← Back to debate record, 2026-05-21

2026-05-21

Aengus Ó Snodaigh question
87. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cad é an dáta faoina ndéanfar na seirbhísí go léir a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht a sholáthar trí mheán na Gaeilge. [38272/26]
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Fiafraím den Aire faoin uair a bheidh na seirbhísí ar fad de chuid an Stáit, nó roinnt acu fiú, ar fáil go huile is go hiomlán trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist seo a ardú. Baineann an cheist seo le halt 18E(b) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla a cheanglaíonn ar an Aire, le hordú, an dáta nó na dátaí a shonrú faoina gcuirfear gach seirbhís a sholáthraíonn comhlacht poiblí i limistéar pleanála teanga Gaeltachta, nó don limistéar sin, ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar atá luaite agam cheana maidir leis an gceist seo, is beart suntasach agus fairsing é, a bhfuil go leor le cur sa mheá faoi. Dá bhrí sin, tugadh faoi chomhairliúchán cuimsitheach agus fiúntach leis na comhlachtaí poiblí ábhartha chun na críche seo tríd an taighde don phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge, agus arís i ndiaidh fhoilsiú an phlean náisiúnta céanna. Bhí na próisis úd an-tábhachtach ar mhaithe leis an leibhéal is airde tuisceana agus feasachta maidir leis an bhforáil a chothú i measc na gcomhlachtaí poiblí, go háirithe dóibh siúd a bhfuil an leibhéal is airde idirghníomhaíochta acu leis an bpobal. Is fiú a aithint freisin nach beart iomlán neamhspleách é seo atá le feidhmiú i bhfolús. Tá sé mar chuid den éiceachóras foriomlán a bhfuiltear ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht. Chuige sin, beifear ag tacú lena cur i bhfeidhm tríd an obair atá ar bun faoin phlean náisiúnta agus, go deimhin, an plean gníomhaíochta trí bliana a foilsíodh níos luaithe i mbliana, mar aon leis na caighdeáin teanga agus forálacha eile an Achta i gcoitinne. Táim muiníneach, mar thoradh ar an gcomhairliúchán breise seo agus ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn idir an dá linn trí fhorbairt na struchtúr seo, go gcuirfear na tacaíochtaí cuí ar fáil do chomhlachtaí poiblí chun tabhairt faoi aon athruithe is gá sa spás seo. Bunaithe air seo, beidh mé ag leagan síos dáta nó dátaí réalaíocha agus insroichte a chothóidh muinín phobal na Gaeltachta in úsáid na seirbhísí poiblí sin trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Glacaim leis an ndúshlán atá ann anois toisc gur theip ar an Stát le breis is 100 bliain na seirbhísí i gceantair Ghaeltachta a sholáthar don phobal. Níorbh fhéidir roimhe seo agus ní féidir le gnáthshaoránach a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga – b’fhéidir gurbh í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhí acu roimhe seo - a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, lena n-airítear comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit agus daoine a bhíonn ag obair thar ceann an Stáit. Tá 23 bliain imithe ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar dtús. Tá muid anois cúig bliana ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá muid anois ag fanacht leis na caighdeáin. Is é sin atá an tAire tar éis a rá. Tá an plean gníomhaíochta ann, ach níl aon spriocanna ann. Cén uair go díreach a bheidh pobal na Gaeltachta in ann na seirbhísí sin a fháil trí Ghaeilge?
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tuigim an mífhoighne ach ní mór na dúshláin a thuiscint freisin. Tá muid ag obair ar na dúshláin sin le cinntiú go mbeidh daoine in ann na seirbhísí a sholáthar, ní hamháin do mhuintir na Gaeltachta ach dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge freisin. Is gá go mbeidh taithí agus muinín ag na daoine a bhíonn ag obair sa Státseirbhís chun é sin a dhéanamh. Tá muid ag obair air sin. Agus mo hata eile orm mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá sé sin tábhachtach dúinn. Tá muid ag obair go mbeidh daoine sa Roinn sin in ann seirbhísí a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Léiríonn mo thaithí sa Roinn sin na dúshláin atá sa Roinn chun an tseirbhís seo a thabhairt amach. Tá muid ag obair air agus tá muid dírithe air. Tá sé tábhachtach freisin - tuigim go dtuigeann an Teachta é seo - go mbeidh seirbhís le daoine i gceist agus go mbeidh muinín ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge as an tseirbhís atá le teacht. Tá muid ag iarraidh go mbeidh muinín ag muintir na Gaeltachta go mbeidh an tseirbhís ag feidhmiú ag an gcaighdeán is airde. Tá muid ag obair ar na caighdeáin sin.
Aengus Ó Snodaigh (recorded as: Deputy Aengus Ó Snodaigh)
Glacaim leis nach dtarlóidh sé seo thar oíche, ach níl athrú thar oíche i gceist againn. Mar a dúirt mé, bunaíodh an Stát breis is 100 bliain ó shín. Tógadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach ar dtús 23 bliain ó shín. Leis an Acht sin, cuireadh scéimeanna ar bun i ngach uile chuid den Státchóras chun cuidiú linn na seirbhísí sin a chur ar fáil, ní hamháin do phobal na Gaeltachta ach don phobal i gcoitinne. Is é an dúshlán ná conas is féidir, ar a laghad, na seirbhísí a sholáthar dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá aitheanta gurb í an Ghaeilge príomhtheanga an cheantair sin, áit ar mian linn an Ghaeilge a chaomhnú. Ina dhiaidh sin, ba chóir na seirbhísí a leathnú amach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith céanna. Tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 isteach ina dhiaidh sin. Dúradh linn go mbeadh na caighdeáin ar fáil laistigh de mhíonna tar éis don reachtaíocht sin a bheith foilsithe. Níl siad sin le feiceáil go fóill. Tá plean gníomhaíochta ann ach níl aon spriocdhátaí ann. Tá fadhb bhunúsach ansin. Cén uair a fhoilseofar na caighdeáin? Ar a laghad, tabharfaidh sé sin treoir nó sprioc dúinn.
Dara Calleary (recorded as: Deputy Dara Calleary)
Tá muid ag obair ar na caighdeáin sin. Tá mé muiníneach go mbeidh muid in ann iad a fhoilsiú roimh i bhfad. Tá mé ag obair freisin leis na comhlachtaí poiblí chun go mbeidh tuiscint ag gach comhlacht ar na caighdeáin seo. Caithfidh siad iad a thuiscint agus a chinntiú go mbeidh na resources acu chun tabhairt faoi seo. Ní mór do na comhlachtaí sin freisin tuiscint a bheith acu ar cé chomh tábhachtach is atá sé seo do mhuintir na Gaeltachta agus don Rialtas araon. Mar Aire, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh na caighdeáin sin ard agus go dtuigeann na comhlachtaí poiblí agus eagrais Stáit go gcaithfidh siad é seo a dhéanamh agus go gcaithfear na resources a chur i bhfeidhm lena dhéanamh ar ardchaighdeán. Níl aon phointe caighdeáin a fhoilsiú agus a rá go bhfuil an tseirbhís ar fáil ach nuair a théann daoine chuig aon oifig Stáit, níl an tseirbhís sin ar fáil toisc easpa cainteoirí chun an tseirbhís a sholáthar. Tá sé tábhachtach dom, nuair a fhoilseofar gach rud, go mbeidh muid agus gach comhlacht ar an talamh réidh le dul.