire oideachais. Is mór an chailliúint é sin. Iarraim ar an Rialtas gach iarracht a dhéanamh chun an togra tábhachtach sin a thabhairt chun cinn ar son na teanga i measc phobal Bhaile an Chollaigh agus phobal lár Chorcaí. Dar ndóigh, bainfidh pobal Le Chéile Secondary School tairbhe as chomh maith. Is é an tithíocht an deacracht is mó ar fud na tíre ar fad. Tuigim go bhfuil sé mar an chloch is mó ar phaidrín an Rialtais. Feicimid é sin leis an líon tithe atá á dtógáil i mo dhúthaigh féin, in Áth an Chóiste, sa Chloch Dhubh agus i go leor áiteanna eile. Tá brú breise ann nuair a thagann tú chuig an nGaeltacht, áfach. Gan tithe sa Ghaeltacht, níl deis ag daoine an teanga a thabhairt chun cinn chuig an gcéad ghlúin eile. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tithíocht ann agus go mbeadh deis ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina ndúthaigh féin. Tá gá le tithe inacmhainne go háirithe. Inseoidh mé don Aire faoi na hiarrachtaí a bhfuil Comhairle Contae Chorcaí ag déanamh mar gheall ar thithe inacmhainne. Tá togra an-dearfach á chur chun cinn aige i nGaeltacht Mhúscraí faoi láthair. Sna míonna amach romhainn, beidh tithe inacmhainne á gcur ar fáil i gCluain Réidh i mBaile Mhic Íre. Is tithe iad seo a bheidh dírithe ar phobal na Gaelainne. Is rud an-dearfach é sin. Ní chloisimid rómhinic, nó riamh b'fhéidir, faoin dul chun cinn atá á dhéanamh. Nuair atá dul chun cinn á dhéanamh, tá sé fíorthábhachtach é a aithint. Beidh deis ag muintir na Gaelainne tithe inacmhainne a fháil ina ndúthaigh féin. Is féidir le Gaeilgeoirí ó fud na tíre iarratas a dhéanamh chomh maith. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an gcomhairle contae maidir leis an bplean forbartha don chontae chomh maith. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bplean sin faoi láthair. Dar ndóigh, ní hé Comhairle Contae Chorcaí an t-aon chomhairle contae atá ag déanamh athbhreithniú ar phlean forbartha faoi láthair. Tá deis sna contaetha éagsúla ina bhfuil Gaeltacht breis béime a chur ar riachtanais phobal na Gaelainne agus phobal na Gaeltachta laistigh de na pleananna forbartha sin. Táimid á bhrú chun cinn i gCorcaigh. Tá an deis chéanna ann sna contaetha eile chomh maith ag an tráth seo. Tá togra amháin eile gur mhaith liom díriú isteach air is ea Coláiste Íosagáin. Aithneoidh daoine ar fud na tíre an foirgneamh mór fada bán sin a fheiceann tú agus tú ag gabháil trí Bhaile Bhuirne idir Chill Airne agus Corcaigh. Bhí togra fadradharcach ar fad i gceist nuair a ceannaíodh é na blianta ó shin. Idir an dá linn, tá an-obair déanta ar an suíomh. Braitheann go leor daoine nach raibh aon rud ar siúl ann, ach tá páirc peile forbartha ann agus tá ceithre chomhlacht mór le rá ag cur táirgí bia ar fáil ar fud na tíre ar fad ón suíomh sin, a bhfuil 41 acra ann. Anois, le maoiniú ó Roinn an Aire agus ó Údarás na Gaeltachta, tá athchóiriú mór ar an bhfoirgneamh féin, an scoil, faoi lán seoil. Dar ndóigh, tá an chéad phas den obair seo ullamh faoin tráth seo agus an t-ionad fiontraíochta beagnach ullamh le bogadh isteach ann. Beimid ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh an oscailt oifigiúil ann. B'fhéidir nach bhfuil sé i bhfad uainn. Tá an-obair déanta ar an ionad fiontraíochta sin. Beidh deiseanna ann amach anseo chomh maith chun cúrsaí oideachais agus cultúrtha a fhorbairt sa dá sciathán faoi phas 2 agus faoi phas 3. Tá sé fíorthábhachtach a aithint go bhfuil an-obair ar siúl ann, chomh maith leis an obair atá déanta sa chúlra ag an údarás, na grúpaí éagsúla agus na hionadaithe pobail - m'athair féin, Dónal Ó Muimhneacháin, san áireamh - thar na blianta chun an togra sin a bhrú chun cinn. Táim cinnte go ndéanfaimid gach iarracht é a bhrú ar aghaidh. Luafaidh mé freisin na comhairleoirí contae sa dhúthaigh agus na baill den údarás. Mar fhocal scoir, tá na bóithre go hainnis tar éis na drochaimsire ar fad. Tá gá mór le hathchóiriú a dhéanamh orthu. Tá an chomhairle contae an-ghnóthach leis. An féidir leis an Aire tacú leis? Bhí scéim na mbóithre áise ann ar feadh roinnt blianta. Tuigim go bhfuil sé ar na bioráin ag an Aire é sin a thabhairt chun cinn am éigin. Iarraim air an scéim sin a bhrú chun cinn chomh luath agus is féidir. Is mór an chabhair do phobal na Gaeltachta a bheadh ann dá mbeadh caighdeán bóithre níos oiriúnaí acu. Is é sin an chéad phíosa bóthair a dtiomáineann tú air ar maidin agus an píosa deireanach a dtiomáineann tú air um thráthnóna nuair a bhíonn tú ag filleadh abhaile. Más féidir obair a dhéanamh ar an bpíosa sin, scéim na mbóithre áise, ba mhór an chabhair a bheadh ann.
