← Back to debate record, 2026-03-26
2026-03-26
Mairéad Farrell
question
7. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an mbeidh ardú ar an bhfóirdheontas do theaghlaigh agus do choláistí cónaithe Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23101/26]
Mairéad Farrell
(recorded as: Deputy Mairéad Farrell)
Is í an cheist atá agam ar an Aire ná an mbeidh ardú ar an bhfóirdheontas do theaghlaigh agus coláistí cónaithe Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana. An mbeadh sé in ann ráiteas a dhéanamh ina thaobh?
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do fhoghlaimeoirí, idir scoláirí dara leibhéal, mic léinn tríú leibhéal agus daoine fásta ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, agus is í an scéim an príomhbhealach ina dtacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge. Is ar na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fail don chóras a bhíonn cúnamh na Roinne dírithe, mar is iad na teaghlaigh sin cnámh droma an chórais. Cuireann mo Roinn cúnamh suntasach ar fáil ar bhonn leanúnach faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus tá an tacaíocht seo á cur ar fáil le tamall de bhlianta anuas chun tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge. Tá ardú ceadaithe ar an bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta agus coláistí cónaithe a chuireann lóistín ar fáil le roinnt blianta anuas. Go deimhin, anuraidh cheadaigh mé an cheathrú ardú ó 2022 ar an bhfóirdheontas nuair a d'ardaigh mé an deontas aon-oíche do theaghlaigh ó €13 go €14.50, agus an deontas aon-oíche do bhrúnna agus coláistí cónaithe ó €9.50 go €10.50. Is ionann é seo ar fad agus ardú 45% ar an ráta fóirdheontais a íoctar le teaghlaigh agus méadú i gcomhthéacs na mbrúnna agus coláistí cónaithe ó 2022 i leith. Anuas air sin ar fad, tá ardú tagtha ar na tionscnaimh eile a cheadaítear faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, lena n-áirítear an scéim DEIS Gaeltachta. Cuireadh maoiniú €900,000 ar fáil don scéim DEIS Gaeltachta in 2025. Is ardú suntasach é seo ar an gciste DEIS Gaeltachta ó 2024, le leithdháileadh de €400,000. Tá ardú tagtha chomh maith ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi na beartais scéim Erasmus Gaeltachta. Leis na beartais seo, tá muid súil le gach cineál cabhrach a chur ar fáil do theaghlaigh sa Gaeltacht. Mar atá leagtha amach sa chlár Rialtais, leanfaidh mé ag tacú leis an earnáil seo le linn théarma an Rialtais. Mar is eol don Teachta, fuair mé an t-ardú is mó i mbuiséad Roinn na Gaeltachta sa bhuiséad is déanaí. Rachaidh an t-ardú sin i dtreo infheistíocht i scéimeanna cosúil leis an gceann seo.
Mairéad Farrell
(recorded as: Deputy Mairéad Farrell)
Níl a fhios agam an féidir i ndáiríre labhairt faoi ardú de 45% ó 2022 i leith nuair atá ardú de €1.50 i gceist ón mbliain seo caite go dtí an bhliain seo. Tá a fhios againn go bhfuil mná tí ag streachailt cheana féin agus go bhfuil éileamh ollmhór ar na coláistí samhraidh seo. Díoladh na spásanna sna coláistí samhraidh i dtréimhse de dhá nóiméad mar gheall go raibh an t-éileamh chomh mór sin. Muna bhfuil maoiniú ceart ann do mhná tí, ní bheimid in ann daoine a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Mar gheall air sin, ní bheimid in ann an t-éileamh sin a shásamh. Is é sin an rud atá i gceist leis seo. Ba chóir dúinn an maoiniú atá ag teastáil ó mhná tí a chur ar fáil. Tuigim nach bhfuil an tAire in ann na cinntí seo a dhéanamh go díreach agus go gcaithfidh sé an maoiniú sin a fháil ach, má táimid dáiríre faoin sprioc 20%, beidh ar na daoine sin dul chuig coláistí samhraidh. Beidh an t-éileamh ag éirí. Teastaíonn níos mó maoinithe anseo.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá sé soiléir ón ardú a bhí ann anuraidh go bhfuilimid dáiríre faoi seo. Táimid dáiríre faoin 29,000 scoláire agus beagnach 530 teaghlach Gaeilge a aithint. Táimid ag obair leis na mná tí agus leis na coláistí. Anuraidh, d'fhógair mé scéim aonuaire do theaghlaigh sheanbhunaithe chun tacú tuilleadh leis an gcostas chun troscán nua a cheannach. Is deontas suas le €2,000, nó 80% den chostas, a bhí i gceist leis sin. Fuair níos mó ná 200 teaghlach an tacaíocht seo. Is slí eile é sin ina bhfuilimid ag cuidiú. Táimid ag staidéar le haghaidh na bliana seo. Mar a dúirt an Teachta, tá suim mhór sna coláistí samhraidh. Táimid ag ceapadh go mbeidh 29,000 scoláire ag dul chucu i mbliana. Táimid ag staidéar é sin. Táimid ag obair le CONCOS. Tuigim go mór an brú costais atá orainn. Táim an-dírithe ar an taithí sin a chosaint. Is taithí an-tábhachtach é do scoláirí dul go dtí an Ghaeltacht agus a bheith ina gcónaí inti. Táim ag obair chun an taithí sin a chosaint agus a fhorbairt.
Mairéad Farrell
(recorded as: Deputy Mairéad Farrell)
Impím ar an Aire staidéar géar a dhéanamh ar an gceist seo. In iarthar na hÉireann, tá formhór na ndaoine ag brath ar ola. Tá a fhios againn cé chomh daor is atá ola anois mar gheall ar an gcogadh san Iaráin. Tá na praghsanna sin ag ardú agus tá sé sin ag cur tuilleadh brú ar mhná tí, a bhí ag rá cheana féin go raibh níos mó airgid ag teastáil. Chomh maith leis sin, tá orthu brath ar pheitreal agus ar dhíosal chun taisteal ó áit go háit, rud eile a chuireann brú ar mhná tí. Impím ar an Aire breathnú air seo go géar. Impím ar an Rialtas ar fad breathnú air seo. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire cé chomh tábhachtach is atá mná tí ach táim buartha nach bhfuil an tuiscint chéanna ag daoine eile ar bhord an Rialtais faoi cé chomh tábhachtach is atá sé na daoine seo agus an tslí bheatha seo a chosaint má táimid dáiríre faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht. Impím ar an Aire labhairt leis na daoine eile ar bhord an Rialtais ionas go dtuigfidh siad cé chomh tábhachtach is atá sé seo.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá tuiscint ag gach cuid den Rialtas ar cé chomh tábhachtach is atá an taithí seo agus cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeltacht. Tá an t-ádh linn go bhfuil an tAire caiteachais phoiblí ina iarAire Stáit sa Roinn seo. Tuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá sé. Bhí sé sin an-tábhachtach agus muid ag iarraidh buiséad na Roinne a ardú. Ní fiú ardú mór sa bhuiséad muna bhfuil sé á chaitheamh ar an nGaeltacht. Tá sé ar intinn agam é a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh, go háirithe sa saghas taithí is fearr, is é sin taithí shaoil sa Ghaeltacht le teaghlach Gaeltachta le haghaidh dhá nó trí seachtaine. Beidh mé ag obair le CONCOS ar an infheistíocht sin agus ar an scéim sin a chosaint.