← Back to debate record, 2026-05-07
2026-05-07
Aengus Ó Snodaigh
question
12. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Culture, Communications and Sport an bhfuil sé ar an eolas faoi gheo-bhlocáil a chuireann isteach ar chláracha Gaeilge ó chraoltóirí seirbhíse poiblí a bheith ar fáil don lucht féachana sna Sé Chontae, ar sheirbhís bheo agus ar sheinnteoirí ar líne araon, agus an bhfuil sé i gceist aige aon ghníomh a chur i gcrích chun a chinntiú go bhfuil fáil ag an lucht féachana fud fad na hÉireann ar ábhar sa teanga náisiúnta. [33400/26]
Aengus Ó Snodaigh
(recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Baineann an cheist seo leis an geo-bhlocáil atá á dhéanamh ar chláracha Gaeilge ó chraoltóirí seirbhíse poiblí nach bhfuil ar fáil don lucht féachana sna Sé Chontae de bharr an geo-bhlocáil atá á dhéanamh ar sheirbhísí beo agus ar sheinnteoirí ar líne araon. An bhfuil sé i gceist ag an Aire aon ghníomh a dhéanamh chun deireadh a chur leis an geo-bhlocáil sin ionas gur féidir le lucht féachana ar fud na hÉireann ábhair atá á chraoladh sa teanga náisiúnta a fháil?
Patrick O'Donovan
(recorded as: Deputy Patrick O'Donovan)
I measc na n-aidhmeanna atá ag RTÉ agus ag TG4 is ea go gcuirfeadh an dá chraoltóir seirbhíse poiblí a gcuid seirbhísí ar fáil, a mhéid agus is féidir é, don phobal uile ar oileán uile na hÉireann. Tá RTÉ agus TG4 araon ar fáil i dTuaisceart Eireann ar an ardán Freeview, chomh maith le hardáin síntiúis eile, ach is féidir bac a chur ar ábhair áirithe ar bhonn cearta. De réir mar a thuigim, nuair a cheannaíonn an dá stáisiún cearta ar ábhar craoltóireacht, ar nós imeachtaí spóirt, déanann siad iarracht cearta a cheannach ar bhonn oileán uile nuair is féidir. Ní bhíonn sé seo éasca i gcónaí. Is é an gnáthnós sa saol craoltóireachta ná cearta a dhíol ar bhonn críche. Mar sin is minic nach dtairgtear ábhar do RTÉ agus TG4, nó ní bhíonn siad in ann ábhar a fháil gur féidir a chraoladh i dTuaisceart Éireann nó áit eile taobh amuigh den Stát as Béarla nó as Gaeilge. Is minic a bhíonn cearta críche ar chláir, nó ar ábhair faoi leith, faighte cheana féin ag craoltóir sa Ríocht Aontaithe don dlínse sin ar fad. Cuireann sé seo cosc ar RTÉ agus TG4 iarracht a dhéanamh an t-ábhar sin a cheannach don oileán uile. I gcásanna áirithe, cé go bhféadfadh cearta uile-oileáin a bheith ag RTÉ nó TG4 maidir le craoladh líneach, tá cosc orthu ábhar a chraoladh ar sheirbhísí sruthú, mar a bhíonn acu ar na seinnteoirí, lasmuigh den Stát.
Aengus Ó Snodaigh
(recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Baineann an cheist seo le halt a bhí ar Journal.ie le déanaí. Is ceist í atá ardaithe agam agus ag daoine eile i dTithe an Oireachtais. Baineann sí le cláir do leanaí ar nós "Bluey" nó "Dora". Bíonn an clár “Dora” ar TG4 agus bíonn “Bluey” ar RTÉ. Tá geo-bhlocáil á dhéanamh. San alt céanna, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge: Tá sé scannalach, beagnach 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil RTÉ iad féin ag déanamh socruithe clár teilifíse a cheannach agus a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus ansin bac a chur...[orthu siúd] do phobal na Gaeilge atá lonnaithe sna sé chontae. Bhí leanaí Phádraig ag baint sult as "Bluey" trí Ghaeilge agus iad ar saoire I dTír Chonaill. Nuair a d'fhill siad abhaile, áfach, bhí "Bluey" imithe don seinnteoir. Tá muid anois tamall maith de bhlianta ó Chomhaontú Aoine an Chéasta inar glacadh leis go ndéanfaí cinntí le déanamh cinnte de nach mbeadh cosc nó baic maidir le cothú agus forbairt na teanga.
Patrick O'Donovan
(recorded as: Deputy Patrick O'Donovan)
Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an clár "Bluey", an leaid gorm sin as an Astráil, don lucht féachana Béarla agus Gaeilge araon. Tá an clár tábhachtach do na gasúir óga agus iad sa bhaile. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach do na gasúir, ach tá sé tábhachtach do na tuismitheoirí freisin. Is ceist thábhachtach í. Ní hamháin go mbaineann an cheist seo leis an gclár "Bluey" agus na cláir eile a chraoltar do na gasúir óga, ach baineann sí le stádas na teanga i dTuaisceart Éireann. Leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a thábhachtaí is atá an Ghaeilge. Mar is eol don Teachta, bhí mé i m'Aire Stáit a raibh freagrachtaí na Gaeltachta air. Bhí an-chuid fadhbanna ag an Rialtas anseo ag déileáil leis an bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann maidir le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar an gcead dul síos, is ceist í seo don Fheidhmeannas agus do Rialtas na Ríochta Aontaithe, ach tuigim cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo, ní hamháin don chlár "Bluey" ach do stádas na teanga i dTuaisceart Éireann freisin.
Aengus Ó Snodaigh
(recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Tuigim go dtuigeann an tAire an cheist. Ní bhím ag féachaint ar "Bluey" mórán ach nuair atá na garpháistí linn, bíonn siad á lorg i mBéarla, i nGaeilge nó i pé teanga ina gcraoltar é. Is breá leo "Bluey". Nuair a bhí m'iníon óg, is ar an chlár "Dora" a bhíodh sí ag féachaint. Nuair atá RTÉ agus TG4 ag ceannach cláir mar seo agus ag déanamh aistriúcháin orthu, má dhéanann siad iad féin é, tá sé tábhachtach go bhfuil na ceadúnais acu chun na cláir a chraoladh fud fad na hÉireann ina iomláine. D’fhoilsigh mé an Bille Craolacháin (Seirbhís Uile-Éireann) (Leasú), 2025 chun díriú isteach ar an gceist seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Rialtas ag díriú isteach air seo ionas gur féidir linn teacht timpeall ar an bhfadhb seo.
Patrick O'Donovan
(recorded as: Deputy Patrick O'Donovan)
B’fhéidir gur ceist í seo don Roinn gnóthaí eachtracha nó Roinn an Taoisigh mar tá sí an-tábhachtach. Mar atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, comhaontaíodh go mbeadh TG4 ar fáil chomh forleathan agus ab fhéidir ar fud Thuaisceart Éireann. Tá stádas TG4 agus stádas tábhachtach na Gaeilge leagtha amach cheana féin. Tá a fhios ag an Teachta na deacrachtaí a bhí agam maidir le Foras na Gaeilge nuair a bhí mé i m’Aire Stáit le freagrachtaí don Ghaeilge agus do na Gaeltachtaí. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé seo, ní hamháin do na gasúir ach freisin do stádas na Gaeilge. Le críoch a chur leis an ábhar seo, tá an Teachta ar nós "Bluey" ar maidin agus é ag caitheamh léine goirme, chomh maith le seaicéad gorm. Tá sé go hálainn an léine gorm a fheiceáil ar maidin.