Louise O'Reilly (recorded as: Deputy Louise O'Reilly)
Is breá liom Seachtain na Gaeilge. Is maith liom a bheith ag éisteacht le gach duine agus iad ag caint as Gaeilge. Tá Gaeilge álainn san Oireachtas seo. Níl a lán Gaeilge agam agus níl a lán confidence agam caint as Gaeilge ach is breá liom páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo inniu. Agus mé ag tabhairt faoin óráid seo a scríobh, thug mé faoi deara go mbeadh gá le téarmaíocht nár fhoghlaim mé ar scoil. Ionas go mbeadh ciall leis an méid a déarfainn, bhí orm téarmaí nua a fhoghlaim, téarmaí ar nós “díth ábhartha”, a bhaineann le daoine nach bhfuil in ann riachtanais bhunúsacha leithéidí bia, teas nó leigheas a cheannach. Is téarma é seo a bhaineann le duine amháin as gach cúigear in Éirinn inniu. Is téarma eile ná “bochtanas”. Tá a fhios againn go bhfuil páiste amháin as gach ceathrar ag fás aníos i mbaol na bochtaineachta nuair a chuirtear costas tithíochta san áireamh. Agus muid ag caint ar thithíocht, nach as faillí an Rialtais seo a d’fhás an téarma eile sin, "géarchéim na tithíochta"? Ní hionann an foclóir i seomra ranga Gaeilge inniu agus an ceann a bhí ann i mo lá féin. Agus muid ag plé ár dteanga dhúchais, tá an tábhacht chéanna ag na téarmaí seo do chainteoirí Gaeilge agus do chainteoirí Béarla, Rómáinise, Araibise nó aon teanga eile. Ní fiú an Ghaeilge gan a muintir. Caithfimid Éire Ghaelach a thógáil atá bunaithe ar cheartas agus ar chothromas.
Thomas Gould (recorded as: Deputy Thomas Gould)
Unfortunately, I stand up here today and I cannot give my speech as Gaeilge but thanks to Gaelscoil Pheig Sayers in Farranferris my two daughters can. A funny story; last Sunday I watched the Cork hurlers play Kilkenny on TG4. My wife and my daughter could understand it, but I was struggling to get bits of words. Is it not great that my wife and my two daughters have done something now that I cannot do? I am very proud of that. They brought the Irish language back to Assumption Road, where it always was. The problem is that it is one of the few DEIS Gaelscoileanna in the State. In 2022, after a long campaign, a design team was appointed. Here we are now in 2026 and they have heard nothing from the design team since 2025. The big issue for Gaelscoil Pheig Sayers is that in 2027 its lease with Farranferris will expire. Farranferris has already organised new tenants to come in. This is a real worry for the parents, the staff and the whole community. It has been a troid mhór to get us here and we cannot risk that now. I ask the Minister to instruct the Department to deal with them now. People think of the north side of Cork as a working-class area. We have Gaelchólaiste MacSuibhne and Gaelchólaiste Mhuire A.G sa Mhainistir Thuaidh. There are Gaelscoileanna in Glanmire, Ballincollig and Blarney. We want to promote the language, Minister.
