← Back to debate record, 2026-05-21
2026-05-21
Conor D. McGuinness
question
90. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil comhaontú bainte amach aige féin agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an tráth a chríochnófar agus a fhoilseofar moltaí an Rialtais maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta, chomh maith leis an ráiteas pleanála Gaeltachta; agus cén obair atá déanta go dtí seo ag a Roinn maidir leis na moltaí sin. [38292/26]
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Cuirfidh mé ceist ar an Aire faoi mholtaí an Rialtais maidir le tithíocht sa Ghaeltacht agus faoin ráiteas nó straitéis pleanála Gaeltachta atá geallta le fada. Tá géarchéim thithíochta ag brú daoine óga agus teaghlaigh óga amach ó mo cheantar féin. Gan tithíocht, ní bheidh pobal inmharthana againn. Gan pobal inmharthana, ní bheidh todhchaí ag an nGaeilge mar theanga bheo phobail. Cathain go díreach a fhoilseofar na moltaí agus an ráiteas pleanála?
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Mar is eol don Teachta, is fiú a thabhairt faoi deara go dtiteann an fhreagracht maidir le cúrsaí tithíochta ar bhonn ginearálta ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Agus é sin ráite, tá soláthar tithíochta dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach dom go pearsanta agus do mo Roinn. Go deimhin, tá tithíocht riachtanach chun an teanga, seirbhísí, fostaíocht, fiontraíocht agus deiseanna eile sa Ghaeltacht a fhorbairt. Agus é sin san áireamh, tá céimeanna tacaíochta á dtógáil chun na críche seo. Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 le tógáil ag Céim na Tuarascála an tseachtain seo chugainn. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht, déanfar leasú sa Bhille ar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta, nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcuspóir céanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta James Browne, ag obair go dlúth lena chéile ar an gceist seo lenár n-oifigigh, a bhfuil obair shuntasach déanta acu ar fhorbairt ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht. Sa phlean tithíochta a foilsíodh le déanaí, Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, gealltar an ráiteas náisiúnta pleanála a fhoilsiú agus moltar scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta le hUisce Éireann agus údaráis áitiúla chun tacú le tithíocht a thógáil do phobail labhartha na Gaeilge. Reáchtáil mé cruinniú le gairid idir Údarás na Gaeltachta agus Uisce Éireann chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn gan dua maidir leis an fhéidearthacht seo a scrúdú. Bunaithe ar fhigiúirí ó na húdaráis áitiúla, ceadaíodh meán de 90% d'iarratais phleanála le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht in 2025, rud a léiríonn nach bhfuil fadhb ag daoine cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. Ina theannta sin, bronnadh os cionn €3 mhilliún ar iarratasóirí sa Ghaeltacht faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh le linn 2024 agus 2025.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil obair idir-rannach ar siúl agus is léir go bhfuil. Tá cúrsaí pleanála, údaráis áitiúla agus an Roinn tithíochta luaite aige. I dtaobh na fianaise ar an talamh, tá pobal na Gaeltachta tar éis fanacht rófhada cheana féin. Cé go raibh sé geallta arís ag deireadh na bliana seo caite sa phlean tithíochta, níl tásc ná tuairisc ar an straitéis nó ráiteas sin. Níl sé feicthe againn. Tugaim faoi deara nár thug an tAire aon dáta daingean dúinn faoina mbeidh sé foilsithe. Glacaim leis go mbaineann sé seo leis an Aire tithíochta chomh maith ach tá freagracht ar an Aire agus ar a Roinn as an gceist seo freisin. I dtaobh cúrsaí pleanála agus cead pleanála a fháil, tá an ceart ag an Aire i slí amháin. Ní hé an fhadhb nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag tabhairt cead d'iarratais phleanála. Ní féidir le daoine áitiúla sna ceantair seo suímh a fháil ar phraghas inacmhainne. Is ceann de na fadhbanna é sin chomh maith. Caithfimid dul i ngleic leis an gceist iomlán seo, ag tabhairt san áireamh tithíocht shóisialta, na húdaráis áitiúla, an t-infreastruchtúr nó bonneagar, agus an córas pleanála.