Barry Heneghan (recorded as: Deputy Barry Heneghan)
Táim an-sásta a bheith ag caint i nGaeilge arís. Ar dtús, gabhaim buíochas le hAodhán Ó Deá, Julian de Spáinn agus Pádraig Mac Brádaigh as an obair ar fad atá déanta ag an triúr acu. Tá grúpa WhatsApp againn agus táim i gcónaí ag cur ceisteanna isteach ionas go mbeidh an ceart agam sna rudaí atá á rá agam. Bhí cúpla ceist agam don Aire cúpla seachtain ó shin. Táim lánsásta le Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde i mBaile Átha Cliath thuaidh. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh níos mó eolais ag teacht amach, ach táim lánsásta go bhfuil sé tar éis dul go tender. Bhí na daoine ag fanacht ar fhoirgneamh buan le 24 bliana. Bhí sé mar phríomhrud domsa agus mé ag rith sa toghchán. Bhí mé san audiovisual room inniu ag caint le go leor daoine. Bhí siad ag rá cúpla rud faoi cad is féidir linn a dhéanamh mar Theachtaí Dála. Is iad na príomhrudaí ná labhairt le Teachtaí Dála eile i nGaeilge; cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhrú chun cinn taobh istigh de na páirtithe polaitíochta nó go neamhspleách; tacaíocht a thabhairt don Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 agus leis an mBille maidir le cíos gearrthéarmach; agus ceisteanna Dála a bhaineann le tithíocht, pleanáil teanga agus Gaeloideachas a ardú. Tá sé sa chlár Rialtais go bhfuil muid dáiríre faoin Ghaeilge, faoin bhfráma tagartha comónta Eorpach, agus faoi go leor rudaí eile mar sin. D’fhreastail mé ar bunscoil agus meánscoil lán-Bhéarla ach d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ó mo dheirfiúr. Is file í. Tá mé iontach buíoch le Ciara Ní É as sin. Ní bheinn i mo Theachtaí Dála mura mbeadh Gaeilge agam. Tá mé ag iarraidh go mbeidh níos mó infheistíochta ann. Is gá dom mo buíochas a ghabháil leis an Aire as ucht an mhéid atá déanta aige go dtí seo ó thaobh na Gaeilge de. Bhí mé in éineacht leis i gcúpla cruinniú trasna na tíre. Labhair sé le gach duine. Is soiléir go bhfuil go leor rudaí eile le déanamh againn, áfach. Má tá muid i ndáiríre faoin Ghaeilge, caithfidh muid an t-airgead a chur isteach i ngach uile chaoi ar féidir linn.
Danny Healy-Rae (recorded as: Deputy Danny Healy-Rae)
I am sorry that I cannot speak Irish fluently like all of the others here who have done so this evening. I have to tell Deputy Gould that I too have two daughters who are fluent Irish speakers. One of them, Theresa, trained in Dingle, An Daingean. I want to thank the Gaeltacht communities that we have in Kerry - Baile na Sceilge, Uíbh Ráthaigh, Daingean Uí Chúis and all those areas. We are really proud of our Gaeltacht areas because we see how they have survived over the centuries and brought their language - our own language - forward and how they live for it every day. Everything they do is through Irish - add, subtract or whatever it is. They are very fluent. I cannot let this moment go without congratulating the two club teams that won the senior and intermediate all-Ireland football championships this year. We are very proud of them. They had a never-say-die attitude and there was no surrender as far as they were concerned. They were nearly gone two, three or four different times and they still came back. As Paul Geaney said in his winning speech, you can say so much more in one line of Irish than you can in English and express things so much better. The Irish language means so much to them in the Gaeltacht and they are so proud of it. It is their everyday language and their winning speeches in Irish were a joy to listen to. We are lucky in Kerry to have these Gaeltacht areas and the great men who play football for their clubs and for Kerry. Indeed, we all remember Páidí Ó Sé and the never-say-die attitude that he had. Our native language is something to be very proud of and we should encourage the use of it at every opportunity. We live beside Cúil Aodha, which bounds Kilgarvan at the top of Coom. At one time in the 1960s, we were supposed to be included in the Gaeltacht down as far as Morley's Bridge. It never happened and I am sorry about that. I am sorry that I did not give it enough time for the bit of time when I was at school. When I think of the people of Cúil Aodha, I commiserate with the O'Sullivan family. Their sister Nóirín Ó Dálaigh passed away recently. She was a proud Cúil Aodha woman and a Kilgarvan woman as well because their mother came from Kilgarvan. Everyone remembers Diarmuid O'Sullivan on Raidió na Gaeltachta. He was her brother as well. I am surrounded by Irish very close to me. I am very proud of all the people who speak Irish in our county as well.
Verona Murphy (recorded as: An Ceann Comhairle)
Iarraim ar an Aire clabhsúr a chur leis an díospóireacht. Tá deich nóiméad aige.
Dara Calleary (recorded as: Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht (Deputy Dara Calleary))
Déanaim comhghairdeas leis an gCeann Comhairle as a cuid Gaeilge. Tá sí ag éirí níos láidre. Ag cloisteáil na díospóireachta inniu, bhí sé suimiúil go raibh a lán daoine ag gabháil leithscéalta as a gcuid Gaeilge. Níl aon ghá leis sin. Is ceart go n-úsáideann muid í sa Teach seo agus sa Teach eile. Ba cheart go mbeadh muid in ann í a úsáid ar lá ar bith, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an dhá chlub Chumann Lúthchleas Gael, An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis, as na buanna a bhí acu. I congratulate An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis GAA clubs. I will be there on Thursday and Friday. Maybe I will pick up a few tips to bring back to Mayo on how to win an all-Ireland. Bhí sé iontach go raibh na captaein agus na buaiteoirí in ann óráidí a dhéanamh as Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh. As the Deputy said, the richness in that moment for two Gaeltacht clubs, after winning all-Ireland club championships, that their captains were able to address the crowd and give their congratulations as Gaeilge, was fantastic. That was very much the cream of their victories. I join with the Deputy in that regard. Ceapadh mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta mé ag tús na bliana seo caite. Is mé an chéad Aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le tamall de bhlianta anuas. Ó shin i leith, ceapaim go bhfuil obair shuntasach déanta agam agus ag an bhfoireann iontach atá agam sa Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus pobal na Gaeltachta a neartú agus a fhorbairt. Is é seo an chéad uair le blianta nach bhfuil Catherine Connolly anseo mar Theachta Dála. Gach lá dá raibh sí sa Teach seo, bhain sí úsáid as an nGaeilge. Gabhaim buíochas le hUachtarán na hÉireann, duine a bhfuil Gaeilge líofa aici, agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Is rud iontach é go bhfuil Uachtarán eile againn le Gaeilge, tar éis an iarUachtarán Michael D. Higgins. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach agam don chéad chúpla bliain eile. Táim cinnte dearfach go ndéanfaidh an obair seo difríocht mhór do phobal labhartha na Gaeilge agus don Ghaeltacht. Ní féidir na spriocanna seo a bhaint amach gan rannpháirtíocht ó réimse leathan daoine, grúpaí agus eagraíochtaí, lena n-airítear pobal na pleanála teanga, na Ranna Stáit, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, na ceanneagraíochtaí, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí Stáit trí chéile. Le breis agus bliain anuas, bhí mé gnóthach ag taisteal ar fud na tíre agus ag bualadh le pobal na teanga. Mar a dúirt mé, tabharfaidh mé cuairt ar Chontae Chiarraí ar an Déardaoin agus ar an Aoine. I mí Dheireadh Fómhair seo caite, ba mhór an onóir dom freastal ar an Oireachtas i mBéal Feirste, ócáid iontach inar léiríodh an chuid is fearr dár gcultúr. I mí an Mheithimh seo caite, bhí Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn i gContae na Mí. Ba rud speisialta é freastal ar an ócáid sin chun bualadh le daoine ó gach cearn den Ghaeltacht agus iad ag baint sult as na cluichí i dtimpeallacht nádúrtha teanga. Tá mé ag súil go mór le dul go Dún na nGall le haghaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta an samhradh seo. Níl gá le gníomh mór amháin chun an Ghaeilge a thabhairt beo don chéad ghlúin eile: teastaíonn éiceachóras teanga a fhorbairt agus a chothú chun é sin a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, ní mór dúinn seasamh siar agus breathnú ar an áit ina bhfuilimid anois i gcomparáid leis an áit ina raibh muid deich mbliana ó shin. Deich mbliana ó shín, ní raibh an próiseas pleanála teanga ach ina thús; ní raibh beagnach 80 duine breise ag obair go heisiach ar fhorbairt na teanga sa Ghaeltacht mar atá anois; ní raibh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ag feidhmiú mar chuid den phróiseas pleanála teanga; ní raibh Acht teanga nua againn agus spriocanna earcaíochta dúshlánacha san áireamh ann; ní raibh fógraí i nGaeilge le cloisteáil ná le feiceáil go fairsing ar an raidió, ar an teilifís agus sna meáin shóisialta agus na nuachtáin; ní raibh aon