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Mar a dúirt mé, tá mé féin agus an tAire, an Teachta Browne, ag obair go crua air seo. Nílim in ann dáta a thabhairt don Teachta ag an bpointe seo. Caithfidh mo Roinn agus an Roinn tithíochta teacht ar aontú faoin mbealach le dul. Tá sé tábhachtach go mbeidh scéim agus ráiteas pleanála againn a oibríonn ar an talamh. Tá a lán dúshlán ann. Caithfimid obair ar na dúshláin seo. Táimid ag obair air sin ach níl aontú ann go fóill idir mé féin agus an Aire, an Teachta Browne. Nuair atá an plean réidh, beimid in ann é a fhoilsiú. Tá an obair ar siúl. Bíonn cruinnithe ag na hoifigigh. Bhí cruinniú ag na hoifigigh sa dá Roinn an tseachtain seo caite. Táimid dírithe isteach air ach ní bheidh sé éasca. Tá sé sin an-tábhachtach le rá. Tá dúshláin againn freisin le hUisce Éireann. Táimid ag obair ar na dúshláin sin chun go mbeidh talamh seirbhísithe ó thaobh uisce agus séarachais. Is ceann de na dúshláin eile atá againn é sin. Táimid ag obair le hÚdarás na Gaeltachta chun a chuid talún a cheangal le córas Uisce Éireann chun go mbeidh deiseanna ansin.
Conor D. McGuinness
(recorded as: Deputy Conor D. McGuinness)
Is cúis le frustrachas sna pobail Ghaeltachta seo an mhoill ar an straitéis nó an ráiteas, mar a dtugtar air anois. Ba cheart go mbeidh roinnt mhaith oibre déanta idir an dá Roinn le blianta anuas mar bhí sé seo geallta blianta ó shin. Athghealladh é anuraidh. Tá an tAire ag rá nach bhfuil sé éasca agus tuigim é sin ach cad iad na pointí easaontaithe? Muna bhfuil sé aontaithe idir an Aire agus an Aire tithíochta, cad iad na pointí nach raibh siad in ann aontú orthu go fóill? Cad iad na coimhlintí atá ann idir an dá Roinn? Cad atá ag cur bac nó srian ar an straitéis a bheith foilsithe? Tá dhá Ranna Rialtais anseo. Tá na blianta caite air seo. Glacaim leis nach bhfuil rudaí den saghas seo éasca ach it is not beyond the realms of human endeavour é seo a chur i gcrích leis na hacmhainní atá ag an dá Roinn agus na hacmhainní ama atá caite air seo go fóillín. Cad iad na pointí easaontais idir an Aire agus an Aire tithíochta?
Dara Calleary
(recorded as: Deputy Dara Calleary)
Níl mé chun iad seo a leagan amach ar urlár na Dála. Táimid ag obair air. Tuigeann an tAire, an Teachta Browne, agus mé féin cé chomh tábhachtach is atá an ráiteas seo chun díriú ar an nGaeltacht agus go háirithe ar na daoine óga atá ag iarraidh tithe a chruthú inti. Táimid ag obair ar gach ceann de na dúshláin atá ann. Tá a lán oibre ar siúl ar a lán dúshlán sa Roinn. Tá na hoifigigh sa Roinn tithíochta atá ag obair liom ag obair ar roinnt de na dúshláin eile. Táimid ag obair ar chúrsaí taobh amuigh den ráiteas freisin. Mar a dúirt mé, tá san áireamh ansin soláthar séarachais agus uisce. Táimid ag obair le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil a bhfuil freagracht as pleanáil sna Gaeltachtaí orthu. Tá a lán píosaí ag baint leis an dúshlán nó jigsaw seo. Táimid ag obair air. Creidim go n-aontaíonn an Teachta liom gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh ráiteas pleanála againn a oibríonn agus a thugann deis do dhaoine tithe a chruthú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh siad in ann íoc as na tithe sin agus go mbeidh siad affordable. Táimid dírithe air seo agus ar thithe sóisialta freisin.