stáisiún teilifíse do dhaoine óga ann mar atá againn anois le Cúla4; ní raibh plean digiteach don Ghaeilge againn; agus ní raibh polasaí don oideachas Gaeltachta ann ná ceachtar den dá pholasaí nua a d’fhógair an Roinn Oideachais agus Óige ag deireadh 2025. Tuigim an frustrachas atá ann faoin pholasaí oideachais ach tá mé chun déileáil leis sin i gcomhpháirt leis an Roinn oideachais. Ina theannta sin, deich mbliana ó shin ní raibh stádas iomlán mar theanga oifigiúil oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach. Ní raibh Gréasán Gaeilge na Seirbhíse Poiblí ann ná infheistíocht cheart ag dul isteach i seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht, in Ealaín na Gaeltachta ná i seirbhísí óige sa Ghaeltacht. Ní raibh an plean náisiúnta ná plean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge againn ach an oiread. In 2026, beidh Údarás na Gaeltachta, le maoiniú mo Roinne, ag cur tús le dhá scéim nua - ceann amháin acu a neadóidh an phleanáil teanga isteach i gcliantchomhlachtaí na heagraíochta agus ceann eile a chuirfidh an phleanáil teanga chun cinn i measc lucht gnó na Gaeltachta. Maidir leis na healaíona Gaeilge, tá mo Roinn ag infheistiú i dtodhchaí láidir don Ghaeilge sna healaíona teangabhunaithe. Chuige sin, tá maoiniú €1.24 milliún ceadaithe agam don bhliain 2026 d’Ealaín na Gaeltachta do chlár forbartha ealaíon na heagraíochta sin sna ceantair Ghaeltachta. Tá comhaontú maoinithe €5 milliún curtha i bhfeidhm againn do Thaibhdhearc na Gaillimhe ó 2024 go 2027, agus dá bharr sin tá an Taibhdhearc ag feidhmiú anois le buiséad atá ag teacht lena stádas mar amharclann náisiúnta na Gaeilge agus cúig mhórléiriú drámaíochta ar an stáitse aici in aghaidh na bliana. Tá breis agus €4 milliún bronnta ag mo Roinn freisin ar Oireachtas na Gaeilge don tréimhse 2024 go 2027, agus muid ag dul ar ais go Ciarraí an fómhar seo chugainn. Tá féilte agus cláir ealaíon an Oireachtais ag cur ardáin thábhachtacha ar fáil d’ealaíontóirí agus do phobail ar fud na tíre. Beidh an fhéile náisiúnta drámaíochta ar siúl an mhí seo chugainn i gCathair na Mart. Beidh mé i láthair ag cuid den fhéile sin agus mé ag súil le toradh na hoibre sin a fheiceáil. Is cuid lárnach den éiceachóras teanga iad na gníomhaíochtaí éagsúla sin, a thacaíonn lenár n-iarrachtaí úsáid na teanga a fhorbairt agus atá ag teacht le múnla UNESCO ar a bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge bunaithe. Tá soiléir agus cinnte, agus tuigim go bhfuil dúshláin ag an teanga ach táimid ag leagan síos struchtúir, polasaithe agus reachtaíocht anois a sheasfaidh don 20 bliain atá amach romhainn agus a imreoidh tionchar dearfach ar bhonn córasach agus straitéiseach ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na hÉireann le himeacht aimsire. Tá neart rudaí spreagúla le bheith ag súil leo. Beidh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn sna sé mhí dheireanacha den bhliain seo. Táim i mbun oibre ag an leibhéal is airde den Rialtas, i gcomhar leis an Aire Stáit Thomas Byrne, ag cinntiú go mbeidh ról lárnach agus croíúil ag an teanga san obair sin. Tar éis dom an t-ardú is mó riamh a fháil d’earnáil na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mbuiséad 2026 - gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Chambers, as sin - beidh €160 milliún á infheistiú ag mo Roinn san earnáil i mbliana. Idir an infheistíocht seo, tionchar an phlean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a foilsíodh roinnt seachtainí ó shin agus tionchar na gcaighdeán teanga atá le tabhairt isteach i mbliana, táim muiníneach go gcuirfear borradh láidir faoi úsáid na teanga sa tréimhse atá amach romhainn. Tuigim an frustrachas atá ann faoi chúrsaí tithíochta. Beidh sé sin le plé i ndíospóireacht eile an oíche seo. Táimid ag obair mar Rialtas. Táim ag obair leis an Aire tithíochta faoin bhfadhb sin. Tá a lán dúshlán ann, ach tá deiseanna ann. Tá a lán rudaí maithe ag tarlú, agus tá an Rialtas seo dáiríre faoin nGaeilge. Sin an fáth a bhfuil Aire sinsearach ann. Sin an fáth a bhfuil an buiséad is mó againn agus níl ann ach tús. Ní raibh sé sin ach mo chéad bhuiséad mar Aire na Gaeltachta. Táim dáiríre le leanúint leis na buiséid eile agus leanúint leis an saghas infheistíochta sin.